I ndúlaíocht an gheimhridh, bítear ag súil le teochtaí faoi bhun an reophointe, le sneachta agus le hoighear – agus mar gheall ar na dálaí sin bíonn ar aerlínte agus ar aerfoirt dul i ngleic leo d’fhonn a áirithiú gurb í sábháilteacht paisinéirí a bpríomhthosaíocht i gcónaí. Ach cad a tharlaíonn faoi choim chun é sin a éascú? Agus dí-oighriú aerárthaí agus oiliúint speisialaithe foirne san áireamh, leanann aerlínte agus aerfoirt nósanna imeachta socraithe chun cosc a chur ar dhálaí a mbíonn tionchar acu ar shábháilteacht.
D’fhéadfadh dálaí geimhridh a bheith ina gcúis le hoighriú ag leibhéal na talún nó san aer, le sneachta, le flichshneachta, le báisteach reoite, le bogoighear, le criostail oighir agus mar sin de. D’fhéadfadh oighear a bheith sa réimse idir báisteach reoite agus foirmiú cuisne. Is dócha go mbíonn dálaí oighrithe ann nuair a bhíonn an teocht ag 10°C nó níos ísle in éineacht le taise sna scamaill. D’fhéadfadh oighear, bogoighear sneachta nó uisce bodhar a bheith ar rampaí, ar bhealaí innealta nó ar rúidbhealaí mar thoradh orthu.
Bíonn dhá phríomhdhúshlán maidir le hoibríochtaí geimhridh: an t-aerfort a choinneáil glan agus na haerárthaigh a choinneáil sábháilte le haghaidh eitilte. Tá sé tábhachtach aghaidh a thabhairt orthu sin d’fhonn sábháilteacht a áirithiú, d’fhonn cuidiú le suaitheadh a íoslaghdú, agus d’fhonn timpistí a chosc.
Dearadh aerárthaigh
Agus aerárthach á dhearadh, tugtar isteach gnéithe áirithe chun acmhainn i leith dálaí geimhridh a chur san áireamh. Mar shampla, bíonn dromchlaí míne ar aerárthaí a ndéantar a ‘dhí-oighriú’ trí chórais dí-oighrithe meicniúla nó téimh éagsúla a úsáid ionas nach féidir leis an oighear a mheádú. Cé gur féidir méadú oighir a shainaithint ó amharc, tá an chuid is mó d’aerárthaí nua-aimseartha feistithe le teicneolaíocht a bhraitheann oighear, a thugann rabhadh don fhoireann faoi dhálaí oighreata, agus a chosnaíonn dromchlaí nochta ar bhreisiú oighir. Bíonn níos mó ná meicníocht rabhaidh oighir agus dí-oighrithe amháin feistithe ar aerárthaí áirithe.
Ina theannta sin, fesitítear aerárthaí le córais Coscánaithe Fhrithsciorrach lena gcuirtear cosc ar na rothaí loiceadh ar rúidbhealaí sleamhna. Má thosaíonn roth ag sciorradh, braithfidh na braiteoirí é agus coigeartóidh siad an brú coscáin chun smacht a choinneáil agus chun tuirlingt agus inleadh ar an talamh sábháilte a áirithiú. Is féidir le coscáin charbóin cabhrú le tuirlingt réidh freisin toisc go mbíonn siad marthanach i ndálaí oighreata agus fliucha.
Oiliúint foirne
Ní féidir le haerárthach éirí de thalamh go hiontaofa mura gcuirtear an oiliúint cheart ar a fhoireann. Cuirtear oiliúint ar an aerchriú agus ar an bhfoireann talún lena n‑áirithítear go bhfuil siad go hiomlán ar an eolas faoi na nósanna imeachta riachtanacha ba cheart a leanúint le linn an gheimhridh, lena n‑áirítear an rúidbhealach a ghlanadh agus an t‑eitleán a dhí-oighriú chun éirí de thalamh sábháilte agus tuirlingt shábháilte a ráthú. Tá an fhoireann feistithe le héadaí cuí le haghaidh teochtaí faoi bhun an reophointe, lena n‑áirítear éidí, lámhainní agus coisbheart inslithe a chosnaíonn ar dhálaí fuara agus fliucha.
An t‑aerárthach a dhí-oighriú
Is cuid ríthábhachtach d’oibríocht talún le linn an gheimhridh é an t-aerárthach a dhí-oighriú. Is é an píolóta i gceannas atá freagrach as a chinneadh cé acu an bhfuil gá le dí-oighriú roimh an mbrú siar. Cé go ndéanann an píolóta i gceannas maoirseacht ar an bpróiseas dí-oighrithe, bíonn an fhoireann talún freagrach as cumarsáid oscailte a éascú agus as aon rud a thuairisciú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shábháilteacht eitilte. Go hiondúil, déantar an t‑aerárthach a dhí-oighriú go meicniúil san aer trí chórais téimh leictrigh inmheánaigh nó neomatacha, nó i gcás dálaí oighrithe talún, trí úsáid a bhaint as teaglaim de cheithre chineál éagsúla de shreabháin dhí-oighrithe, ag brath ar chineál an aerárthaigh.

Ní féidir áibhéil a dhéanamh faoin tábhacht a bhaineann le haerárthach a dhí-oighriú, toisc gur féidir le méadú oighir cur isteach go mór ar fheidhmíocht agus ar chobhsaíocht aerárthaigh agus é ag éirí de thalamh. Is féidir le héilliú oighir, sneachta nó seaca a bheith ina chúis le níos mó meáchain ar an aerárthach agus le héifeachtúlacht aeraidinimiciúil agus oibríochtúil laghdaithe. Ar chúiseanna sábháilteachta, níor cheart don aerárthach éirí de thalamh má tá aon dromchlaí criticiúla éillithe.
Oibríochtaí rúidbhealaigh
Is cuid lárnach d’oibríochtaí geimhridh í a áirithiú go bhfuil rúidbhealaí glan. Chun an riosca a bhaineann le foirmiú sneachta agus oighir a laghdú, is minic a chóireáiltear dromchlaí aerfoirt roimh ré le hoibréáin frith-oighrithe. Mar sin féin, nuair a théann dálaí aimsire in olcas thar theorainneacha sábháilte, is féidir go mbíonn gá le rúidbhealaí a dhúnadh go hiomlán. Chun é sin a sheachaint, oibríonn an fhoireann talún chun an sneachta/an t‑oighear a ghlanadh – rud a d’fhéadfadh a bheith ina ghníomhaíocht leanúnach, go háirithe má leanann sé de bheith ag cur sneachta agus rúidbhealaí fós á nglanadh. Má tá na haerfoirt in áiteanna nach bhfaigheann sneachta go rialta, is féidir leis an bpróiseas glanta sneachta a bheith fada mar gheall ar easpa trealaimh agus ar easpa taithí. I gcás aerfoirt a fhaigheann go leor sneachta, is féidir leis an bpróiseas glanta sneachta a bheith tapa, agus glantar rúidbhealaí in amanna laistigh de 20 nóiméad. Tríd is tríd, tá próiseas glanta rúidbhealaí éifeachtúil toisc gur féidir le réamhaisnéisí aimsire dálaí crua a thuar go luath sa lá atá inniu ann – rud a thugann dóthain ama don fhoireann talún agus don aerchriú ullmhú.
Bí ar an eolas i gcónaí
Cruthaigh cuntas agus lean sinn ar EASA Light ionas go mbeidh an t‑eolas is déanaí agat maidir le gníomhaíochtaí EASA.