Geoilimistéir – bíodh a fhios agat cá háit ar féidir leat do dhrón a chur ag eitilt

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Bíonn an-spórt i gceist le drón a chur ag eitilt ach níl sé gan a fhreagrachtaí, cuid acu ar leagadh béim orthu roimhe seo inár dtreoir do chianphíolótaí dróin. Nuair is cianphíolóta dróin thú, bíonn do dhrón ag roinnt an aerspáis le haerárthaí eile, le héileacaptair agus, amach anseo, le VTOLanna. Mar sin, ní féidir leat do dhrón a chur ag eitilt áit ar bith. Tá sé fíorthábhachtach a bheith ar an eolas faoi cá háit ar féidir leat do dhrón a chur ag eitilt, ar an talamh agus sa spéir araon.

Sula dtéann tú thuas sa spéir

Mar chianphíolóta dróin, ceann de na rudaí is tábhachtaí is gá duit a dhéanamh roimh gach eitilt ná a bheith ar an eolas maidir le cá háit ar féidir nó nach féidir leat do dhrón a chur ag eitilt ach na limistéir gheografacha a sheiceáil sula dtéann tú thuas sa spéir. Bí cinnte go mbainfidh tú taitneamh as d’eitilt nó go ndéanann tú an méid a bhí le déanamh agat le do dhrón gan bheith i bponc toisc é a chur eitilt isteach i limistéar eitilte neamhúdaraithe, rud a d’fhéadfadh fíneálacha móra nó tionóiscí a bheith mar thoradh air.

Limistéir gheoghrafacha dhróin (UAS)

Chun aerárthaí agus daoine a choinneáil sábháilte ar an talamh, tá limistéir gheografacha dhróin, nó geoilimistéir, curtha ar bun ag na Ballstáit éagsúla ar fud na hEorpa. Is codanna den aerspás iad geoilimistéir ina n-éascaítear, ina sriantar nó ina n-eisiatar oibríochtaí dróin, nó chun an téarma níos oifigiúla a úsáid, Córas Aerárthaí gan Foireann (UAS). Cuirtear geoilimistéir ar bun chun:

  • rioscaí sábháilteachta a íoslaghdú
  • príobháideachas daoine a chosaint
  • aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála
  • déileáil le hábhair imní chomhshaoil.

Tá trí phríomh-gheoilimistéar ann ar féidir leis na Ballstáit dathchódú a ghlacadh ina leith chun a áirithiú gur féidir le húsáideoirí an aerspáis an limistéar dá dtagraíonn siad a shainaithint go tapa.

Limistéar dearg

 

Geoilimistéir eisiata

Tá cosc ar eitiltí le haghaidh oibríochtaí i ngach aicme nó in aicmí áirithe agus dá bhrí sin ní cheadaítear dróin a chur ag eitilt iontu.

Limistéar buí

 

Geoilimistéir shrianta

Tá teorainn le hoibríochtaí UAS agus tá siad faoi réir chomhlíonadh na sraithe coinníollacha a fhorchuirtear sna limistéir seo. Ní mór duit réamhúdarú a fháil chun bheith in ann do dhrón a chur ag eitilt ós rud é go bhféadfá a bheith gar do cheantair ina bhfuil aerfoirt, héileapoirt, páirceanna náisiúnta, suiteálacha míleata, ospidéil, stáisiúin cumhachta núicléiche nó cineál ar bith de phríomhláithreán tionsclaíoch, etc.

 

Limistéar glas

 

Geoilimistéir éascaithe

Éascaítear oibríochtaí UAS sa chatagóir ‘Oscailte’, ionas gur féidir leat do dhrón a chur ag eitilt.

Limistéar gorm

 

An t-aerspás U-Spáis

Cuid den aerspás íochtarach ina ndéantar oibríochtaí a bhainistiú do dhróin agus d’fheithiclí eile a bhíonn á n-oibriú ann.

 

Geoilimistéir a sheiceáil – treoir céim ar chéim

U-spaceAg seo thíos roinnt céimeanna simplí chun eolas a chur ar na limistéir gheografacha:

  • Roghnaigh do rang meáchain dróin agus pleanáil d’eitilt
    • Cad atá beartaithe agat a dhéanamh le do dhrón?
    • Cad í do chonair eitilte?
    • Cén limistéar inar mian leat do dhrón a chur ag eitilt?

Tá sé de fhreagracht ar an gcianphíolóta dróin faisnéis nuashonraithe a fháil faoi aon limistéir gheografacha agus cloí leis na coinníollacha a ghabhann leo roimh gach eitilt agus lena linn.

  • Seiceáil suíomhanna gréasáin an Údaráis Náisiúnta Eitlíochta (NAAnna) chun an t-eolas is gá a fháil don tír inar mian leat do dhrón a chur ag eitilt.
    • Ceangail le haip pleanála eitilte dróin. Liostaíonn EASA na cinn atá ar leathanach na NAAnna faoi ‘Áiteanna ar féidir leat drón a chur ag eitilt’ de réir tíre.
    • Bíonn cairteacha digiteacha le fáil ó roinnt Údarás Eitlíochta Náisiúnta. Tá nasc ag roinnt eile díobh chuig cairteacha doiciméid nuashonraithe ar féidir leat a íoslódáil.
       
