Ingearfoirt sa Timpeallacht Uirbeach

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Tá an tSoghluaisteacht Aerthráchta Uirbigh ag teacht chun cinn go tapa agus tá roinnt smaointe feicthe againn go léir maidir leis an gcuma a d’fhéadfadh a bheith ar an iompar inár dtimpeallacht uirbeach amach anseo trí mheán múnlaí agus físeán.

Léiríodh go soiléir i staidéar EASA ar an tSoghluaisteacht Aerthráchta Uirbigh go bhfuil glacadh forleathan ag saoránaigh an Aontais le cásanna úsáide amhail tacsaithe aeir agus seachadtaí ar chúiseanna leighis, agus is é is dóichí gurb iad sin na chéad chásanna a chuirfear chun feidhme.

Mínítear inár n-alt ‘Eirí de Thalamh agus Tuirlingt Ingearach (VTOL)’ an coincheap d’aerárthaí a bheith ag éirí de thalamh agus ag tuirlingt inár gceantair uirbeacha. Ach cá háit go díreach a mbeidh aerárthaí VTOL agus aerárthaí eile ag éirí de thalamh agus ag tuirlingt?

Leagtar amach san alt seo roinnt smaointe agus prionsabail leathana mar aon le dearaí chun tú a chur ar an eolas faoi.

Ingearfoirt – moil le haghaidh aerárthaí VTOL amhail tacsaithe aeir agus dróin

Féach an cur síos teicniúil ar Ingearfort:

‘achar talún nó uisce nó struchtúir a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid le haghaidh éirí de thalamh agus tuirlingt aerárthaí VTOL.’

Ciallaíonn sé sin gur limistéir thiomnaithe iad ingearfoirt a chuireann ar fáil an bonneagar is gá le haghaidh aeriompar tráchtála sábháilte paisinéirí nó earraí a bhíonn á n-iompar ar aerárthaí VTOL. Chun acmhainneacht iomlán na Soghluaisteachta Aerthráchta Uirbigh a bhaint amach, ní mór d’ingearfoirt a bheith inrochtana go héasca le seirbhísí maithe nasctha iontu le sráideanna, le stáisiúin iarnróid agus le busanna, etc. Is féidir leo a bheith ar leibhéal na sráide nó ar bharr foirgneamh.

Ruthaig (conairí eitilte le linn éirí de thalamh agus tuirlingthe)

De réir a shainmhínithe, is féidir le haerárthach VTOL éirí de thalamh agus tuirlingt go hingearach, ach d’fhéadfadh an ghné ingearach de sin a bheith teoranta don chuid tosaigh den éirí de thalamh, agus an chuid eile den chonair eitilte a bheith níos éadoimhne a bheag nó a mhór.

Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, an chonair eitilte iomlán a leanann aerárthach VTOL í a chur san áireamh nó, lena a chur ar bhealach eile, ruthag na heitilte a chur san áireamh.

Ruthaig

Taispeántar san íomhá ar chlé ingearfort ar bharr dín ag a bhfuil ruthag glas ‘soiléir’, rud a chiallaíonn gur féidir le haerárthach VTOL éirí de thalamh ón ingearfort sin gan bhac. Ar thaobh na láimhe deise feictear ingearfort ag leibhéal na talún, rud a léiríonn nach mbeadh an t-aerárthach VTOL céanna in ann éirí de thalamh ann, mar go bhfuil a ruthag ró-éadomhain agus toisc go mbeadh bac air dá bharr. Ciallaíonn sé sin nach féidir le haerárthach le feidhmíocht níos ísle éirí de thalamh ón áit sin.

Soghluaisteacht Aerthráchta Uirbigh inoiriúnaithe

Is mian le EASA na ceanglais is leithne is féidir a leagan síos chun a áirithiú gur féidir an tSoghluaisteacht Aerthráchta Uirbigh a oiriúnú chun tacú le gach cineál suímh uirbigh agus gach cineál aerárthaí VTOL. Féach ar na trí phróifíl éirí de thalamh éagsúla.

ArdaitheÉirí de thalamh traidisiúnta ardaithe:
Éiríonn an t-aerárthach VTOL de thalamh ó phointe ardaithe i gcathair (e.g. díon foirgnimh aird) agus ar an gcaoi sin seachnaítear aon deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás cromadh féideartha sa ruthag de dheasca teipeanna áirithe.

 

TraidisiúntaGnáth-éirí de thalamh:
Sa chás seo éiríonn an t-aerárthach de thalamh i gceantar gan aon bhaic thart timpeall air. D’fhéadfadh rúidbhealach beag a bheith ag ingearfort chun tús rollta a chumasú, rud a ardaíonn an éifeachtúlacht ó thaobh fuinnimh de i gcás roinnt cineálacha aerárthach agus misean VTOL.
Arís eile, cuirtear san áireamh go bhféadfadh cromadh féideartha a bheith ann le linn an ruthaig, rud atá tábhachtach i gcás teipeanna áirithe.

