Ó thráth go chéile, deirtear sa nuacht go bhfuil “Aerlíne X chun a paisinéirí a mheá”, rud a fhágann go bhféadfadh roinnt paisinéirí a bheith fiosrach. Cad chuige a bhfuil gá leis sin?
Nuair a bhíonn paisinéirí á meá ag aerlínte baineann sé le sábháilteacht agus éifeachtúlacht. Tá aerárthaí deimhnithe de réir uasmhais éirí de thalamh, lena n-áirítear mais an aerárthaigh féin móide paisinéirí, bagáiste, breosla agus míreanna ualaigh eile. Ainneoin go bhfuil idirdhealú teicniúil idir “mais” agus “meáchan”, tá sé áisiúil labhairt faoi mheáchan, mar is rud é seo a thuigeann gach duine agus is furasta é a thomhas.
Mar is féidir leat a shamhlú, bheadh sé sách dúshlánach gach paisinéir, criú agus bagáiste láimhe a mheá roimh gach eitilt aonair, dá bhrí sin úsáidtear meáin chaighdeánacha sna ríomhanna sin. Sainítear na meáin chaighdeánacha sin sna rialacha maidir le hoibríochtaí aeir agus déantar athbhreithniú tréimhsiúil orthu lena chinntiú go léiríonn siad na treochtaí reatha agus go gcloíonn siad le lamhálacha sábháilteachta. Tá gá leis na lamhálacha sábháilteachta chun freastal ar éagsúlachtaí i meáchain paisinéirí nó i míreanna ualaigh eile. Agus sin an fáth a mbíonn gá ó am go chéile le staidéar den sórt sin a dhéanamh ar mheáchan paisinéirí – chun a sheiceáil go bhfuil na meáin chaighdeánacha fós ceart.
Cén fáth an bhfuil an oiread sin tábhachta le meáchan?
Bíonn tionchar ag meáchan ar fheidhmíocht aerárthaí:
- Éirí de thalamh agus tuirlingt: teastaíonn achair níos faide ó aerárthaí níos troime chun éirí de thalamh agus chun tuirlingt. Caithfidh fad an rúidbhealaigh a bheith ag teacht leis an achar a theastaíonn chun éirí de thalamh agus chun tuirlingt shábháilte a chinntiú. Má tá an rúidbhealach róghearr, bheadh sé riachtanach meáchan foriomlán an aerárthaigh a laghdú.
- Ídiú breosla: ciallaíonn níos mó meáchain ídiú breosla níos airde, a mbíonn tionchar aige ar éifeachtúlacht agus ar chostas eitiltí.
- Pálasta agus raon: d'fhéadfadh meáchan méadaithe paisinéirí an méid lasta is féidir le haerárthach a iompar a laghdú nó an raon achair is féidir leis an aerárthach a thaisteal a ghiorrú.
Sainordaítear leis na rialacha maidir le hoibríochtaí aeir (Rialachán (AE) 965/2012, más mian leat níos mó taighde a dhéanamh) nach n-éireoidh aerárthach den talamh má sháraíonn a mhais éirí de thalamh an uasmhais éirí de thalamh atá deimhnithe.
Ní meáchan amháin, ach cothromaíocht freisin
Tá dáileadh cuímheáchain riachtanach chun meáchanlár aerárthaí a choinneáil laistigh de theorainneacha sábháilte. Tá suíomh ceart mheáchanlár an aerárthaigh riachtanach do chobhsaíocht agus do rialú an aerárthaigh. Bíonn tionchar aige freisin ar ídiú breosla. Féadfaidh aerlínte leithdháiltí suíochán paisinéirí agus dáileadh lasta a choigeartú chun a chinntiú go bhfuil meáchanlár an aerárthaigh laistigh de theorainneacha sábháilte. Cuidíonn sé seo le cobhsaíocht agus le héifeachtúlacht a choinneáil le linn na heitilte. Má thagraíonn do phíolóta do “cothromú”, is é sin an coincheap a bhfuil sé ag tagairt dó.
Athbhreithniú meáchain roimh gach eitilt
Ní bhíonn aeroibreoirí ag brath ar mheáchain chaighdeánacha amháin nuair a bhíonn a gcuid oibríochtaí laethúla á gcur i gcrích acu. Roimh gach eitilt, faigheann ceannasaí na heitilte doiciméadacht uileghabhálach maidir le mais agus cothromaíocht, lena n-áirítear sonraí maidir le líon agus cineál na bpaisinéirí (e.g. líon na mbabaithe agus na leanaí) a bhfuiltear ag súil a bheidh ag bordáil, chun a fhíorú nach sáraítear na teorainneacha. Ní mór don cheannasaí glacadh leis an doiciméadacht maidir le mais agus cothromaíocht le haghaidh na heitilte agus í a chomhshíniú agus, mura bhfuil sé nó sí sásta, beidh gá le hathruithe iomchuí. Má tá an meáchan iarbhír níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis, féadfaidh aerlínte bearta a dhéanamh amhail líon na bpaisinéirí nó an lasta a laghdú, cainníocht bhreosla a choigeartú nó paisinéirí agus bagáiste a athdháileadh chun cothromaíocht a chinntiú.
Staidéar EASA ar mheáchan paisinéirí
Tá staidéar déanta ag EASA ar mheáchan paisinéirí chun tacaíocht staidrimh a sholáthar chun a mheas an léirítear meáchain reatha paisinéirí agus bagáiste go leordhóthanach sna rialacháin oibríochtaí aeir chun na ceanglais maidir le mais agus cothromaíocht aerárthaí a chomhlíonadh.
Sa staidéar is déanaí, a rinneadh in 2022, thángthas ar an gconclúid gurbh é 84kg an meánmheáchan paisinéara do dhuine fásta a bhfuil bagáiste cábáin aige nó aici. Ciallaíonn sé sin nach raibh aon athrú suntasach ar mheáchan paisinéirí i gcomparáid leis an staidéar a rinneadh roimhe sin, lena gcinntítear go bhfuil na rialacháin atá i bhfeidhm faoi láthair fós iomchuí.
Bí ar an eolas i gcónaí
Cruthaigh cuntas agus lean sinn ar EASA Light ionas go mbeidh an t-eolas is déanaí maidir le gníomhaíochtaí EASA agat.