Dearaí VTOL don tSoghluaisteacht Aerthráchta Uirbigh

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Luath go leor beimid go léir in ann cineálacha nua aerárthaí a fheiceáil inár spéartha uirbeacha agus beidh aerárthaí faoi thiomáint leictreach atá in ann éirí agus tuirlingt go hingearach, nó VTOLanna mar a thugtar orthu, le feiceáil go minic chomh maith. Agus sábháilteacht agus folláine na saoránach i gcroílár obair EASA, ní mór gnéithe agus rialacha mar aon le treoirlínte speisialta agus sainoiriúnaithe dearaidh a bheith i bhfeidhm ag VTOLanna chun an tsábháilteacht san aer agus ar an talamh a áirithiú.

Tabharfaidh an t-alt seo aird ar phríomhghnéithe VTOL agus léireoidh sé an chaoi a ndearfar agus a mhúnlófar VTOLanna, na gnéithe sábháilteachta a bheidh i bhfeidhm acu agus na gnéithe ó thaobh an chomhshaoil de a chaithfear a choinneáil i gcuimhne.

Conas a thángamar chomh fada leis seo agus conas mar a d’ullmhaíomar dó!

Tá ullmhúchán ar bun ar feadh na mblianta i réimsí an taighde agus an deartha chun VTOLanna a chur ag eitlilt. Beidh tuilleadh comhairliúcháin le lucht an tionscail, le geallsealbhóirí eitlíochta agus, ar ndóigh, beidh comhphlé le saoránaigh an Aontais maidir leis sna blianta amach romhainn.

Tháinig saineolaithe ón taighde, ón saol acadúil, ó údaráis eitlíochta agus ón tionscal, chomh maith le daoine aonair leasmhara eile, le chéile go rialta chun plé a dhéanamh ar an mbealach is sábháilte, is iomchuí agus is inmharthana ó thaobh an chomhshaoil de agus chun na spéartha uirbeacha a oscailt le haghaidh iompair.

Rinne EASA staidéar ar Shoghluaisteacht Aerthráchta Uirbigh thar thréimhse sé mhí ó mhí na Samhna 2020 go dtí mí na Bealtaine 2021. Áiríodh ann taighde críochnúil, léirbhreithniú ar an litríocht atá ann cheana, anailís ar an margadh uirbeach, suirbhé cainníochtúil, suirbhé cáilíochtúil agus tástáil mhionsonraithe torainn. Chuathas i gcomhairle le thart ar 4 000 cónaitheoir as sé mhórchathair nó réigiún:

Ar bord an VTOL – sonraíochtaí i mbeagán focal

Beidh na sonraíochtaí agus an cur chuige chun VTOLanna a chur ag eitilt mionsonraithe agus díreoidh siad ar shábháilteacht agus ar inbhuanaitheacht VTOLanna i bhfianaise chineál na n-oibríochtaí agus an tionchair a bheidh ag VTOLanna ar shaoránaigh. Thugamar isteach roinnt de na sonraíochtaí sin inár n-alt ‘Éirí agus Tuirlingt Ingearach (VTOL)’.

Is iad seo a leanas na príomhphointí tagartha do na sonraíochtaí:

  • Tiomáint iomarcach agus córais iomarcacha, rud a chiallaíonn go bhfuil roinnt córas i bhfeidhm chun iontaofacht a mhéadú.
  • A bheith in ann tuirlingt nó éirí de thalamh go hingearach chun oibríochtaí nua i suíomhanna nó i dtimpeallachtaí uirbeacha gnóthacha a chumasú laistigh de spás teoranta
  • Córais agus struchtúir atá slán i gcás teipe chun an tsábháilteacht a mhéadú i gcás cliste.
  • Cinnteoidh sé sin gur féidir linn taithí a bhailiú le linn eitiltí ar a mbíonn píolóta ar bord ar dtús, sonraí a bhailiú freisin agus gur féidir linn ullmhú le haghaidh VTOLanna uathrialaitheacha nuair a bheidh taifead sábháilteachta seanbhunaithe againn.

Dearaí todhchaíocha agus sábháilte a théann i bhfeidhm ar ár spéartha uirbeacha

Bíonn tábhacht ar leith le cuma bhreá a bheith ar rud ach tá an tsábháilteacht mar bhonn taca le dearaí agus le sonraíochtaí agus cinneann sé sin an méid a bheidh inghlactha. Bíodh sin mar atá, bíonn dearadh agus sábháilteacht go maith taobh le chéile agus tá go leor smaointe maidir leis an dearadh ann a bheidh tarraingteach agus sábháilte ag an am céanna.

Tá VTOL ‘fíorúil’ dá chuid féin ag EASA – EU VTOL! Luaitear an EU VTOL in go leor dár n-ailt agus den eolas a chuirimid ar fáil ina dtugtar cur síos ar ghnéithe den dearadh agus ina dtugtar léargas ar riachtanais agus ar shonraíochtaí sábháilteachta.

Beidh líon mór cruthanna agus dearaí ann le haghaidh VTOLanna ach beidh roinnt gnéithe mar bhunriachtanais iontu. Mar sin, ní rud réadúil é EU VTOL, agus ní thógfar riamh é – ach creidimid go mbeadh sé in ann eitilt go hard!

Dearadh VTOL

Mótair agus rótair

Mótair agus rótairIs é líon na mótar agus na rótar an ghné a idirdhealaíonn VTOL ó héileacaptar (nó Rotorcraft, go ginearálta) ar féidir leis freisin éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach. 

Beidh líon níos mó de mhótair agus de rótair ag VTOLanna chun a bhfeidhmíocht a bharrfheabhsú agus chun iomarcaíocht a chur ar fáil le haghaidh sábháilteachta, rud a fhágann go mbíonn gá i gcónaí le tuilleadh mótar agus rótar ar bord a bhíonn ina gcúltaca i gcás éigeandálaí féideartha.

Cuireann líon breise de rótair sochar féideartha eile do roinnt dearaí mar is féidir leat tuilleadh rótar a chur ag oibriú ag luas rinn lainne níos ísle, rud lena gcumasaítear an t-ardú nó an sá céanna gan a thuilleadh torainn fhoriomláin a ghiniúint.

Is iondúil go ndáiltear na mótair agus na rótair éagsúla ar fud an VTOL ionas go gcuirtear ar ceal na fórsaí a d’fhéadfadh uainíocht cabhlach a chruthú. Mar thoradh air sin, ní bhíonn gá ag an gcuid is mó de VTOLanna le rótar eireabaill mar a bhíonn ag héileacaptair thraidisiúnta.

Compord agus sábháilteacht do phíolótaí agus do phaisinéirí

Cábán na bpaisinéiríCé go bhfuil sé i gceist ag VTOLanna a bheith go hiomlán neamhspleách ag pointe éigin amach anseo, beidh píolóta ar bord sna chéad VTOLanna a cheadóidh iompar paisinéirí de chineál éigin. A luaithe a bheidh taifid sábháilteachta le haghaidh na n-eitiltí sin ar fáil agus iad réidh le hanailís a dhéanamh orthu, is féidir díriú ar eitiltí nach mbíonn píolóta ar bord acu.

Breathnóimid faoi láthair ar VTOLanna a bhfuil cábáin paisinéirí acu atá roinnte ag píolóta agus ag paisinéirí araon.

Féach spléachadh ar roinnt de na gnéithe sin agus féach cad lena mbeidh sé cosúil agus tú ar bord VTOL.

Tá na rialacha teicniúla tosaigh maidir le VTOLanna beartaithe do naonúr paisinéirí agus do phíolóta amháin nó beirt díobh ar a mhéad. Níl an cábán brúchóirithe mar tarlaíonn formhór na n-eitiltí ag airde íseal go leor agus sa chás sin ní bhíonn gá le maisc ocsaigine.

