An intleacht shaorga agus an eitlíocht

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Beidh ról ag an intleacht shaorga i ngach réimse den eitlíocht. Ach teicneolaíocht den sórt sin a thabhairt isteach, beifear in ann ardchúnamh a thabhairt do ghairmithe eitlíochta agus d’uasfheabhsú próiseas ar bhealaí nach mbeadh ann murach sin – rud a fhágfaidh go mbeidh earnáil na heitlíochta níos sábháilte agus níos inbhuanaithe fós. 

Ar ndóigh, bíonn rioscaí agus dúshláin ag baint le teicneolaíochtaí nua, cuir i gcás castacht na gcóras meaisínfhoghlama, impleachtaí eiticiúla agus cibearshlándáil chórais intleachta saorga. Lena Threochlár maidir leis an intleacht shaorga, tá EASA tiomanta d’áirithiú go mbainfidh tionscal na heitlíochta tairbhe as an acmhainn a bhaineann leis an intleacht shaorga a chomhtháthú ina chuid oibríochtaí, agus na caighdeáin is airde sábháilteachta agus cosanta comhshaoil á gcoinneáil ar bun ag an am céanna. 

Conas is féidir le feidhmchláir intleachta saorga dul chun tairbhe na heitlíochta?


Ceann de mhórchumhachtaí na hintleachta saorga is ea an cumas méideanna ollmhóra sonraí a phróiseáil agus foghlaim uathu sin. Is féidir cumais den sórt sin a úsáid chun patrúin a bhrath, tuartha a fhorbairt agus rioscaí a thuar leis, agus is féidir tionchar dearfach a bheith acu sin ar réimsí éagsúla den eitlíocht, mar a leagtar amach sna samplaí a bhfuil cur síos tugtha orthu thíos.

deilbhín d’eitleánOibríochtaí eitilte

Féadfaidh an intleacht shaorga cuidiú leis an bhfoireann trí chomhairle a thabhairt maidir le gnáthchúraimí chun éifeachtúlacht oibríochtúil na heitilte a fheabhsú. Leis an intleacht shaorga is féidir saincheisteanna amhail suaiteacht agus coinníollacha oighrithe a thuar agus cabhraíonn sí freisin le píolótaí sa chinnteoireacht nuair a bhíonn coinbhleacht os a gcomhair.       

deilbhín de rinse agus scriúireCothabháil

Leis an digitiú, tá méadú ag teacht ar an méid sonraí a bhíonn á bpróiseáil ag eagraíochtaí táirgthe agus cothabhála agus, a bhuíochas de sin, táthar ag brath a thuilleadh ar an intleacht shaorga chun na sonraí sin a ionramháil. Le cothabháil réamhfháistineach bunaithe ar an intleacht shaorga, is féidir sceidil chothabhála a bharrfheabhsú, úsáideacht fágtha páirteanna a thuar agus, dá bhrí sin, teipeanna a chosc. 

deilbhín de dhá lámh agus an Domhan iontuComhshaol 

I measc nithe eile, is sampla amháin é optamú conairí eitilte den chaoi ar féidir leis an intleacht shaorga cabhrú le hastaíochtaí carbóin a laghdú le linn oibríochtaí eitilte.    
Sampla de ghné eile ina mbeidh tacaíocht ón intleacht shaorga luachmhar is ea ó thaobh measúnuithe tionchair de. Is gníomhaíocht é measúnú a dhéanamh ar thionchair na heitlíochta ar an gcomhshaol ina bhfuil baint lárnach ag sonraí agus ag an ríomh, amhail torann timpeall ar aerfoirt nó astaíochtaí innill le linn eitilte. Leis an intleacht shaorga, is féidir le EASA feabhas a chur ar a chumas déileáil le sonraí den sórt sin.

deilbhín de radar agus eitleáin beaga bídeachaBainistíocht aerthráchta

Trí anailís a dhéanamh ar shonraí maidir le patrúin aimsire, cumraíochtaí earnálacha, plódú aerthráchta agus tosca eile, d’fhéadfadh an intleacht shaorga tacú le barrfheabhsú na mbealaí eitilte agus le ham eitilte, le hídiú breosla agus le costais eile a laghdú. D’fhágfadh barrfheabhsú den sórt sin go mbeadh córas bainistíochta aerthráchta ní b’éifeachtúla ann – rud lena laghdófaí moilleanna agus lena méadófaí acmhainn an aerthaistil.    
Is féidir leis an intleacht shaorga agus feidhmchláir meaisínfhoghlama (ML) cabhrú le rialaitheoirí aerthráchta cinntí níos eolasaí agus níos tapúla a dhéanamh agus coinbhleacht rompu.

