Mar is léir ón ainm, is Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh í Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA). Le bheith níos beaichte faoi, is gníomhaireacht dhíláraithe de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) í.
Is údaráis phoiblí iad Gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh a bhunaítear faoin dlí Eorpach agus a bhfuil a bpearsantacht dhlítheanach féin acu. Bunaítear na Gníomhaireachtaí sin chun cúram de chineál teicniúil nó eolaíoch nó cúram bainistíochta sonrach a chomhlíonadh, mar a shainítear ina rialachán bunaidh faoi seach.
Cé gur comhlacht neamhspleách, neodrach é EASA, bímid ag obair i ndlúthchomhar le hinstitiúidí an Aontais, agus go príomha leis an gCoimisiún Eorpach, le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh. Tacaíonn EASA freisin leis an gcomhar idir an tAontas Eorpach agus rialtais náisiúnta trí shaineolas agus eolas teicniúil agus speisialaithe ó institiúidí an Aontais agus ó údaráis náisiúnta araon a chomhthiomsú.
EASA agus an Coimisiún Eorpach
![]() |
Ceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh © An tAontas Eorpach 2021 |
Is príomhinstitiúid de chuid an Aontais é an Coimisiún Eorpach. Is é an Coimisiún an t‑aon institiúid de chuid an Aontais a bhfuil sé de chumhacht aige tograí a tharraingt suas le haghaidh reachtaíocht nua AE, agus ansin seoltar an reachtaíocht sin chuig an gComhairle agus chuig an bParlaimint lena plé agus lena glacadh.
Is é AS MOVE Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Tá sé freagrach as beartais AE a bhaineann le hiompar agus soghluaisteacht a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, tá EASA faoi chúram AS MOVE.
Bíonn AS MOVE ag obair chun córais iompair atá sábháilte, éifeachtúil agus inbhuanaithe a chinntiú ar fud an Aontais Eorpaigh. I measc na bhfreagrachtaí atá air tá reachtaíocht a cheapadh, nuálaíocht a chur chun cinn i ndáil le teicneolaíochtaí iompair, tionscadail bonneagair iompair a chomhordú, agus comhar idirnáisiúnta a chothú maidir le saincheisteanna iompair.
Conas a bhíonn EASA ag obair leis an gCoimisiún Eorpach agus le AS MOVE?
Trí bheith ag obair i ndlúthpháirt leis an gCoimisiún Eorpach agus, go háirithe, le AS MOVE, tá ról ríthábhachtach ag EASA maidir le tosaíochtaí an Aontais a chur chun cinn agus tairbhí nithiúla a bhaint amach do shaoránaigh na hEorpa.
- Ailíniú le beartais an Aontais: Bíonn EASA ag obair i gcomhar le AS MOVE chun féachaint chuige go mbíonn sé ailínithe le beartais agus cuspóirí an Aontais. Bíonn sé ag comhoibriú ar thionscadail éagsúla, ag roinnt eolais, agus ag déanamh comhordú ar ghníomhaíochtaí chun comhspriocanna a bhaint amach.
- Tacaíocht agus treoir: Cuireann AS MOVE tacaíocht agus treoir ar fáil do EASA sna réimsí saineolais faoi seach. Is cuidiú é an cúnamh sin do EASA i dtaobh sainorduithe na Gníomhaireachta a chur i gcrích go héifeachtach agus rannchuidiú le ceapadh beartas an Aontais.
- Forbairt beartais: Cuidíonn EASA leis an gCoimisiún Eorpach agus, go háirithe, le AS MOVE i dtaobh beartais de chuid an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Cuireann sé eolas speisialaithe ar fáil, déanann sé taighde, agus tugann sé moltaí chun bonn eolais a chur faoi phróisis chinnteoireachta.
- Tuairisciú agus cur i láthair: Tuairiscíonn EASA do AS MOVE maidir lena chuid gníomhaíochtaí, torthaí agus moltaí. Leis sin, féachtar chuige go mbíonn an trédhearcacht agus an chuntasacht i réim in oibríochtaí EASA agus is cuidiú é i dtaobh meastóireacht a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht.
EASA agus Parlaimint na hEorpa
Is í Parlaimint na hEorpa an comhlacht tofa a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh an Aontais. Déanann sí maoirseacht ar ghníomhaíochtaí an Aontais agus, in éineacht leis an gComhairle, ritheann sí reachtaíocht an Aontais. Tá an fhreagracht chéanna ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle maidir le buiséad an Aontais a ghlacadh (buiséad a mholann an Coimisiún Eorpach).
![]() |
Stiúrthóir Feidhmiúcháin EASA, Florian Guillermet, agus é ag labhairt ag Coiste TRAN © An tAontas Eorpach 2024 – Foinse: PE |
I measc an 20 coiste téamach atá ag Parlaimint na hEorpa, tá ról tábhachtach i ndáil le EASA ag an gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN), ag an gCoiste um Rialú Buiséadach (CONT) agus ag an gCoiste um Buiséid (BUDG).
Conas a bhíonn EASA ag obair le Parlaimint na hEorpa?
Trí bheith ag obair i ndlúthchomhar le Parlaimint na hEorpa agus lena coistí, féachann EASA chuige go mbíonn sé i gcónaí cuntasach do shaoránaigh an Aontais agus go rannchuidíonn sé le feidhmiú éifeachtach an Aontais.
- Maoirseacht agus cuntasacht: Tá ról ríthábhachtach ag Parlaimint na hEorpa maidir le maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí an Aontais, lena chinntiú go ndéanann siad ionadaíocht ar leasanna shaoránaigh an Aontais.
