Inbhuanaitheacht aerárthaigh a bhfuil a ré caite

An méid a tharlaíonn tar éis d’eitleáin a dturas deireanach a eitilt

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Maidir le hinbhuanaitheacht san eitlíocht, dírítear go mór ar chéim oibríochtúil eitleáin, is é sin, nuair a bhíonn an t‑eitleán ag eitilt agus ag tabhairt paisinéirí nó lasta chuig a gceann scríbe. Go deimhin, is ag an gcéim sin a mbíonn an tionchar is mó ar an gcomhshaol mar gheall ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus an torann a ghintear dá bharr. Bíonn tionchar ar an gcomhshaol ag na céimeanna táirgthe agus ré caite freisin, áfach – agus mar sin d’fhéadfaí feabhsuithe a eascairt as sin.   

Ós rud é gur réimse nach ndearnadh mionstaidéar air fós é céim ré caite aerárthaigh, bheartaigh EASA staidéar a dhéanamh ar an ábhar sin. Is é an toradh a bhí air sin an tuarascáil darb ainm Measúnú ar stádas inbhuanaitheachta comhshaoil i Réimse na Cothabhála agus an Eagrúcháin Táirgeachta Eitlíochta a foilsíodh in 2023.

Cén fáth agus cathain a chuirtear aerárthaí “ar scor” 

An chuid den aerárthach faoi dhíchóimeáil. (Envisa, 2022)
An chuid den aerárthach faoi dhíchóimeáil (Envisa, 2022)

Aistarraingítear aerárthaí as bheith á n‑oibriú as siocair dhá phríomhchúis: sábháilteacht nó cúiseanna eacnamaíocha. Is é meánaois scoir aerárthaigh ná 25 go 30 bliain i gcás aerárthaí paisinéirí agus 30 go 40 i gcás aerárthaí lasta. Caitear mar dhramhaíl le haerárthaí a luaithe a dhéantar cinneadh deiridh díchóimisiúnaithe agus nuair a ghearrtar an t‑aerárthach den chéad uair, rud a chiallaíonn nach n‑eitleoidh siad arís. 

Cuireadh 650 aerárthach tráchtála ar scor gach bliain le deich mbliana anuas ar an meán ar an scála domhanda agus táthar ag súil go rachaidh níos mó ná 30 % den fhlít reatha san Eoraip ar scor sna deich mbliana amach romhainn. Tá ról ar leith ag an leas is fearr is féidir a bhaint as aerárthach díchoimisiúnaithe san inbhuanaitheacht eitlíochta dá bhrí sin.

Tar éis a bheith curtha ar scor

Tar éis a ndíchoimisiúnaithe, déantar aerárthaí a dhíchóimeáil agus téann siad isteach sa ghnó dramhaíola, mar a thugtar air, ar próiseas é ina n‑ullmhaítear ábhair lena n‑athchúrsáil, lena n‑uaschúrsáil, lena n‑úsáid le haghaidh aisghabhála fuinnimh nó lena gcur chuig líonadh talún. 

Athúsáid san eitlíocht

Féadfar comhpháirteanna aerárthaigh atá fós inúsáidte a athúsáid mar pháirteanna breise d’aerárthaí eile, amhail innill, aonaid chumhachta chúnta, gléasanna tuirlingthe agus comhpháirteanna eile nach iad. Bíonn tionchar ag infhaighteacht na dtaifead páirteanna ar an athúsáid sin, rud a chinneann luach na páirte agus an fhéidearthacht í a athchorprú in earnáil an aeraspáis. Is gá ceadúnas bailí a fháil chun an trealamh agus na páirteanna sin a athúsáid.

Úsáid mhalartach in earnáil nach earnáil an aerthaistil í
Cuid de chábán aerárthaigh a théann faoi phróiseas lena hathúsáid mar oifig. (Envisa, 2022)
Cuid de chábán aerárthaigh a théann faoi phróiseas lena hathúsáid mar oifig (Envisa, 2022)

Tagraíonn úsáid mhalartach d’úsáidí chun críche atá éagsúil le bunchuspóir páirte áirithe. Agus comhpháirteanna agus ranna aerárthaigh á n‑úsáid go malartach, tugtar tosaíocht d’fhoirm agus d’fheidhm a chaomhnú agus, dá bhrí sin, don luach is airde a chaomhnú. Seo a leanas roinnt samplaí d’athúsáid mhalartach:

  • oiliúint agus oideachas;
  • scannánaíocht, agus léiriúcháin teilifíse;
  • troscán;
  • spásanna oifige;
  • earraí inbhailithe do dhíograiseoirí eitlíochta;
  • úsáid páirteanna i roinnt tionscal eile, mar shampla, úsáid lanna tuirbíní innill ar féidir a chomhtháthú i ngástuirbíní talamhbhunaithe.

