Tacsaithe Aeir mar mhodh iompair uirbeach

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Tá go leor ullmhúcháin déanta chun go mbeidh tacsaithe aeir ina modh malartach iompair do shaoránaigh na hEorpa amach anseo. I staidéar cuimsitheach ar an tSoghluaisteacht Aerthráchta Uirbigh (UAM) a rinneadh thar ceann EASA, léiríodh go soiléir an méid a cheapfadh saoránaigh na hEorpa a bheith ina bhealach chun cinn.

Níl anseo ach spléachadh ar roinnt de na huimhreacha ón tuarascáil chun é sin a léiriú:

Dearcadh dearfach i leith UAM Léiríonn 83 % dearcadh dearfach i leith na Soghluaisteachta Aerthráchta Uirbigh i gcoitinne. Deimhniú is ea an uimhir sin go bhfuil tacaíocht láidir ag an bpobal i gcoitinne i leith UAM agus i leith na soghluaisteachta aeir a ghabhann leis.
eVTOL Tá 49 % réidh chun triail a bhaint as tacsaí aeir. Bheadh beagnach leath de rannpháirtithe sa staidéar sásta triail a bhaint as. Mar sin, faomhadh foriomlán a bhí i dtorthaí an staidéir agus cúis mhaith mar sin do rialtóirí agus do mhonaróirí cur chuige. 
Níos lú astaíochtaí áitiúla Tá 51 % ag súil le laghdú ar thranglaim thráchta agus tá 48 % ag súil le laghdú ar astaíochtaí áitiúla.

Tacsaithe aeir – iompar paisinéirí

eVTOLAgus roinnt eitiltí tástála tacsaithe aeir á ndéanamh cheana féin i spéartha na hEorpa, tá an pobal ag ullmhú anois chun an tsoghluaisteacht aerthráchta uirbigh a chur i bhfeidhm trí aerárthaí oiriúnacha agus tríd an mbonneagar riachtanach ar an talamh a chur i bhfeidhm. Tugadh roinnt cásanna úsáide chun suntais sa staidéar UAM.  San alt seo, díreoimid ar chás úsáide ar leith – an tacsaí aeir.

San alt de chuid EASA Light dar teideal ‘Dearaí VTOL don tSoghluaisteacht Aerthráchta Uirbigh’, leagtar amach na sonraíochtaí deartha a bhfuiltear ag súil leo chomh fada is a bhaineann sé le haerárthaí atá in ann Éirí de Thalamh agus Tuirlingt go hIngearach (VTOL) a úsáidfear mar thacsaithe aeir le haghaidh iompar paisinéirí.

Ach tá gnéithe tábhachtacha eile ann maidir le hiompar paisinéirí, amhail ruthaig eitilte agus bealaí le haghaidh tacsaithe aeir.

Is éard a bheidh mar phríomhúsáid na dtacsaithe aeir, i dtosach báire ar aon chuma, paisinéir amháin nó níos mó a iompar in aerárthach ar a bhfuil píolóta ar bord.

Bainfidh tacsaithe aeir úsáid as spéartha uirbeacha agus cuirfear ar fáil mar sin rogha eile seachas an bonneagar bóthair agus iarnróid i gceantair a bhfuil daonra mór iontu atá plódaithe cheana féin. Is é an chéad chéim roinnt bealaí a chur i bhfeidhm idir moil mhóra iompair, mar shampla, idir príomhstáisiún iarnróid agus aerfort áitiúil. Ar thuras den sórt sin, leanfadh na tacsaithe aeir, ag an tosach agus go dtí go mbeidh dóthain taithí againn air, líonra réamhcheadaithe seasta d’aerchonairí eitilte.

Aerchonairí eitilte – sábháilteacht do dhaoine san aer agus ar an talamh

Aerchonairí Eitilte

Is ionann ‘Aerchonairí Eitilte’ agus lánaí sna spéartha uirbeacha a leanann tacsaithe aeir iad le haghaidh iompar paisinéirí.

Cuirtear aerchonairí eitilte ar bun chun sábháilteacht a áirithiú do thacsaithe aeir, dóibh siúd atá ar bord – cuir i gcás píolótaí agus paisinéirí – agus do dhaoine agus dá réadmhaoin ar an talamh araon.

Dearfar iad chun astaíochtaí timpeallachta amhail torann a choinneáil chomh híseal agus is féidir i gceantair a bhfuil daonra mór iontu agus iompar éifeachtúil á áirithiú san am céanna.

Is féidir le gnáth-aerchonairí eitilte a bheith thar limistéar uisce amhail abhainn, loch mór nó an fharraige. Déantar é sin chun an riosca do dhaoine agus do réadmhaoin ar an talamh a íoslaghdú. Ciallaíonn sé sin, áfach, gur gá trealamh breise sábháilteachta a iompar ar bord na dtacsaithe aeir agus gur gá an píolóta agus na paisinéirí a chur ar an eolas maidir le haon imeacht éigeandála a mbeadh tuirlingt éigeandála ar uisce i gceist leis.

Nascfaidh aerchonairí eitilte an áit imeachta le háit teacht isteach na dtacsaithe aeir. Tugtar ingearfoirt ar na háiteanna ar féidir le tacsaí aeir éirí de thalamh agus tuirlingt iontu.

Tugann an t-alt de chuid EASA Light maidir le hingearfoirt léargas ar mhoil nó ingearfoirt imeachta agus teacht isteach agus maidir leis an áit agus leis an gcaoi a bhféadfaí iad a chomhtháthú inár gcathracha.

Cé a tháirgfidh eitiltí tacsaithe aeir?

IngearfoirtD’fhéadfaí seirbhísí tacsaí aeir a thairiscint ar bhealach atá cosúil leis an mbealach a dtáirgtear gnáthsheirbhísí tacsaí faoi láthair. D’fhéadfadh monaróirí nó cuideachtaí beaga seirbhísí tacsaí aeir a thairiscint go díreach agus chuirfidís turais ghearra laistigh de thimpeallachtaí uirbeacha ar fáil.

Bhraithfeadh sé sin go léir ar na heitiltí a bheartófaí a thairiscint, ar an ruthag eitilte a ghlacfaidís, ar líon na ndaoine ar bord an aerárthaigh agus ar chumraíocht an tacsaí aeir.

Gan ach líon beag paisinéirí ar bord, mar aon le spás teoranta agus am eitilte sách gearr, ní bheadh seirbhísí traidisiúnta ar fáil ar bord – cuir i gcás deochanna, bia nó siopaí saor ó dhleacht inmharthana ná riachtanach ó thaobh na tráchtála de.

D’fhéadfadh aerlínte traidisiúnta seirbhísí gearra tacsaí aeir a thairiscint freisin mar naisc iompair leis an aerfort.

An scéal maidir le hoibríochtaí tacsaithe aeir i gcathracha a mhíniú

Tá moladh le haghaidh rialachán déanta ag EASA maidir le hoibriú tacsaithe aeir i gcathracha – an chéad togra cuimsitheach le haghaidh rialachán den sórt sin ar domhan. Saineofar sna rialacha nua maidir le hoibriú tacsaithe aeir agus aerárthaí VTOL a bheartaítear a úsáid le haghaidh seirbhísí leighis éigeandála.

Más mian leat tuilleadh sonraí a fháil, tá preasráiteas foilsithe ag EASA maidir leis: ‘Na chéad rialacha ar domhan maidir le tacsaithe aeir a oibriú i gcathracha’.

Bí ar an eolas agus fan cothrom le dáta – Lean EASA Light

Roinnfidh EASA an t-eolas is déanaí maidir le haerárthaigh VTOL, ingearfoirt agus forbairtí atá ábhartha do shaoránaigh agus do phaisinéirí araon. Féach ár n-ailt maidir le haerárthaí VTOL agus dróin i measc an-chuid eile ar EASA Light.

Cruthaigh cuntas agus lean sinn ar EASA Light chun fanacht cothrom le dáta