- Éisteachtaí rialta: Iarrann an Pharlaimint, go háirithe coiste TRAN, go rialta ar Stiúrthóir Feidhmiúcháin EASA plé a dhéanamh faoi ghníomhaíochtaí, faoi chúrsaí buiséadacha agus faoi phleananna na Gníomhaireachta don am atá le teacht. Leis an idirphlé oscailte sin, féachtar chuige go mbíonn na hoibríochtaí a dhéanann an ghníomhaireacht trédhearcach agus go mbítear cuntasach ina leith.
- Formheas buiséad: Sular féidir le gníomhaireacht AE maoiniú a fháil, ní mór do Pharlaimint na hEorpa a buiséad a athbhreithniú agus a fhormheas. Ar an gcaoi sin, féachtar chuige go gcaitear airgead na gcáiníocóirí ar bhealach críonna atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais.
- Iarrataí ar fhaisnéis: Is féidir leis an bParlaimint tuarascálacha agus faisnéis a iarraidh ar EASA, rud a chuirfidh ar a cumas di fanacht ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus cinntí eolasacha a dhéanamh.
EASA agus Comhairle an Aontais Eorpaigh
Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh (ar a dtugtar Comhairle na nAirí freisin) comhdhéanta d’airí ó rialtais náisiúnta an Aontais. Bíonn Uachtaránacht na Comhairle faoi chúram na mBallstát aonair ina seal féin, ar feadh tréimhse sé mhí. Is é príomhchúram na Comhairle é dlíthe an Aontais a rith. Is iondúil go roinneann sí an fhreagracht sin le Parlaimint na hEorpa. Tá freagracht chomhionann ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa as buiséad an Aontais a ghlacadh.
Tá na scórtha meithleacha laistigh de Chomhairle an Aontais Eorpaigh a chlúdaíonn raon leathan réimsí beartais. Is meitheal é AVIA atá dírithe ar chúrsaí a bhaineann le heitlíocht. Déileálann an mheitheal sin go príomha le beartais, rialacháin agus comhordú na heitlíochta sibhialta i measc Bhallstáit an Aontais. Tugann an mheitheal aghaidh ar ghnéithe éagsúla den eitlíocht, amhail caighdeáin sábháilteachta, bainistíocht aerthráchta, bonneagar aerfoirt, breithnithe comhshaoil, agus comhaontuithe eitlíochta idirnáisiúnta.
Bíonn ionadaithe ó rialtais náisiúnta Bhallstáit an Aontais páirteach in AVIA, mar aon le hoifigigh ón gCoimisiún Eorpach. Bíonn na hionadaithe sin ag obair le chéile chun beartais a bhfuil tionchar acu ar earnáil na heitlíochta ar fud an Aontais Eorpaigh a phlé, a chaibidliú agus a fhorbairt.
Conas a chomhoibríonn EASA le Comhairle an Aontais Eorpaigh?
Trí thacú leis an obair a dhéanann an Coimisiún Eorpach le Comhairle an Aontais Eorpaigh, rannchuidíonn EASA le forbairt agus cur chun feidhme beartais lena gcuirtear chun cinn folláine agus rathúnas shaoránaigh uile an Aontais.
- Tacaíocht maidir le beartais: Tacaíonn EASA leis an obair a dhéanann an Coimisiún Eorpach le Comhairle an Aontais Eorpaigh chun beartais an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme. Cuireann an Ghníomhaireacht saineolas, taighde agus anailís ar fáil i réimsí sonracha, ag obair as lámha a chéile chun forbairt beartais a chur chun cinn.
- Faisnéis a chomhroinnt: Comhroinneann EASA nuashonruithe, tuarascálacha agus moltaí le Comhairle an Aontais Eorpaigh.
- Comhairliúchán: Nuair is gá, is féidir le Comhairle an Aontais Eorpaigh dul i gcomhairle le EASA chun comhairle agus cúnamh a fháil.
Oifig EASA sa Bhruiséil
Is in Köln na Gearmáine atá Ceanncheathrú EASA, ach tá oifig ag EASA sa Bhruiséil freisin. Tá ról tábhachtach ag an ngaireacht sin maidir le cur le héifeachtacht agus infheictheacht EASA san Aontas Eorpach.
- Ionadaíocht: Is í an oifig príomhionadaíocht EASA i gcroílár an Aontais Eorpaigh, rud a chuireann ar a cumas don Ghníomhaireacht dlúthchumarsáid agus dlúthchomhar a chothú le hinstitiúidí an Aontais, leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile.
- Comhordú: Éascaíonn an oifig don chomhordú agus comhoibriú idir EASA agus institiúidí an Aontais, amhail an Coimisiúin Eorpach agus Parlaimint na hEorpa. Cuidiú le féachaint chuige go ndéanfar gníomhaíochtaí agus tosaíochtaí a ailíniú le beartais agus cuspóirí an Aontais.
- Faisnéis a chomhroinnt: Is mol í an oifig chun faisnéis agus saineolas a chomhroinnt leis na páirtithe leasmhara ábhartha. San áireamh leis sin tá eagrú cruinnithe, ceardlann agus imeachtaí chun eolas agus dea-chleachtas a scaipeadh.
- Tacaíocht: Cuireann an oifig tacaíocht ar fáil do Cheanncheathrú EASA in Köln i réimsí éagsúla, lena n‑áirítear forbairt beartais, rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara, agus cúrsaí riaracháin. Chomh maith leis sin, cuidíonn Oifig EASA sa Bhruiséil le hinfheictheacht agus tionchar EASA a chur chun cinn i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais.