An chaoi ar féidir le hoibríochtaí optamaithe an eitlíocht a dhéanamh níos tíosaí ar thruailliú

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Is minic a shamhlaítear aistriú na heitlíochta i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe le teicneolaíochtaí nua agus le foinsí fuinnimh nua amhail breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, tiomáint hidrigine, nó aerárthaí leictreacha. Mar sin féin, is féidir feabhsuithe suntasacha comhshaoil a bhaint amach cheana féin tríd an gcaoi a n‑oibrítear aerárthaí sa lá atá inniu ann.

Is féidir le cleachtais oibríochtúla, ón gcaoi a bpleanálann píolótaí breosla go dtí an chaoi a n‑ardaíonn agus a dtuirlingíonn aerárthaí, ídiú breosla, astaíochtaí, agus torann a laghdú – agus an tsábháilteacht á coinneáil ag an am céanna. Is éard atá i gceist leis na feabhsuithe sin píolótaí, aerlínte, bainistíocht aerthráchta, eagraíochtaí oiliúna, agus rialtóirí a oibríonn le chéile chun an tslí a n‑eitlítear aerárthaí a optamú. Caithimis súil níos géire air.

Eitlíocht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol do phíolótaí

Tá ról tábhachtach ag píolótaí maidir le feidhmíocht chomhshaoil na heitlíochta a fheabhsú. Bíonn tionchar ag an gcaoi a n‑eitlíonn siad aerárthaí ar ídiú breosla.
Cuireann EASA coincheap na heitlíochta comhshaoil chun cinn, lena gcomhtháthaítear teicnící oibriúcháin atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de le hoiliúint píolótaí agus le hoibríochtaí laethúla. Is é an sprioc atá leis sin ní hamháin píolótaí nua a mhúineadh faoin inbhuanaitheacht ach na cleachtais sin a leabú ar fud phobal na bpíolótaí gairmiúla freisin. Mar réamhriachtanas, níor cheart do bhearta inbhuanaitheachta an tsábháilteacht a chur i mbaol riamh. 

Dírítear eitlíocht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ar na nithe seo a leanas:

  • tuiscint a fháil ar an gcaoi a ndéanann roghanna oibríochtúla difear don tionchar a bhíonn aici ar an gcomhshaol;
  • pleanáil éifeachtach eitilte agus bainistiú breosla;
  • próifílí optamaithe ardaithe, cúrsála agus tuirlingthe;
  • cúltarraingt nó caillteanas fuinnimh nach bhfuil gá leis a sheachaint;
  • torann agus astaíochtaí a laghdú le linn oibríochtaí.

Cinntíonn ionchorprú na gcúrsaí comhshaoil i dtraenáil píolótaí agus i nósanna imeachta aerlínte go bhfuil píolótaí in ann cur le laghdú ar dhó breosla agus ar astaíochtaí, agus oibríochtaí sábháilte agus éifeachtúla á gcoinneáil acu. Bainistiú níos cliste ar bhreosla agus ar fhuinneamh. Méadaítear meáchan an aerárthaigh nuair a iompraítear níos mó breosla ná mar is gá, rud a mhéadaíonn ídiú breosla. Díríodh go traidisiúnta sa phleanáil breosla ar a áirithiú go n‑iompraíonn aerárthaí a ndóthain breosla chun an eitilt a chur i gcrích go sábháilte agus chun teagmhais a láimhseáil.

In 2022, nuashonraigh EASA rialacha maidir le bainistiú breosla/fuinnimh chun an cur chuige sin a nuachóiriú trí scéimeanna breosla níos solúbtha agus níos feidhmíochtbhunaithe a thabhairt isteach as a dtiocfaidh gnóthachain chomhshaoil, agus corrlaigh shábháilteachta iomchuí á gcoinneáil ar bun an tráth céanna. Tacaíonn an cur chuige le héifeachtúlacht oibríochtúil níos fearr agus is féidir leis iompar breosla neamhriachtanach a laghdú, rud a laghdaíonn ídiú breosla agus astaíochtaí le linn eitilte dá réir. 

Oibríochtaí leanúnacha ardaithe agus tuirlingthe

Cuireann oibríochtaí ardaithe leanúnacha agus oibríochtaí tuirlingthe leanúnacha ar chumas aerárthaí próifílí eitilte níos rianúla a leanúint agus níos lú cur isteach orthu. Cuireann na teicnící seo ar chumas aerárthaí ardú nó tuirlingt trí úsáid a bhaint as próifílí optamacha sá agus luais, rud a laghdaíonn ídiú breosla, astaíochtaí agus torann timpeall ar aerfoirt. 
Léiríonn staidéar gur féidir le teicnící tuirlingthe leanúnaigh na scórtha cileagram breosla a shábháil in aghaidh na heitilte d’aerárthaí cabhlaigh chaoil, agus sábhálann aerárthaí is mó ná sin níos mó fós. Má smaoiníonn tú ar na mílte eitleán a eitlíonn gach lá, is suntasaí fós an líon sin – agus bailíonn brobh beart.

Bainistíocht níos éifeachtaí aerthráchta

scáileán ar a dtaispeántar deilbhíní iomadúla aerárthaí agus suíomhanna, lena léirítear coincheap na bainistíochta aerthráchta

Braitheann éifeachtúlacht oibríochtúil go mór ar struchtúr an aerspáis agus ar an gcaoi a ndéantar eitiltí a bhainistiú freisin.
Is é aidhm na dtionscnamh nua-aimseartha i mbainistíocht aerthráchta ligean d’aerárthaí eitilt ar chonairí níos dírí agus níos optamacha, rud a laghdaíonn ídiú breosla agus astaíochtaí araon. Mar shampla, táthar ag súil go laghdófar le feabhsuithe ar bhainistíocht aerthráchta agus ar dhearadh an aerspáis astaíochtaí CO₂ in aghaidh na heitilte go mór mór sna blianta amach romhainn. 
Cuireann na feabhsuithe seo ar chumas aerlínte malairtí slí neamhriachtanacha a sheachaint, patrúin choinneála a laghdú, agus cosáin eitilte a optamú.

Freagracht chomhroinnte

Ní theastaíonn aon teicneolaíocht nua aerárthaí le haghaidh go leor de na bearta sin, ní theastaíonn ach nósanna imeachta feabhsaithe, oiliúint fheabhsaithe agus feasacht oibríochtúil fheabhsaithe. Mar sin féin, braitheann cur chun feidhme na nósanna imeachta sin ar ghníomhaithe éagsúla: 

  • píolótaí, a chuireann teicnící oibriúcháin éifeachtúla i bhfeidhm;
  • aerlínte, a chuireann cláir éifeachtúlachta breosla chun feidhme;
  • bainistíocht aerthráchta, a chumasaíonn conairí eitilte éifeachtúla;
  • aerfoirt, a thacaíonn le hoibríochtaí éifeachtúla;
  • rialtóirí, a sholáthraíonn an creat rialála agus an treoir. 

I dteannta a chéile, is cuid thábhachtach iad na feabhsuithe oibríochtúla sin de chonair na heitlíochta i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe.

Léigh tuilleadh faoi EASA Pro (i mBéarla amháin)

Bí ar an eolas – lean EASA Light

Comhroinnfidh EASA an fhaisnéis is déanaí maidir le hinbhuanaitheacht agus cosaint an chomhshaoil in earnáil na heitlíochta. Cruthaigh cuntas agus lean EASA Light chun an t‑eolas is déanaí a fháil!

Nuashonraithe is déanaí:
21 Oct 2026