Deilbhín de thúr rialaithe aerfoirt, fear lena lámha ar leathadh agus eitleán lastuas deAerfoirt

Ó thaobh oibríochtaí aeir de, is féidir leis an intleacht shaorga tacú le smionagar ábhair choimhthíoch a bhrath ar an rúidbhealach agus ar aerárthaí neamhdhleathacha gan foireann (amhail drón) timpeall ar aerfoirt, chomh maith le tacú le héantuairt a chosc.             
Laistigh de chríochfort an aerfoirt, is féidir leis an intleacht shaorga cabhrú le scagadh slándála, le brath earraí contúirteacha agus le faireachas. 

deilbhíní de dhrón agus tacsaí aeir uirbighDróin agus aershoghluaisteacht nuálach

Agus sinn ag bogadh i dtreo réaltacht ina bhfuil tacsaithe aeir ina ngnáthghné den saol seachas ina ndíol ficsin eolaíochta, agus ina bhfuil aerárthaí gan foireann cosúil le dróin níos láidre agus á n‑úsáid chun críocha éagsúla, tá an t‑aerspás níos plódaithe ná riamh.       
Beidh an intleacht shaorga ríthábhachtach ansin chun aerárthaí foireannaithe agus aerárthaí gan foireann a chomhtháthú, agus comhroinnt shábháilte an aerspáis idir úsáideoirí á háirithiú ag an am céanna, agus ar deireadh, chun ardseirbhísí U-space a chur chun feidhme (sa ghearrthéarma, níl in U-Space ach tacar réiteach chun trácht aerárthaí gan foireann a bhainistiú). D’fhéadfadh a bheith san áireamh leis sin rudaí amhail bacainní a bhrath, athrú conairí a cheadú agus measúnú a dhéanamh ar rioscaí ar an talamh le linn tuirlingthe.

deilbhín de sciath agus glasAn chibearshlándáil

Is féidir leis an intleacht shaorga tacú le córais níos éifeachtaí agus níos láidre a chruthú chun cibirionsaithe a chosc. Is féidir é a úsáid chun leochaileachtaí na gcóras a bhrath go huathoibríoch agus a phaisteáil (cosc), agus chun bagairtí a shainaithint ar bhonn iompraíochta (brath).

deilbhín de dhoiciméad ina léirítear comhlíonadhBainistiú riosca sábháilteachta

Is réimse é seo fosta ina mbítear ag déileáil le méideanna ollmhóra sonraí. In EASA, tabharfaidh teicneolaíocht na hintleachta saorga cumhacht don fhaisnéis sábháilteachta trí fheabhas a chur ar an gcumas leochaileachtaí a shainaithint, mar shampla. Is féidir leis an intleacht shaorga tacú le rioscaí atá ag teacht chun cinn a bhrath, rioscaí a aicmiú maidir le tarluithe, punann riosca sábháilteachta a dhearadh agus tosaíocht a thabhairt do shaincheisteanna sábháilteachta.

An chaoi a gcumasaíonn EASA glacadh sábháilte teicneolaíochtaí intleachta saorga san eitlíochtClúdach Threochlár EASA 2.0 maidir leis an intleacht shaorga

In 2020, d’fhoilsigh EASA an chéad “Treochlár maidir leis an intleacht shaorga” lenar bunaíodh fís tosaigh na gníomhaireachta maidir le gnéithe sábháilteachta agus eiticiúla d’fhorbairt uirlisí intleachta saorga i réimse na heitlíochta. Is doiciméad beo é Treochlár EASA maidir leis an intleacht shaorga agus tá sé beartaithe é a thabhairt cothrom le dáta agus feabhas a chur air trí mhalartú tuairimí, agus trí obair phraiticiúil ar fhorbairt na hintleachta saorga a chur i gcrích. Foilsíodh an t‑eagrán ba dhéanaí de, “Treochlár 2.0 EASA maidir leis an intleacht shaorga”, i mí na Bealtaine 2023. 

D’fhoilsigh EASA Nóta Coincheapa maidir leis an intleacht shaorga freisin a thacaíonn le rialacha eitlíochta atá ann cheana a chur in oiriúint do shainiúlachtaí na hintleachta saorga, agus le sainaithint ceanglas agus modhanna nua i dtaca le comhlíonadh.      
Ina theannta sin, tá taighde leanúnach ar bun mar chuid den tionscadal Formheas feidhmchláir meaisínfhoghlama (MLEAP) a dhíríonn ar fhormheas na teicneolaíochta meaisínfhoghlama le haghaidh córais atá beartaithe lena n‑úsáid i bhfeidhmchláir a bhaineann le sábháilteacht i ngach réimse atá faoi shainchúram EASA.