Airde an chomhair: NAAnna agus EASA

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Samhlaigh na spéartha os cionn na hEorpa mar cheolfhoireann. Tá ról le comhlíonadh ag gach ceoltóir. Idir phíolótaí agus fhoireann cábáin san aer, maille le hinnealtóirí, rialtóirí aerthráchta agus speisialtóirí sábháilteachta ar an talamh. I dteannta a chéile, cinntíonn siad go seinntear gach nóta sábháilteachta eitlíochta i dtiúin.

Is é EASA a leagann síos an rithim, agus sainíonn sé an scór fosta. Socraíonn sé an méid a bhíonn ag teastáil ó dhaoine chun bheith ina mbaill oilte den cheolfhoireann sin. Cinntíonn na hÚdaráis Náisiúnta Eitlíochta (NAAnna) go mbíonn dea-bhail ar an gceolfhoireann ó thaobh foirne de, go gcoinnítear na huirlisí i dtiúin mar is ceart, agus go seinneann gach duine de réir na bileoige ceoil céanna. Cuireann siad rialacha EASA i bhfeidhm, déanann siad maoirseacht ar oibríochtaí, agus comhordaíonn siad an tsábháilteacht go háitiúil i ngach Ballstát. 

I dteannta a chéile, coinníonn siad ar bun siansa na heitilte sábháilte éifeachtúla ar fud na hEorpa. San alt seo, faighimid amach cé hiad na NAAnna, cad a dhéanann siad, agus conas a oibríonn siad i gcomhar le EASA.

Cad is NAA ann?

Is éard is NAA ann, ar a dtugtar údarás inniúil náisiúnta nó údarás um eitlíocht shibhialta go minic, an comhlacht rialtais atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an eitlíocht shibhialta laistigh de thír shonrach.

Cé mhéad NAAnna atá ann?

Laistigh den chreat Eorpach, tá a NAA féin ag gach ceann den 31 Bhallstát EASA a fheidhmíonn mar ‘údarás inniúil’. Is iad sin na 27 mBallstát de chuid an Aontais, mar aon le 4 stát CSTE: an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis.

Mar sin féin, d’fhéadfadh an struchtúr a bheith éagsúil ó thír go chéile. I roinnt stát, cumhdaíonn eagraíocht amháin gach réimse den eitlíocht, agus i stáit eile, roinntear freagrachtaí i measc roinnt údarás. I gcórais fheidearálacha amhail sa Ghearmáin, d’fhéadfadh roinnt NAAnna a bheith ann ar an leibhéal réigiúnach (Länder) fiú, mar shampla, tá suas le 20 údarás ann i réimse na n‑aeradróm amháin.

Raon feidhme fhreagrachtaí na NAAnna

Cumhdaítear lena gcuid freagrachtaí raon leathan de ghníomhaíochtaí. Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo siúd ceadúnais píolótaí agus innealtóirí a eisiúint agus eagraíochtaí a mbíonn baint acu le táirgeadh a cheadú, agus aeracmhainneacht a choinneáil ar bun. Chomh maith leis sin, eisíonn siad Deimhnithe Aeroibreora le haghaidh aeriompar tráchtála, seachas i gcás ina bhfuil an fhreagracht sin tarmligthe chuig EASA.

Nuair a thagann saincheisteanna sábháilteachta chun cinn, déanann na NAAnna imscrúdú ar ghníomhartha ceartaitheacha, agus cuireann siad i bhfeidhm iad freisin. Anuas ar na cúraimí sin, malartaíonn NAAnna sonraí sábháilteachta, foláirimh agus moltaí le EASA agus le húdaráis náisiúnta eile – rud a chuireann le cultúr sábháilteachta comhchoiteann ar fud na hEorpa.

An chaoi a n‑oibríonn NAAnna agus EASA i gcomhar le chéile

Ceann de na samplaí is soiléire den chomhar idir EASA agus NAAnna is ea leithdháileadh agus tarmligean cúraimí. Féadfaidh EASA measúnuithe áirithe ó thaobh deimhnithe, bailíochtaithe nó comhréireachta de a tharmligean chuig NAA creidiúnaithe. Mar shampla, féadfaidh NAA athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta eagraíochta cothabhála i gcomhréir le rialacháin EASA agus moladh a chur faoi bhráid EASA, a choinníonn an cinneadh críochnaitheach deimhniú a eisiúint nó a mhodhnú.

Leis an gcur chuige sin léirítear prionsabal na coimhdeachta, atá i gcroílár an Aontais, is é sin, go ndéantar gníomhaíochtaí ar an leibhéal is ciallmhaire. Sa chleachtas, ceaptar rialacha ar leibhéal lárnach EASA, agus is minic a dhéantar ceadúnú agus deimhniú ar an leibhéal náisiúnta.

NAA EASA

Glacadh le deimhnithe

I gcroílár mhargadh aonair eitlíochta na hEorpa atá an t‑aitheantas frithpháirteach deimhnithe. Glactar go huathoibríoch le deimhniú, ceadúnas nó ceadú eisithe ag aon Bhallstát de chuid an Aontais (nó ag EASA féin) i ngach ceann den 31 stát de chuid EASA. Cinntítear leis an gcóras sin sreabhadh rianúil sábháilte aerárthaí, páirteanna agus seirbhísí eitlíochta thar theorainneacha, agus ardleibhéal sábháilteachta á choinneáil ar bun ag an am céanna.

Comhroinnt sonraí sábháilteachta

Is réimse tábhachtach eile den chomhar é sin. Bailíonn NAAnna tuarascálacha ar theagmhais agus ar tharluithe laistigh dá gcríoch, agus cuireann siad an fhaisnéis sin isteach i mbunachar sonraí lárnach EASA. Déanann EASA anailís ar na sonraí, sainaithníonn sé treochtaí sábháilteachta, agus eisíonn sé moltaí nó treoracha sábháilteachta a ngníomhaíonn NAAnna dá réir ansin ar an leibhéal náisiúnta. Neartaítear an malartú leanúnach faisnéise sábháilteachta sin le cláir amhail RAMP (Risk Analysis and Management Programme [an Clár um Anailís agus Bainistiú Riosca]), lena ndéantar measúnú córasach ar rioscaí sábháilteachta ar fud na hEorpa – rud lena gcinntítear go rachaidh na ceachtanna a fhoghlaimítear in áit amháin san Aontas chun tairbhe don phobal eitlíochta ar fad.

Samplaí den chomhar idir EASA agus NAAnna sa chleachtas

Dróin

Is sampla maith den fhreagracht chomhroinnte iad réimsí níos nuaí amhail rialáil dróin (ar a dtugtar UAS, nó córas aerárthaí gan foireann, freisin). Ní mór cianphíolótaí clárú leis an údarás náisiúnta eitlíochta sa Bhallstát ina n‑oibríonn siad. Déanann NAAnna formhaoirseacht freisin ar inniúlacht cianphíolótaí; bunaíonn siad an crios geografach náisiúnta le haghaidh UASanna agus déanann siad doiciméadú air, agus cinntíonn siad go gcomhlíontar na rialacha Eorpacha, agus soláthraíonn EASA an creat agus an treoraíocht uileghabhálach. 

dróin

Aeroibreoirí

Ar an gcaoi chéanna, is gnách gurb iad na húdaráis náisiúnta a eisíonn deimhnithe aeroibreora (e.g. aerlínte paisinéirí, lasta, réigiúnacha), cé gur féidir leis na Ballstáit an fhreagracht sin a aistriú chuig EASA in imthosca áirithe (e.g. i gcás oibríocht ilnáisiúnta thar roinnt tíortha AE, i gcás nach bhfuil an cumas teicniúil ag an stát, etc.)

Deimhniú aerárthaí

I réimse an deimhnithe aerárthaí, láimhseálann EASA ceadú cineálacha nua aerárthaí agus athruithe dearaidh ar mórscála, agus bainistíonn na húdaráis náisiúnta eitlíochta go leor de na ceaduithe leanúnacha agus an fhormhaoirseacht ar na heagraíochtaí cothabhála agus oiliúna.

Comhpháirtíocht arb í is cúis léi eitiltí sábháilte san Aontas

Tá an comhar idir NAAnna agus EASA ar cheann de na láidreachtaí is mó atá ag an Eoraip maidir le sábháilteacht eitlíochta. Tugann NAAnna leo saineolas, solúbthacht agus eolas áitiúil ar chórais náisiúnta, agus bíonn EASA i mbun na haonfhoirmeachta, na cuntasachta agus an chomhordaithe idirnáisiúnta. I dteannta a chéile, baineann siad cothromaíocht amach idir an t‑údarás lárnach agus an fhreagracht ar an leibhéal náisiúnta.