Tá obair EASA ar shábháilteacht eitlíochta an-chuimsitheach agus leanúnach; ní stadann sí nuair a dhéantar aerárthach a dheimhniú agus nuair a mheastar go bhfuil sé sábháilte le heitilt. Rachaidh an t-aerárthach sin i mbun na mílte eitiltí thar roinnt mhaith blianta agus uaireanta, le linn a chuid oibríochtaí, d’fhéadfadh roinnt saincheisteanna sábháilteachta teacht chun cinn.
Is minic a thugtar aghaidh ar shaincheisteanna den sórt sin trí fhoilseachán sábháilteachta ar a dtugtar ‘Treoir maidir le hAeracmhainneacht’. Sainordaítear le Treoir maidir le hAeracmhainneacht gníomhaíochtaí atá le déanamh ar aerárthach chun leibhéal inghlactha sábháilteachta a athbhunú, i gcás ina léiríonn fianaise go bhféadfadh leibhéal sábháilteachta an aerárthaigh sin a bheith i mbaol murach sin.
Leis an doiciméad sin, cuirtear aeroibreoirí ar fud an domhain a bhfuil aerárthaí a ndéantar difear dóibh á n-eitilt acu ar an eolas faoin tsaincheist sábháilteachta a d’fhéadfadh a bheith ann agus ceanglaítear orthu na bearta is gá a dhéanamh chun é a shocrú.
Tabhair faoi deara, cé gurb iondúil gurb iad oibríochtaí eitlíochta tráchtála an taobh is infheicthe den eitlíocht, gur féidir Treoracha maidir le hAeracmhainneacht a dhíriú ar chineálacha eile aerárthaí amhail héileacaptair, balúin, etc.
Cad a bhíonn i dTreoir maidir le hAeracmhainneacht?
Tabharfar tuairisc sa doiciméad ar an tsaincheist sábháilteachta agus ar an gcabhlach lena mbaineann. Is iad seo a leanas an dá phríomhchuid: na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh agus an t-am chun iad a dhéanamh. Léiríonn an t-am a thugtar chun comhlíonadh a dhéanamh déine na saincheiste: dá mhéad ama chun comhlíonadh a dhéanamh, is ea is ísle an riosca go dtarlóidh teagmhas sábháilteachta go luath amach anseo. D’fhéadfadh bearta ceartaitheacha a bheith chomh simplí le lámhleabhar eitilte a thabhairt cothrom le dáta nó bogearraí a nuashonrú go tapa. D'fhéadfadh modhnuithe struchtúracha fairsinge a bheith i gceist le bearta ceartaitheacha níos casta.
Oibriú le chéile i dtreo na sábháilteachta: cad as a n-eascraíonn Treoir maidir le hAeracmhainneacht
Is freagracht chomhpháirteach í an tsábháilteacht a bhíonn ar ghníomhaithe eitlíochta éagsúla. Ní mór d’oibreoirí aerárthaí sonraí a thuairisciú faoi shaincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn a n-oibríochtaí. De ghnáth, tuairisceoidh siad na saincheisteanna sin do Shealbhóir an Deimhnithe Cineáil, arb í, i dtéarmaí níos simplí, an chuideachta a d'fhorbair an t-aerárthach sonrach sin. Déanfaidh Sealbhóir an Deimhnithe Cineáil imscrúdú ar an tsaincheist agus, má mheastar gur saincheist sábháilteachta í a d’fhéadfadh teacht chun cinn ar aerárthach eile, cuirfidh sé EASA ar an eolas agus iarrfaidh sé air a bheith páirteach, agus molfaidh sé bearta a bheidh le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin. Déanfaidh EASA athbhreithniú ar na sonraí sin, a bhféadfadh nuashonruithe a bheith ag teastáil ina leith, agus, a luaithe a chomhaontófar an ghníomhaíocht iomchuí, eiseoidh sé Treoir maidir le hAeracmhainneacht. Más féidir é a dhéanamh laistigh den am, beidh togra le haghaidh Treoir maidir le hAeracmhainneacht ar fáil ar shuíomh gréasáin EASA le haghaidh comhairliúcháin agus barúlacha (ag an tionscal agus ag oibreoirí den chuid is mó) ar feadh tréimhse ama roimh an bhfoilseachán oifigiúil.
Tabhair faoi deara freisin go bhfuil oibleagáidí ar eagraíochtaí eile (mar shampla, eagraíochtaí cothabhála, eagraíochtaí táirgthe, etc.) sonraí a thuairisciú, agus gur féidir le heagraíochtaí éagsúla an tsaincheist chéanna a thuairisciú arís agus arís eile. Déantar athbhreithniú agus anailís ar an bhfaisnéis sin go léir agus d’fhéadfadh Treoir maidir le hAeracmhainneacht a bheith mar thoradh uirthi sa deireadh.
Tá EASA freagrach as Treoracha maidir le hAeracmhainneacht a eisiúint i ndáil le táirgí atá deimhnithe nó bailíochtaithe ag EASA. I gcás inarbh údarás eile a rinne an deimhniú agus inar bhailíochtaigh EASA é, is féidir leis an nGníomhaireacht Treoracha maidir le hAeracmhainneacht arna n-eisiúint ag an údarás eile sin a ghlacadh.
Treoracha Éigeandála maidir le hAeracmhainneacht
Uaireanta, eisíonn EASA Treoir Éigeandála maidir le hAeracmhainneacht. Mar is léir ón ainm, baineann sé sin le saincheist sábháilteachta nach mór aghaidh a thabhairt uirthi laistigh d'achar ama i bhfad níos giorra agus, i gcásanna den sórt sin, ní bhíonn aon tréimhse chomhairliúcháin ann. De ghnáth, más gá na bearta ceartaitheacha a ghlacadh laistigh de thréimhse is lú ná 30 lá, is Treoir Éigeandála maidir le hAeracmhainneacht a bheidh ann.
Tráth éigin i do shaol b’fhéidir go bhfaca tú ar an nuacht gur coinníodh cineál áirithe aerárthaigh ar talamh, is é sin, go raibh toirmeasc air eitilt. Is fíor-annamh a tharlaíonn sé sin, ach d’fhéadfadh sé gurb é sin an t-aon ghníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh mura bhfuil aon bheart ceartaitheach ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist sábháilteachta shainaitheanta i dtréimhse ghearr ama.
I bhformhór na gcásanna, ní dhéanfar aerárthaí a choinneáil ar an talamh mar thoradh ar na Treoracha Éigeandála maidir le hAeracmhainneacht, ach d’fhéadfaidís fós cur isteach ar oibríochtaí agus d’fhéadfaidís a bheith ina gcúis míchaoithiúlachta d’aerphaisinéirí a ndéantar difear dá bpleananna taistil. Tá sé tábhachtach a mheabhrú dúinn féin nach mór tús áite a thabhairt don tsábháilteacht san eitlíocht i gcónaí.
Bí ar an eolas
Cruthaigh cuntas agus lean sinn ar EASA Light ionas go mbeidh an t-eolas is déanaí maidir le gníomhaíochtaí EASA agat.