Ní mór do phaisinéirí agus don phíolóta araon crios sábhála a chaitheamh agus ní mór dóibh é a chur orthu nuair is gá le haghaidh sábháilteachta. Ag brath ar an gconair eitilte, beidh seaicéid tarrthála, raftaí tarrthála agus trealamh sábháilteachta breise ar bord agus beidh sraitheanna breise de cheanglais deimhniúcháin le comhlíonadh ag an VTOL chomh maith.

ConairíBeidh ról tábhachtach ag conairí eitilte, ag próifílí éirí de thalamh agus tuirlingthe agus ag cuspóirí feidhmíochta maidir le sábháilteacht. 

Ceallraí a choinníonn ag eitilt sinn (tá slán le n-iomad)

Tá sé beartaithe ag anCeallraígcuid is mó de VTOLanna ceallraí a úsáid mar phríomhfhoinse chumhachta. Sonrófar le ceann de na riachtanais sábháilteachta go mbeidh níos mó ceallraí ná mar is gá ar bord VTOL chun a chinntiú go ráthaítear an soláthar cumhachta, fiú i gcás teipeanna. 

Ní bheidh sonraíochtaí teoranta d’aon chineál fuinnimh. Áiritheofar leis sin go seasfaidh sonraíochtaí, rialacha agus ceanglais an aimsir agus gur féidir iad a chur in oiriúint le bheith in ann cos a choinneáil leis na hathruithe teicneolaíochta a bheidh ann amach anseo.

Deanta d’ábhair atá éadrom ach do-bhriste

ÁbhairCaithfidh VTOLanna súil a choinneáil ar a meáchan! Tá sé ríthábhachtach úsáid a bhaint as ábhair atá éadrom agus buanfasach. 

Go ginearálta, tá roinnt tástálacha á ndéanamh ar ábhair a úsáidtear chun VTOLanna a tháirgeadh sular féidir úsáid a bhaint astu agus paisinéirí i gceist.

Go háirithe, ní mór dóibh a n-airíonna a choinneáil i gcoinne na ndálaí comhshaoil agus oibríochtúla a bhfuil deimhniúchán ag an VTOL ina leith.

Fuinneoga móra áille

FuinneogaBíonn fuinneoga cuidsúlach i gcás go leor de na dearaí VTOL atá feicthe againn go dtí seo. 

Ós rud é go gcaithfidh píolótaí a bheith ar an eolas faoi chonstaicí agus faoi oibreoirí eile aerspáis uirbigh le linn gach céim den eitilt, bíonn fuinneoga móra a chabhraíonn le scagthástáil amhairc riachtanach do phíolótaí agus do shábháilteacht paisinéirí mar sin.

Agus ar ndóigh, beidh paisinéirí in ann tuilleadh taitnimh a bhaint as a n-eitiltí agus limistéir uirbeacha a fheiceáil le súil eile.

Rialuithe eitilte le haghaidh VTOLanna rialaithe

Cé go bhfuil sé ar cheann de spriocanna an tionscail úsáid a bhaint as VTOLanna uathrialaitheacha amach anseo, beidh píolóta ar bord sna chéad VTOLanna chun é a chur ag eitilt agus chun sonraí a bhailiú ar oibríochtaí ar dtús. Cuirfidh sé sin ar ár gcumas a mheas go mbeidh sonraíochtaí sábháilte leordhóthanach, cuí agus éasca le húsáid.

Agus mótair agus rótair éagsúla i bhfeidhm iontu, bíonn gá le hardrialuithe eitilte; is é sin ríomhairí a chabhraíonn leis an bpíolóta na mótair a rialú. Leis sin cuirtear deis ar fáil freisin eitilt VTOL a éascú.

Bí ar an eolas agus fan cothrom le dáta – Lean EASA Light

Roinnfidh EASA an t-eolas is déanaí maidir le VTOLanna, ingearfoirt agus forbairtí atá ábhartha do shaoránaigh agus do phaisinéirí. Féach ár n-ailt maidir le VTOLanna, dróin agus réimsí eile ar EASA Light.

Cruthaigh cuntas agus lean sinn ar EASA Light chun fanacht cothrom le dáta!