 

IngearachÉirí de thalamh ingearach:
Deartar an phróifíl seo go sonrach le haghaidh éirí de thalamh ingearach i dtimpeallacht ina mbíonn an-chuid bac, is é sin le rá go mbíonn an chuid is mó de ruthag an aerárthaigh VTOL ingearach.
Bíonn roinnt mhaith teipeanna áirithe inláimhsithe faoi na cúinsí sin freisin.

Éirí de thalamh agus tuirlingt shábháilte a áirithiú

Seachas na próifílí éirí de thalamh thuas, tá dhá thacar cuspóirí eile ann tríd is tríd nach mór a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an suíomh, le cineál na n-ingearfort agus le ruthag na n-aerárthaí VTOL.

Cuspóirí sábháilteachta

  • Is féidir an t-aerárthach a dheimhniú in dhá chatagóir: Bunúsach nó Feabhsaithe.
  • Leagadh síos na cuspóirí sábháilteachta ab airde don chatagóir Feabhsaithe – cuspóirí a bhíonn de dhíth le haghaidh eitiltí i spéartha gnóthacha cathrach nó uirbeacha nó le haghaidh Aeriompar Tráchtála paisinéirí (Tacsaithe Aeir).
  • Tá cuspóirí sábháilteachta níos ísle i gceist leis an gcatagóir Bunúsach a bhraitheann ar líon na bpaisinéirí (0-1, 2-6 nó 7-9) a iompraítear in aerárthaí VTOL chun comhréireacht a chinntiú. Is féidir é a úsáid le haghaidh aeriompar neamhthráchtála paisinéirí lasmuigh de limistéir phlódaithe amhail faoin tuath.

Cuspóirí feidhmíochta

  • Leo sin déantar cur síos i gcás gach catagóire ar an gcumas nach mór a bheith ag aerárthach VTOL chun bheith in ann oibriú go sábháilte i gcás teagmhais amhail cliseadh innill.
     

Catagóir feabhsaithe

CSFL

I gcás aerárthach VTOL a bhaineann úsáid as an spéir uirbeach i limistéir phlódaithe ar nós cathracha, iarrtar go mbeadh an t-aerárthach VTOL oiriúnach chun ‘eitilt agus tuirlingt shábháilte leanúnach’ a dhéanamh toisc nach i gcónaí a d’fhéadfadh aerárthach VTOL tuirlingt láithreach i gcathair lasmuigh d’ingearfort.

Catagóir Bunúsach

CEL

Bíonn tuilleadh deiseanna ag aerárthaí VTOL a bhíonn ag eitilt i limistéir nach bhfuil plódaithe chun tuirlingt rialaithe éigeandála a dhéanamh. Is féidir tuirlingt lasmuigh d’ingearfort ach ní mór é a bheith rialaithe, mar an gcéanna leis an méid is féidir le héileacaptar nó le heitleán a bhaint amach i gcás caillteanas cumhachta.

Réiteach ar chruth tonnadóra ar éirí de thalamh agus tuirlingtí atá saor ó bhaic

TonnadóirLéiríonn sonraíochtaí teicniúla fréamhshamhlacha EASA, a foilsíodh ar an 24 Márta 2022, coincheap nuálach chun éirí de thalamh agus tuirlingtí saor ó bhaic a áirithiú.

Le limistéar ar chruth tonnadóra os cionn an ingearfoirt, ar a dtugtar “toirt aeir saor ó bhaic”, áirithítear gur féidir le haerárthaí VTOL éirí de thalamh agus tuirlingt le deighleog shuntasach ingearach agus, ar an gcaoi sin, gur féidir leo cloí le srianta ó thaobh an chomhshaoil agus an torainn de i dtimpeallacht uirbeach.

Físeán cuimsitheach míniúcháin atá teicniúil ach an-suimiúil

Mar chuid dár bpacáiste eolais don imeacht Rótair Eorpacha i mí na Samhna 2021, chuir Lionel Tauszig (Bainisteoir Sinsearach Deimhniúcháin Tionscadail le haghaidh aerárthaí VTOL agus eVTOL) cur i láthair físe an-chuimsitheach le chéile.

Clúdaítear san fhíseán an phríomhchuid den eolas a dhéantar a achoimriú san alt seo agus cuirtear ar fáil ann freisin eolas teicniúil mionsonraithe breise faoi ruthaig agus faoi ingearfoirt.

Video.

Féach ar an bhfíseán

Más mian leat breathnú ach ar na codanna de a mínítear san alt seo, tá naisc dhíreacha chuig na míreanna sin den fhíseán ag seo thíos: