Dróin a chur ag eitilt gar do dhaoine

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Sula gcuireann tú do dhrón ag eitilt, ní mór duit a sheiceáil cá háit a gceadaítear sin. Thugamar mionspléachadh air sin alt seo a leanas atá le fáil ar EASA Light “Geoilimistéir – bíodh a fhios agat cá háit ar féidir leat do dhrón a chur ag eitilt”. Cibé áit a bhfuil tú á chur ag eitilt, is dócha go mbeidh ort smaoineamh ar shábháilteacht aon duine a d’fhéadfadh a bheith timpeall ort. De ghnáth, nuair a chuireann tú drón ag eitilt sa chatagóir ‘oscailte’, ní bhíonn cead agat eitilt thar dhaoine nach bhfuil baint acu le do ghníomhaíocht eitilte dróin. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh tú an t-achar ceart a choinneáil idir an drón agus aon réadmhaoin. Is ar mhaithe lena sábháilteacht é sin agus chun meas a léiriú ar phríobháideachas daoine.

San alt seo tá tuilleadh eolais faoin gcoincheap daoine bainteacha agus daoine neamhbhainteacha, mar a thuairiscítear i rialacha EASA le haghaidh drón. Cabhróidh sé leat a bheith in ann eitilt go sábháilte gar do dhaoine agus tuiscint a fháil ar an méid atá ceadaithe.

Daoine bainteacha

Sna rialacha maidir le dróin, sainmhínítear “Daoine bainteacha” in oibríocht dróin mar seo a leanas: an píolóta cianda dróin, an breathnóir, an t-oibreoir agus an custaiméir. Ag brath ar chúrsaí, b’fhéidir go mbeadh ceann amháin nó gach ceann de na daoine sin ag do láthair eitilte. D’fhéadfadh an custaiméir, mar shampla, a bheith ina dhuine atá á thaifead nó, níos simplí fós, ina dhuine a bheadh i mbun maoirseacht a dhéanamh ar an obair. Bíonn siad go léir ar an eolas maidir leis an bplean don eitilt agus maidir leis an obair atá á déanamh agat leis an drón, na treoracha agus na réamhchúraimí sábháilteachta curtha ar fáil ag an píolóta dróin.

Ba chóir go mbeadh daoine bainteacha dírithe ar an oibríocht dróin agus gan bheith gnóthach le haon rud eile, mar shampla, gan bheith ag caint ar an nguthán ná ag ithe. Le linn na hoibríochta, ba cheart go mbeadh daoine bainteacha ar an eolas i gcónaí faoin áit a bhfuil an drón agus a bheith réidh chun gníomhú chun iad féin agus daoine eile a chosaint má théann an drón as smacht gan choinne.

Ní mór duit freisin a mheas conas a d’fhéadfadh drón a thitfeadh ón spéir dul i bhfeidhm ar dhaoine “bainteacha” agus “neamhbhainteacha” araon agus cé acu an mbeadh deacrachtaí ag aon duine díobh teacht ar chonstaicí ar a gconair éalaithe, amhail fálta nó bóithre. Ba cheart é sin a bheith mar chuid de do mheasúnú riosca sula gcuirfidh tú drón ag eitilt.

Daoine neamhbhainteacha

Go ginearálta, tugtar “daoine neamhbhainteacha” orthu siúd nach ndearnadh cur síos orthu roimhe seo. Ní bhíonn baint acu leis an oibríocht dróin agus b’fhéidir go fiú nach mbeadh siad ar an eolas faoi. Meastar ainmhithe a bheith “neamhbhainteach” freisin agus ní mór duit a bheith ag cuimhneamh orthu chomh maith mar sin.  

Meastar aon slua daoine a bheith “neamhbhainteach”, de réir sainmhínithe. Níl líon sonrach daoine i gceist leis an téarma “slua” ach sainmhínítear é de réir a fhusa a bhíonn sé do dhaoine aonair laistigh den slua sin bogadh timpeall chun drón atá imithe as smacht a sheachaint. Má bhíonn daoine cruinnithe le chéile chomh dlúth sin go mbíonn deis theoranta acu éalú nó bogadh ar shiúl ón drón, meastar gur tionól daoine é (is é sin an téarma a úsáidtear sa rialachán maidir le dróin). 

I measc na samplaí de thionóil daoine tá: 

  • sluaite daoine ag imeachtaí spóirt, cultúrtha, reiligiúnacha nó polaitiúla;
  • sluaite daoine ar thránna nó i bpáirceanna ar lá grianmhar;
  • sluaite daoine ar shráideanna tráchtála le linn uaireanta oscailte na siopaí; nó
  • sluaite daoine in ionaid, i rianta agus i lánaí sciála.  
  • daoine ag siúl na sráideanna, ag tiomáint ar bhóithre, etc.

Ag eitilt thar dhaoine le catagóirí éagsúla drón

Mar a cuireadh síos air thuas, ní féidir leat drón a chur ag eitilt thar dhaoine de ghnáth. Eisceacht air sin is ea má chuireann tú drón ag eitilt a tógadh go príobháideach agus ag a bhfuil meáchan faoi bhun 250 gram nó drón a ceannaíodh ar an margadh le marc 0 nó 1 (éigeantach ón 01 Eanáir 2024), atá in ann eitilt i bhfochatagóir A1. Mar sin féin, seachnaítear eitilt thar dhaoine oiread agus is féidir.

I gcás dhrón rang C 3 agus 4, coinnigh 150 méadar amach ó cheantair uirbeacha agus 30 méadar ar a laghad ó shluaite. Is féidir leat teacht ar ár ‘nGrafaic faisnéise maidir le Dróin’ ar shuíomh gréasáin EASA.

Is é an t-aon chatagóir drón ar féidir leat a chur ag eitilt gar do dhaoine ná dróin a bhfuil marc rang C 2 orthu, nó dróin de chuid fhochatagóir A2. Mar riail ghinearálta, coinnigh an drón fad cliathánach amach ó aon duine neamhbhainteach nach bhfuil níos lú ná an airde ag a bhfuil an drón ag eitilt (is é sin an riail ‘1:1’, i.e. má tá an drón ag eitilt ar airde 40 m, ba cheart go mbeadh sé 40 m ar a laghad amach ó aon duine neamhbhainteach), agus níor cheart é a chur ag eitilt níos gaire ná 30 méadar go cothrománach d’aon duine neamhbhainteach. Má tá modh íseal-luais ar do dhrón agus má tá sé sin ar siúl, is féidir leat eitilt chomh gar agus 5 mhéadar do dhaoine neamhbhainteacha.   

Cé chomh gar do dhaoine

I ngach cás eile (dróin le lipéad aitheantais ranga mharc 3, 4, 5 nó 6 nó dróin ar tógadh go príobháideach iad agus atá níos troime ná 250 g), ní mór duit a chinntiú nach bhfuil aon duine neamhbhainteach i láthair laistigh de raon na hoibríochta.  

Mar phíolóta nó oibreoir dróin, bíonn tú freagrach as sábháilteacht gach duine thart timpeall ort, ach freisin as bheith i d’ambasadóir maith agus as a léiriú cé chomh spreagúil, siamsúil agus sábháilte is féidir le drón a chur ag eitilt a bheith. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, measúnú riosca a dhéanamh sula gcuireann tú drón ag eitilt chun fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann níos déanaí a sheachaint.

Bí ar an eolas agus fan cothrom le dáta – Lean EASA Light

Roinnfidh EASA an fhaisnéis is déanaí maidir le dróin ar EASA Light.

Cruthaigh cuntas agus lean sinn ar EASA Light chun fanacht cothrom le dáta!