Comhar leis an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO)

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Is cúram comhoibritheach é leibhéil arda aonfhoirmeacha sábháilteachta agus inbhuanaitheachta a bhaint amach in earnáil na heitlíochta a chomhroinneann gníomhaithe iomadúla ar fud an domhain. Tá an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) ar cheann de na gníomhaithe is tábhachtaí ar an leibhéal idirnáisiúnta. Is gníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe é ICAO a bhfuil sainordú lárnach aige cabhrú le Stáit an leibhéal aonfhoirmeachta is airde is féidir a bhaint amach i rialacháin, caighdeáin, nósanna imeachta agus eagrú na heitlíochta sibhialta.

EASO agus ICAO

Mar dhá cheann de na príomheagraíochtaí eitlíochta ar domhan, oibríonn EASA agus ICAO i ndlúthchomhar le chéile chun cuspóirí comhchoiteanna maidir le sábháilteacht agus inbhuanaitheacht a bhaint amach. Tá réimse leathan gníomhaíochtaí EASA ann lena n-éascaítear an comhar sin, lena n-áirítear: Grúp-phictiúr de níos mó ná 50 duine ag an imeacht: An Dara Fóram ICAO-EASA maidir leis an Eitlíocht Shibhialta san Áise Thoir Theas, a tionóladh in 2019

  • Oibriú leis an gCoimisiún Eorpach agus le Ballstáit EASA chun comhsheasaimh ar ábhair a dtugtar aghaidh orthu ar an leibhéal domhanda a chomhordú. 
     
  • Tacú le Ballstáit EASA caighdeáin ICAO a chur chun feidhme. 
     
  • Faisnéis sábháilteachta a mhalartú le ICAO chun an t-ualach ar a Bhallstáit a laghdú. Go sonrach, shínigh EASA agus ICAO Socrú Oibre trína gcomhordaíonn siad a gcuid gníomhaíochtaí iniúchóireachta. Fágann sé sin go bhféadfaidh EASA, agus cigireacht á déanamh aige ar Bhallstát, an fhianaise a bhailiú a theastaíonn ó ICAO chun a thorthaí féin a dhúnadh nó chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal comhlíontachta chaighdeáin ICAO. 
     
  • Saineolas teicniúil a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí ICAO: Glacann saineolaithe EASA páirt in obair thart ar 50 painéal, coiste, meitheal, grúpa staidéir agus tascfhórsa ICAO. Ina theannta sin, faoin Socrú Oibre thuasluaite, cuirtear oiliúint ar fhoireann EASA mar iniúchóirí ICAO agus glacann siad páirt in iniúchtaí Chlár Uilíoch um Iniúchadh ar Mhaoirseacht Sábháilteachta ICAO i stáit EASA agus in áiteanna eile. 
     
  • Buanionadaíocht a choinneáil ar bun in Montréal, a fheidhmíonn mar oifig idirchaidrimh le ICAO trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe ICAO, trí eolas a chur ar fáil maidir le beartais agus forbairtí rialála EASA, agus caidreamh oibre a choinneáil ar bun le Rúnaíocht ICAO maidir le hábhair theicniúla.  
     
  • Rannchuidiú leis an tionscnamh “No Country Left Behind” [Gan Aon Tír a Fhágáil Ar Lár] trína ghníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil a chomhordú le ICAO agus le deontóirí eile ar an leibhéal domhanda agus réigiúnach. Déanann EASA comhchathaoirleacht freisin ar an gComhpháirtíocht um Chúnamh maidir le Sábháilteacht Eitlíochta a Chur Chun Feidhme de chuid ICAO
     

Comhar maidir le Cosaint Chomhshaoil

  • Rannpháirtíocht EASA sa Choiste um Chosaint Chomhshaoil Eitlíochta (CAEP) 

Aerárthach ag eitilt, thar chúlra teibí i ndathanna glasa.Tá róil cheannaireachta ag EASA agus cuireann sé go gníomhach le gnéithe éagsúla de chlár oibre Choiste ICAO um Eitlíocht agus Cosaint an Chomhshaoil, lena bhforbraítear agus lena gcothaítear caighdeáin idirnáisiúnta Iarscríbhinn 16 maidir le torann agus astaíochtaí aerárthaí. A luaithe a chomhaontaítear na caighdeáin in ICAO, oibríonn EASA leis an gCoimisiún Eorpach chun iad a chur chun feidhme i reachtaíocht an AE tríd an Rialachán comhfhreagrach a leasú. 

  • Banc Sonraí ICAO maidir le hAstaíochtaí Innill Aerárthaí a óstáil

Is é EASA a dhéanann Banc Sonraí ICAO maidir le hAstaíochtaí Innill Aerárthaí a óstáil thar ceann ICAO. Sa bhunachar sonraí sin tá faisnéis dheimhnithe maidir le hastaíochtaí sceite inneall aerárthaí arna soláthar ag monaróirí inneall. Braitheann minicíocht nuashonruithe banc sonraí ar infhaighteacht sonraí nua ach de ghnáth uair sa bhliain ar a laghad. 

  • Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin ICAO don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) agus Breoslaí Eitlíochta Inbhuanaithe (SAF) a chur chun cinn

Trí rannpháirtíocht i meithleacha CAEP, bhí EASA ag tacú le forbairt agus cothabháil Caighdeán agus Cleachtas Molta (SARPanna), Eilimintí Cur Chun Feidhme agus Ábhar Treorach lena gcumhdaítear CORSIA agus a aonaid/breoslaí astaíochtaí incháilithe.
Tá EASA rannpháirteach go gníomhach freisin i gclár Cúnaimh, Fothaithe Acmhainneachta agus Oiliúna ICAO le haghaidh Breoslaí Eitlíochta Inbhuanaithe (ACT-SAF). Seoladh an clár sin chun deiseanna a chruthú do Stáit lena n-acmhainneacht iomlán a fhorbairt maidir le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a fhorbairt agus a imscaradh, i gcomhréir le tionscnamh ICAO “No Country Left Behind” [Gan Aon Tír a Fhágáil Ar Lár].

Bí ar an eolas i gcónaí maidir le gníomhaíochtaí Idirnaisiúnta EASA

Léigh tuilleadh faoi chomhar idirnáisiúnta EASA maidir le EASA Light. Is féidir leat clárú chun fógra a fháil nuair a thagann ailt nua amach.
Chun forbhreathnú iomlán a fháil ar ghníomhaíochtaí EASA um Chomhar Idirnáisiúnta, féach ar EASA Pro.