Nuair nach féidir an fhoirm ná an fheidhm a choinneáil, dírítear ar na hairíonna ábhartha a chaomhnú. Seo a leanas samplaí d’airíonna ábhartha a choinneáil: 

  • uaschúrsáil alúmanaim agus tíotáiniam aerárthaigh;
  • uaschúrsáil rubair boinn;
  • amhábhair chriticiúla luachmhara a uaschúrsáil i scairdinnill.
Líonadh talún

Is éard is láithreán líonta talún ann láithreán chun ábhar dramhaíola a dhiúscairt. De réir ordlathas dramhaíola an Aontais Eorpaigh (AE), is é líonadh talún an rogha is neamhfhabhraí agus ba cheart é a theorannú don íosmhéid is gá. An dea-scéal: tá sé cruthaithe gur féidir le haerárthaí reatha a théann tríd an bpróiseas ré caite stádas líonta talún nialasaigh a bhaint amach.

Easpa treoirlínte sonracha maidir le céime ré caite aerárthaigh

Agus ré feithiclí bóthair amhail gluaisteáin nó trucailí caite, bíonn feidhm ag treoracha sonracha de chuid an Aontais maidir le bainistiú dramhaíola a bhaineann le feithiclí den sórt sin. Ní ann d’aon rialachán sonrach a bhaineann le haerárthaí.  Agus ré aerárthaigh caite, meastar gur cóimeáil píosaí dramhaíola é, agus dá bhrí sin, déanann an reachtaíocht ghinearálta ina ndírítear ar dhramhaíl difear dó, ag brath ar na hábhair a úsáidtear. Mar shampla, déanann rialacháin de chuid an Aontais a mbíonn tionchar acu ar Dhramhaíl Leictreach agus Leictreonach, Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht, Ceimiceáin, etc. difear do pháirteanna aerárthaigh chomh maith. Ina theannta sin, áirítear i gCreat-Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Dramhaíl gnéithe ginearálta den bhainistiú dramhaíola, amhail an prionsabal “costas an truaillithe ar an truaillitheoir” agus ord na réiteach dramhaíola – rudaí a dhéanann difear don bhainistiú dramhaíola san eitlíocht.

Éicidhearthóireacht: inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht trí dhearadh

Faoi láthair, níl aon cheanglais oifigiúil ar thionscal na heitlíochta táirgí nua a dhearadh agus aisghabháil ábhar nuair a chuirtear aerárthaí á mbriseadh á cur san áireamh. Is éard atá i gceist le héicidhearthóireacht cúrsaí comhshaoil a chomhtháthú ag gach céim de shaolré an táirge, lena n‑áirítear “dearadh le haghaidh díchoimisiúnaithe”.

  Tréithriú an gheilleagair chiorclaigh (Envisa, 2022)
ciorcal an gheilleagair chiorclaigh Deilbhín de dhearadh an táirge Dearadh táirgí
Deilbhín táirgeachta agus monaraíochta Táirgeadh agus monaraíocht
Deilbhín na céime úsáide Céim úsáide
Deilbhín bainistithe dramhaíola Bainistiú dramhaíola
Deilbhín eastósctha amhábhar Eastóscadh amhábhar
Deilbhín dramhaíola iarmharaíDramhaíl iarmharach

Agus prionsabail éicidhearthóireachta á gcur san áireamh, méadaítear inbhuanaitheacht thionscal na heitlíochta trí ábhair atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a úsáid agus trí dhíchóimeáil, trí athúsáid agus trí athchúrsáil ábhar agus páirteanna a dhéanamh níos fusa. Ba cheart ábhair arb iomaí na deacrachtaí a bhaineann lena n‑athchúrsáil a úsáid ní ba lú. 
  Clúdach an staidéir “Measúnú ar an stádas inbhuanaitheachta comhshaoil i Réimse na Cothabhála agus an Eagrúcháin Táirgeachta Eitlíochta”

Tuilleadh eolais

Féach an tuarascáil Measúnú ar stádas inbhuanaitheachta comhshaoil i Réimse na Cothabhála agus an Eagrúcháin Táirgeachta Eitlíochta (ar fáil i mBéarla amháin) chun tuilleadh sonraí a fháil ar an ábhar seo, chomh maith le roinnt moltaí atá dírithe ar réimse leathan páirtithe leasmhara.