  • Ar aip an Údaráis Náisiúnta Eitlíochta nó ar shuíomh gréasáin an Údaráis Náisiúnta Eitlíochta, roghnaigh ar dtús an limistéar inar mian leat do dhrón a chur ag eitilt. Beidh a fhios agat ansin cé acu an féidir leat é a chur ag eitilt ann nó nach féidir. Más limistéar srianta atá i gceist, feicfidh tú tuilleadh eolais ar aon údaruithe a theastaíonn. Sa chás go bhfuil aip ag an tír, d’fhéadfá a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar údarú chuig an údarás inniúil san aip féin. I gcásanna eile, b’fhéidir go mbeadh ort foirm a chomhlánú agus í a sheoladh chuig an údarás inniúil tríd an ríomhphost.  D’fhéadfaí go dtógfadh sé suas le dhá lá toradh d’iarratais a fháil.  
     
  • Má tugadh údarú duit drón a chur ag eitilt i limistéar srianta, déan cinnte go bhfanfaidh tú laistigh de theorainneacha an údaraithe sin.

Áiteanna ar féidir liom mo dhrón a chur ag eitilt

Limistéir chriosaithe – srianta ar airde, am, fad, etc.

Tá limistéir ann ina bhfuil feidhm ag srianta eitilte nó nach bhfuil cead agat do dhrón a eitilt iontu ar chor ar bith, mar shampla limistéar íseal-leibhéil eitilte de chuid an airm. Tá an fhéidearthacht ann freisin go mbeadh feidhm ag srianta páirteacha i roinnt limistéar, cuir i gcás:

  • Ní cheadaítear duit do dhrón a chur ag eitilt ach faoi airde áirithe, atá níos ísle ná an t-uasmhéid 120 méadar a cheadaítear leis na rialacha sa chatagóir oscailte.
  • Ní cheadaítear drón a eitilt ach amháin le linn tréimhse ar leith i rith an lae, mar shampla, toisc go bhfuil imeacht ar siúl in aice láimhe, e.g. ceolchoirm nó cluiche spóirt.
  • D’fhéadfaí go mbeadh an fad cothrománach idir tú féin agus do dhrón laghdaithe.

Soláthraíonn cairt aerloingseoireachta tásca beachta mar gheall ar an limistéar ar mian leat eitilt ann agus na srianta atá leis. Is féidir le léarscáileanna Google a bheith ina bhfoinse freisin le haghaidh iniúchadh tapa a dhéanamh ar an limistéar ar mian leat eitilt ann.

Córas geoifheasachta

A bhuí leis an gcóras geoifheasachta ionsuite atá le fáil i roinnt drón, is féidir leo sárú féideartha ar theorainneacha an gheoilimistéir a bhrath agus an cianphíolóta a chur ar an airdeall ina leith ionas gur féidir leo gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh láithreach chun an sárú a sheachaint. Bíonn an córas sin, dá ngairtear freisin geofhálú, i bhfeidhm ar chuid de na samhlacha drón is déanaí.

Tá sé bunaithe ar na sonraí geografacha a sholáthraíonn agus a nuashonraíonn na Ballstáit go rialta iad.  Má tá córas geoifheasachta ar do dhrón, is é an cianphíolóta dróin atá freagrach as é a choinneáil cothrom le dáta don drón nó do na dróin ar leo é nó iad. 

Drón imithe ar shiúl

Is éard is imeacht ar shiúl ann nuair a chailleann an drón nasc le rialuithe an chianphíolóta agus go n-imíonn sé ar shiúl gan bhac. Tarlaíonn sé sin freisin in éineacht le caillteanas sa chomhartha córais suite domhanda, mar sin ní féidir an rogha ‘Filleadh go Baile (RTH)’ a thionscnamh.

Caithfidh cianphíolótaí dróin a leithéid de tharlú a thuairisciú, is cuma cén limistéar a bhfuil siad ag eitilt ann. D’fhéadfaí a bheith san áireamh leis sin:

  • é a thuairisciú chuig an Údarás Náisiúnta Eitlíochta sa tír ina bhfuil drón á chur ag eitilt agat
  • sa chás go dtugtar údarú duit eitilt gar d’aerfort rialaithe nó do limistéir eitilte ina bhfuil srian le hoibríochtaí dróin, ní mór duit freisin an tIonad Rialaithe Aerthráchta lena mbaineann a chur ar an eolas láithreach le faisnéis maidir leis an gconair ar a raibh an sé, an airde ar bhain sé amach í, an luas a bhí leis agus (más féidir) méid an cheallra atá fágtha
  • é a thuairisciú do do chuideachta árachais freisin. Bheadh an-suim ag déantúsóirí dróin a bhfuil córas RTH i bhfeidhm ar a gcuid drón tuairisc a fháil uait chomh maith. Tabhair cuairt ar a suíomhanna gréasáin chun tuilleadh eolais a fháil

Bí ar an eolas agus fan cothrom le dáta – Lean EASA Light

Roinnfidh EASA an fhaisnéis is déanaí maidir le dróin ar EASA Light.

Cruthaigh cuntas agus lean sinn ar EASA Light chun fanacht cothrom le dáta!