Is de chineál idirnáisiúnta í an eitlíocht agus, dá bhrí sin, is iarracht chomhoibritheach, dhomhanda í an tsábháilteacht agus an inbhuanaitheacht eitlíochta. Ós rud é nach stopann an tsábháilteacht agus an inbhuanaitheacht ag teorainneacha na hEorpa, ní stopann obair EASA ach oiread. Tá sé tábhachtach a bheith gar do na húdaráis ábhartha, don tionscal, d’eagraíochtaí eitlíochta agus do shaoránaigh ar fud an domhain.
Sin an fáth, chomh maith lena oifigí san Eoraip (Cologne, an Ghearmáin agus an Bhruiséil, an Bheilg), go bhfuil oifigí ag EASA in Washington, Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM); Béising, an tSín; Montréal, Ceanada; Singeapór; agus Cathair Phanama, Panama.
Maidir leis na hoifigí sin:
- tacaíonn siad le húdaráis áitiúla, le lucht tionscail agus le heagraíochtaí ábhartha tuiscint a fháil ar rialacháin agus ar bheartais eitlíochta an Aontais Eorpaigh (AE).
- déanann siad faireachán ar fhorbairtí rialála agus beartais a bhaineann leis an eitlíocht sa tír/réigiún.
- feabhsaíonn siad comhar agus comhchuibhiú rialála idir an tAontas agus an tír/réigiún ar mhaithe leis na saoránaigh agus leis an tionscal.
- cabhraíonn siad le faisnéis sábháilteachta a mhalartú.
- tacaíonn siad le cur chun feidhme comhaontuithe.
- tugann siad cúnamh don tionscal, go háirithe, le deimhniú tháirgí eitlíochta an Aontais á dhéanamh ag údaráis áitiúla.
Téimis ar thuras samhailteach timpeall an domhain agus cuirimis aithne níos fearr ar oifigí idirnáisiúnta EASA.
Montréal, Ceanada
![]() |
| Rrick Ferrandez Ionadaí EASA i gCeanada |
Ón Eoraip, táimid ag taisteal i dtreo Cheanada agus ag stopadh i Montréal. Is cathair an-tábhachtach í Montréal chomh fada is a bhaineann leis an earnáil eitlíochta. Is ceanncheathrú ICAO, an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, atá ann, agus dá bhrí sin, is féidir a rá go dtosaíonn na caighdeáin idirnáisiúnta uile don eitlíocht ansin. I dteannta leis na freagrachtaí a luadh roimhe seo, tá ról lárnach ag ionadaí EASA in Montréal chomh fada is a bhaineann le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar iarrachtaí straitéiseacha ICAO maidir le caighdeáin a leagan síos, ag leanúint threo an Chláir Uilíoch um Iniúchadh ar Mhaoirseacht Sábháilteachta, agus maidir le comhar a chothú idir EASA agus ICAO i ndáil le comhar teicniúil idirnáisiúnta. Forghníomhaítear na freagrachtaí sin i ndlúth-ailíniú le ceanncheathrú EASA, rud a áirithíonn comhordú agus treoir chomhsheasmhach.
Ina theannta sin, óstálann Montréal comhchruinniú suntasach de chinnteoirí aeraspáis cumhachtacha agus de phríomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear an Comhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (IATA) agus Comhairle Idirnáisiúnta na nAerfort (ACI), in éineacht le heagraíochtaí eitlíochta suntasacha eile a bhfuil oifigí agus toscaireachtaí buana acu. Is fianaise í an timpeallacht dhinimiciúil sin ar an tábhacht a bhaineann le hidirchaidreamh tiomnaithe a choinneáil ar bun trí ionadaí EASA.
Tá príomhghníomhaithe tionscail lonnaithe i gCeanada freisin agus, dá bhrí sin, is Údarás Eitlíochta Sibhialta tábhachtach é – Eitlíocht Shibhialta Iompar Cheanada.
Washington DC, Stáit Aontaithe Mheiriceá
![]() |
| Ludovic Aron Ionadaí EASA sna Stáit Aontaithe |
Ó Montréal táimid ag eitilt síos chomh fada le Washington DC. Is comhpháirtithe trádála tábhachtacha iad an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tá siad araon ar thús cadhnaíochta chomh fada is a bhaineann leis an tsábháilteacht eitlíochta. Tar éis an tsaoil, tá ceann de na húdaráis eitlíochta is suntasaí ar domhan lonnaithe in SAM: an tÚdarás Feidearálach Eitlíochta (FAA). Cuid de ról ionadaí EASA sna Stáit Aontaithe is ea comhchuibhiú chreataí rialála EASA agus FAA a fheabhsú, trí mheithleacha déthaobhacha agus iltaobhacha a bhunú.
Tá comhar idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ríthábhachtach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- feabhas leanúnach a chur ar shábháilteacht eitlíochta ar an leibhéal domhanda.
- caighdeáin chomhshaoil níos fearr a bhaint amach don earnáil.
- rochtain ar mhargadh an Aontais a chothú do pháirtithe leasmhara eitlíochta SAM agus a mhalairt.
- tacú leis an nuálaíocht.
Cathair Phanama, Panama
![]() |
| Alfonso Arroyo Ionadaí EASA i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib |
Leanaimid orainn ag dul ó dheas, i dtreo Phanama. Cumhdaíonn oifig idirnáisiúnta EASA limistéar mór: Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib.
Sa limistéar sin, tá BASA (comhaontú déthaobhach maidir le sábháilteacht eitlíochta) bunaithe ag EASA cheana féin, comhaontú a síníodh leis an mBrasaíl agus Socruithe Oibre (SOnna) a síníodh leis an tSile, leis an gColóim agus le Meicsiceo.
Glacann EASA páirt i ngrúpaí sábháilteachta réigiúnacha, i ndlúthchomhar le ICAO, rud a fhágann gur féidir foghlaim agus malartú a dhéanamh maidir le hábhair a bhaineann leis an réigiún, amhail caighdeáin sábháilteachta a chur chun feidhme, iomaíochas agus inbhuanaitheacht comhshaoil.
Cuidíonn láithreacht EASA sa réigiún le feasacht na n-údarás agus na n-eagraíochtaí áitiúla agus réigiúnacha maidir le caighdeáin sábháilteachta eitlíochta Eorpacha ar leith a fhorbairt, chomh maith le tionscal a mhalartú agus tacú leis ar an láthair. Tá an léargas sin ríthábhachtach chun teacht ar chomhaontú maidir le cur chun feidhme cúnaimh theicniúil i réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib trí thionscadail chomhpháirtíochta EASA le heagraíochtaí agus le stáit áitiúla.
Béising, an tSín
![]() |
|
| Ingrid Lagarrigue Ionadaí EASA san Áise Thuaidh |
Tar éis eitilt fhada trasna an Aigéin Chiúin, tuirlingímid i mBéising, áit a bhfuil oifig ionadaíochta EASA san Áise Thuaidh – an tSín, an tSeapáin, an Chóiré Theas agus an Mhongóil.
Oibríonn oifig EASA i mBéising chun an comhar i réimse na sábháilteachta eitlíochta a bharrfheabhsú le páirtithe leasmhara eitlíochta EASA sa réigiún. Is nasc é le hoifigí réigiúnacha na nÚdarás um Eitlíocht Shibhialta, an Tionscail agus ICAO i mBéising agus in Bangkok. Ina theannta sin, tacaíonn an Oifig le forbairt agus le cur chun feidhme comhaontuithe sábháilteachta eitlíochta déthaobhacha agus le socruithe oibre lena bhfiosraítear réimsí comhair nua (intleacht shaorga, cibearshlándáil, breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, aer-shoghluaisteacht uirbeach, róbataic aerárthaigh, aerárthaí leictreacha…).
Tá oifig Bhéising EASA ar thús cadhnaíochta chomh fada is a bhaineann le dul chun cinn agus malartú dea-chleachtas ar mhaithe le sprioc dhomhanda chomhroinnte a chomhlíonadh: sábháilteacht eitlíochta a chur chun cinn san Áise Thuaidh.
Singeapór
![]() |
| David Waller Ionadaí EASA san Áise Thoir Theas agus san Aigéan Ciúin |
Ón tSín, téimid ar eitilt go dtí an stad deireanach lasmuigh den Eoraip: Singeapór, suíomh oifig EASA don Áise Thoir Theas agus don Aigéan Ciúin.
Cosúil leis na hoifigí idirnáisiúnta eile, cuireann ionadaíocht EASA san Áise Thoir Theas pointe fócasach a bhfuil sé éasca teagmháil a dhéanamh leis i ndáil le cúrsaí eitlíochta Eorpacha ar fáil do rialtóirí eitlíochta ón réigiún. Tá fás suntasach aerthráchta le tabhairt faoi deara sa réigiún seo, agus uaillmhianta maidir le comhtháthú réigiúnach, mar sin tá sé úsáideach don tionscal ionadaíocht a bheith ag EASA ann chun cabhrú le tacú le timpeallacht oibriúcháin shábháilte agus inbhuanaithe agus chun taithí na hEorpa a roinnt.
Sa réigiún seo, tá níos mó i gceist le hobair EASA ná díriú ar aerárthaí tráchtála traidisiúnta: smaoinigh ar rudaí amhail seirbhísí leighis éigeandála héileacaptair, ladrainn agus aer-shoghluaisteacht uirbeach, cibearshlándáil agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe - níl iontu sin ach roinnt samplaí de na réimsí ina roinneann EASA a saineolas.
Is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoi oifigí agus ionadaithe EASA ar fud an domhain trí bhreathnú ar a bhfíseáin ar EASA Pro – atá ar fáil i mBéarla amháin.
Ó Shingeapór, fillfimid ar cheanncheathrú EASA in Cologne, áit a leanfaimid ar aghaidh ag obair chun an eitlíocht a choinneáil sábháilte agus chun inbhuanaitheacht na hearnála a mhéadú, ní hamháin don Aontas ach ar fud an domhain freisin.
Bí ar an eolas i gcónaí maidir le gníomhaíochtaí Idirnaisiúnta EASA
Tá súil againn gur bhain tú taitneamh as d’eitilt le EASA. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi Chomhar Idirnáisiúnta agus clárú ar EASA Light chun go gcuirfear ar an eolas thú nuair a bheidh ailt nua ar fáil.




