Soghluaisteacht ghlas, chliste agus inacmhainne

Claochlú bunúsach ar an iompar

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Ós rud é gurb ionann le 5 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais rannchuidiú earnáil an iompair agus go bhfostaíonn sé níos mó ná 10 milliún duine san Eoraip, tá an córas iompair ríthábhachtach do ghnólachtaí Eorpacha agus do shlabhraí soláthair domhanda araon.

Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste de chuid an Choimisiúin EorpaighNíl an t-iompar gan a iarmhairtí ar an tsochaí, áfach:

  • astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin
  • torann
  • tionóiscí bóthair agus brú tráchta

Sa lá atá inniu ann, is ionann astaíochtaí iompair agus thart ar an gceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais.

straitéis chuimsitheach don tsoghluaisteacht curtha le chéile ag an gCoimisiún Eorpach lena sainaithnítear garspriocanna le haghaidh todhchaí chliste agus inbhuanaithe agus lena leagtar síos 10 bpríomhréimse gníomhaíochta chun an fhís a fhíorú.

Tagann an iarracht sin chun an t-iompar a athrú ó bhonn tráth a bhfuil an earnáil ar fad fós ag teacht amach as iarmhairtí an choróinvíris. Le hinfheistíocht mhéadaithe phoiblí agus phríobháideach i nuachóiriú agus i nglasú ár gcabhlach agus ár mbonneagair, agus tríd an margadh aonair a threisiú, tá deis stairiúil againn anois ní hamháin córas iompar na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe ach níos iomaíche ar fud an domhain freisin agus níos frithsheasmhaí in aghaidh aon suaití a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

Éabhlóid ghlas: duine ar bith fágtha ar lár

Mar sin féin, níor cheart go bhfágfadh an éabhlóid sin aon duine chun deiridh:

  • tá sé ríthábhachtach go mbeidh an tsoghluaisteacht ar fáil agus inacmhainne do chách
  • go bhfuil réigiúin tuaithe agus iargúlta fós nasctha le chéile
  • go gcuireann an earnáil dálaí maithe sóisialta ar fáil agus go mbíonn poist tharraingteacha ar fáil inti

Ní mór do gach modh iompair a bheith níos inbhuanaithe agus go mbeadh roghanna malartacha glasa ar fáil go forleathan mar aon leis na dreasachtaí cearta a bheith curtha i bhfeidhm chun dlús a chur leis an aistriú. Le garspriocanna nithiúla, coinneofar an dul chun cinn atá déanta ag córas iompair na hEorpa i dtreo todhchaí chliste agus inbhuanaithe ar an mbóthar ceart.

Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste de chuid an Choimisiúin Eorpaigh

Féach ar an bpacáiste faisnéise a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach: