Ar mhaidin úr samhraidh i nGleann Loire, agus na chéad ghathanna de sholas na gréine ag spalpadh anuas trasna na ngleannta, ardaíonn na scórtha balún aeir the ildaite go mall suas sa spéir. Is radharc é a mhothófaí go mairfidh sé go deo. Ach taobh thiar den radharc gleoite pictiúrtha sin tá scéal nua-aimseartha maidir le comhar sábháilteachta na hEorpa.
Is beag duine a thuigeann gur cuid mhór de shaol EASA iad balúin. Cé nach bhfuil innill, ríomhairí eitilte ná fearas tuirlingthe in-aistarraingthe acu, i ndeireadh na dála is aerárthaí iad. Is cuid de mhisean EASA iad a choinneáil sábháilte agus comhchuibhithe ar fud na hEorpa, agus áirítear leis sin gach rud ó fhabraic an mhála gáis – an chuid den bhalún a líontar le haer te – go hinniúlacht an phíolóta.
An cineál eitilte is sine
Tá oidhreacht chomh saibhir leis an eitlíocht féin ag an mbalúnú. I mí Mheán Fómhair 1783, sheol na deartháireacha Montgolfier an chéad bhalún aeir the ar domhan. Díreach seachtainí ina dhiaidh sin, d’eitil an tOllamh Jacques Charles an chéad
charlier líonta le hidrigin. Téadh balún amháin le tine, ardaíodh an ceann eile le gás, agus tharraing an dá cheann acu aird an domhain orthu. Bhí an-tóir ar bhalúnú gáis ina dhiaidh sin sa Ghearmáin le linn na 1950idí agus na 1960idí, agus bhí an lámh in uachtar ag na balúin aeir the sna spéartha ar fud an domhain.
Dónn balúin aeir the própán agus de ghnáth fanann siad san aer ar feadh thart ar uair an chloig, ach is féidir le balúin gháis fanacht san aer ar feadh roinnt laethanta. Is é an balúnú gáis an t-aon réimse eitlíochta a thagann faoi raon feidhme EASA ina n-úsáidtear hidrigin go fóill mar ghás ardaithe, rud a chuireann i gcuimhne dúinn cé chomh sean agus chomh suimiúil ó thaobh na teicneolaíochta de atá an cineál eitilte sin.
Ó ghleannta go rialacháin
Ar fud na hEorpa, tá na mílte píolótaí balún gníomhach go hoibríochtúil, agus is ann do gach cineál oibreoirí, ina measc, cuideachtaí beaga atá á reáchtáil ag teaghlaigh a thairgeann eachtraíocht ag éirí na gréine agus díograiseoirí paiseanta a bhíonn ag eitilt ar mhaithe leis an spraoi. D’fhéadfadh cuma shimplí a bheith ar an eispéireas, ach ní rud simplí í an tsábháilteacht ná baol air. Is ansin a thagann Cuid-BOP EASA (Oibríochtaí Balúin) agus Cuid-BFCL EASA (Ceadúnú Foirne Eitilte Balún) isteach.
Leis na rialacha sin, a tugadh isteach in 2018, tugadh gach oibríocht bhalúin san Eoraip faoi chreat sábháilteachta comhsheasmhach aonair. Cumhdaítear le Cuid-BOP gach rud a bhaineann le hoibríochtaí sábháilte. Ní mór do phíolótaí eolas a chur ar an aimsir, seicliostaí a leanúint, paisinéirí a chur ar an eolas, agus a chinntiú nach n-iompraítear aon earra contúirteach ar bord. Déantar idirdhealú sa rialachán idir oibríochtaí bunúsacha (an píolóta móide triúr paisinéirí de ghnáth) agus ceanglais bhreise maidir le heitiltí tráchtála, ar féidir fiú 36 phaisinéir a iompar lena linn.
Foghlaim conas balún a eitilt
Tá ceann de na tairseacha iontrála is ísle san eitlíocht ag baint leis an mbalúnú. De ghnáth, bíonn thart ar 16 uair an chloig d’oiliúint eitilte ag teastáil le haghaidh ceadúnas balúin phríobháidigh, rud a fhágann go mbíonn sé níos inrochtana ná an chuid is mó de na cineálacha eitilte. Déantar ceadúnais a ghrúpáil de réir mhéid an bhalúin, ó bhalúin aeir the Ghrúpa A a iompraíonn roinnt paisinéirí go haerlonga Ghrúpa D a ardaíonn níos mó ná 10 500 méadar ciúbach aeir. De réir mar a théann píolótaí chun cinn agus de réir mar a ghnóthaíonn siad níos mó uaireanta an chloig, is féidir leo aistriú go grúpaí níos mó.
Maidir leis an gcreat ceadúnúcháin sin, a forbraíodh i gcomhar leis an gCónaidhm Eorpach um Balúin, dearadh é go cúramach chun oiliúint a choinneáil comhréireach ach láidir. Léiríonn sé freisin prionsabal EASA go dtógtar an tsábháilteacht nach amháin trí rialacha ach freisin trí rannpháirtíocht an phobail agus trí chaighdeáin chomhroinnte.
Éisteacht leis an bpobal
Is gníomhaíocht é an balúnú atá go mór faoi stiúir an phobail. Is clubanna beaga, gnólachtaí teaghlaigh, nó daoine paiseanta atá ag eitilt leis na glúnta iad go leor oibreoirí. Seachas rialacha a fhorchur ón mbarr anuas, d’oibrigh EASA leis an bpobal chun Leabhar Rialacha EASA atá tiomnaithe do Bhalúin a chruthú laistigh de shraith na Rialacha Sothuigthe.

Leis an acmhainn neamhspleách sin, déantar na mílte leathanach de cheadúnú foirne eitilte agus d’ábhar oibríochtaí a choimriú i bhformáid phraiticiúil sho-úsáidte. Tugtar le chéile ann Rialacha Cur Chun Feidhme, Sonraíochtaí Deimhniúcháin, Modhanna Inghlactha Comhlíonta, agus Ábhar Treorach le struchtúr soiléir agus nascleanúint iomasach. Is é an sprioc atá ann rialacha sábháilteachta a dhéanamh ar féidir le píolótaí nach amháin iad a léamh, ach iad a úsáid freisin.
An cheird taobh thiar den áilleacht
Taobh thiar de gach ardú stáidiúil tá innealtóireacht shuntasach. Tá málaí gáis nua-aimseartha déanta as níolón agus fabraic poileistir lena mbaineann láidreacht stróicthe ard, cosaint UV agus cosaint dóiteáin, agus córais aerála atá deartha go cúramach. Faoina mbun, tá an ciseán caolaigh fite clasaiceach atá beagnach gan athrú, toisc go n-oibríonn sé! Lúbann an caolach faoi ualach, agus ionsúnn sé fuinneamh imbhuailte ar bhealach nach féidir le hábhair níos nuaí amhail snáithíní carbóin nó earraí inséidte. Is sampla foirfe é de thraidisiún fadtéarmach agus an fhisic ag teacht le chéile.
Teorainneacha sábháilte na heitilte
Oibríonn an balúnú laistigh de lamhálacha sábháilteachta dea-shainithe. Meastar go bhfuil sé sábháilte éirí de thalamh i ngaoth faoi bhun 10 muirmhíle san uair agus tuirlingt i ngaoth faoi bhun 15 muirmhíle san uair. Má urramaítear na teorainneacha sin agus má choinnítear an trealamh i gceart, tá an balúnú thar a bheith sábháilte. Mar is amhlaidh le gach cineál eitlíochta, is iondúil go dtarlaíonn timpistí nuair a bhrúitear na teorainneacha sin, nó nuair a thugtar neamhaird ar nósanna imeachta.

Is í an tsábháilteacht a choinníonn na balúin san aer
Is é an rud speisialta faoin mbalúnú an chothromaíocht a bhaintear amach ann idir an ghalántacht agus an cruinneas. Is cosúil go mbíonn gach eitilt gan stró, agus go mbítear ag dul cibé áit a gcinneann an ghaoth, ach braitheann gach ardú ar staidéar cúramach aimsire, ar sheicliostaí mionsonraithe, agus ar bhreithiúnas smachtaithe an phíolóta. Is annamh a smaoiníonn paisinéirí ar Chuid-BOP nó ar Chuid-BFCL; ní dhéanann siad ach dreapadh isteach sa chiseán, mothaíonn siad go bhfuil an talamh ag sleamhnú uathu, agus bíonn muinín acu go bhfuil gach rud déanta chun iad a choinneáil sábháilte.
Is léiriú í an mhuinín chiúin sin ar bhunbhrí na sábháilteachta eitlíochta: iontaofacht a oibríonn sa chúlra. Nuair a fhéachann tú ar bhalún agus é ag gluaiseacht os cionn ghleannta grianmhara Loire, cuimhnigh nach aer te amháin a ardaíonn é, ach freisin eolas, ceardaíocht agus tiomantas comhroinnte phobal balúnaithe na hEorpa, le tacaíocht ó obair EASA chun an cineál eitilte sin, atá ann leis na céadta bliain, a choinneáil slán agus draíochtúil.