I gcomhthéacs EASA is mar ‘an t‑aerspás níos airde’ a thagraítear don limistéar idir an limistéar a n‑eitlíonn eitleáin os a chionn de ghnáth agus an limistéar faoi bhun ‘spáis’, áit ar féidir ardú nó buacacht neamhleor a ghiniúint le haghaidh gnáthoibríochtaí aerárthaí, cé nach bhfuil teorainneacha an aerspáis níos airde sin sainithe ná comhaontaithe go domhanda fós.
Tá na bunrudaí clúdaithe againn san alt seo a leanas: Oibríochtaí aerspáis níos airde: cad a tharlaíonn murab í an spéir an teorainn?
San alt seo, déanaimid mionléiriú ar dhearaí nua aerárthaí lenar féidir úsáid a bhaint as an aerspás níos airde agus as na tairbhí ar féidir leis an tsochaí a bheith ag súil leo ó oibríochtaí aerspáis níos airde.
Cén cineál aerárthaí a d’fhéadfadh úsáid a bhaint as an aerspás níos airde agus cad chuige?
Is féidir leis an aerspás níos airde a bheith ina ‘bhaile’ do chineálacha éagsúla aerárthaí, a bhfuil speictream leathan treoluais i gceist leo, i.e. idir an-mhall agus sárghasta. Is limistéar idirthurais é freisin le haghaidh feithiclí atá ar a mbealach go dtí an cianspás. Díreoimid anseo ar aerárthaí a oibreoidh in aerspás níos airde a thiocfadh faoi shainchúram EASA den chuid is mó, fad is a shainmhínítear mar aerárthaí sibhialta iad.
Córais ardáin ard-airde ( – nó bréagshatailítí)
Táthar ag súil go mbeidh siad sin ar na haerárthaí coitianta a eitleofar san aerspás níos airde. Is feithiclí an-éadrom iad, a mbíonn raon leathan sciatháin acu, níos leithne go minic ná raon sciatháin gnátheitleán fiú. Is iondúil go mbíonn siad grianchumhachtaithe, a bhuí le ghrianchealla, agus is féidir leo fanacht san aerspás ar feadh i bhfad, agus iad ag faoileitilt thart go réidh. Is féidir córais ardáin ard-airde a úsáid, i measc nithe eile, le haghaidh teileachumarsáide, chun críocha loingseoireachta agus i bhfaire na cruinne. D’fhéadfaidís seirbhísí a sholáthraíonn satailítí saorga domhanfhithise ísle a ionadú nó a chomhlánú. Is é an buntáiste a bhaineann leo ná gur féidir iad a imscaradh go tapa, a thabhairt anuas go talamh le haghaidh nuashonruithe agus ansin iad a athsheoladh arís go dtí an t‑aerspás níos airde. D’ainneoin an t‑ainm atá orthu, is aerárthaí atá iontu agus, dá bhrí sin, tagann siad faoi shainchúram EASA.
Balúin
Is féidir le balúin airdí i bhfad níos airde a bhaint amach ná córais ardáin ard-airde, ar minic iad a bheith níos airde sa strataisféar ná 30 ciliméadar. Téann cuid acu chomh fada le hairde 40 ciliméadar nó os a cionn. Cosúil le córais ardáin ard-airde, tá siad in-athúsáidte, is féidir leo teacht anuas, is féidir iad a aisghabháil le haghaidh cothabhála nó uasghráduithe, agus ansin is féidir iad a athsheoladh. Úsáideann siad héiliam nó hidrigin le haghaidh ardaithe agus fanann siad ina stad den chuid is mó mar gheall ar phatrúin ghaoithe strataisféaracha intuartha. Áirítear ar a bhfeidhmeanna, mar shampla, taighde eolaíoch, nascacht idirlín, faire na cruinne agus faireachas míleata. Úsáid shuimiúil eile a bhaintear as balúin is ea an turasóireacht ‘neas-spáis’, mar a thugtar uirthi, inar féidir leis an tionscal tairseach chuig imeall an spáis a thairiscint do phaisinéirí in éagmais roicéid. Sna balúin seo is féidir dul suas sa strataisféar go réidh, áit ar féidir le taistealaithe cuaire an Domhain agus duibhe an spáis ó chapsúl brúchóirithe a bhlaiseadh. I gcomparáid le córais ardáin ard-airde, bíonn i gceist le balúin costais níos ísle agus seasmhacht níos faide, ach bíonn orthu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail sruth aimsire agus teorainneacha pálasta.
Aerárthaí forshonacha agus hipearsonacha
D’fhéadfaí aerárthaí den sórt sin a úsáid chun paisinéirí agus earraí a iompar, agus iad in ann eitilt níos airde agus i bhfad níos tapúla. Ciallaíonn aerárthaí forshonacha go bhfuil an luas os cionn luas na fuaime, mar sin, níos airde ná 1 236 chiliméadar in aghaidh na huaire. I gcás aerárthaí hipearsonacha, is ionann an luas agus cúig oiread luas na fuaime, is é sin os cionn 6 000 ciliméadar in aghaidh na huaire. Samhlaigh eitilt ón bPortaingéil go dtí an Nua-Shéalainn laistigh de chúpla uair an chloig! Mar sin féin, ní féidir le hiompar ardluais a bheith inmharthana ach amháin má tá sé inacmhainne do phaisinéirí agus má dhéantar é ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Is dúshlán fós é an tionchar ar an gcomhshaol agus ar thruailliú torainn na n‑oibríochtaí sin nach mór aghaidh a thabhairt air sula bhféadfadh oibríochtaí mar sin a bheith ina ngnáthchuid dár saol.
Tairbhí ó oibríochtaí in aerspás níos airde agus taighde gaolmhar
Nuálaíocht
Le hoibríochtaí in aerspás níos airde éilítear cur chuige difriúil ná oibríochtaí traidisiúnta aeir nó spáis, as a dtagann coincheapa agus fionnachtana nuálacha a mbíonn toradh iarmhartach acu de ghnáth. D’fhéadfadh feabhsuithe a bheith mar thoradh ar thaighde, mar shampla, i réimsí an deartha, na tiomána, na giniúna grianchumhachta, na gcóras uathrialaitheach, na n‑ábhar cumaisc éadrom, na n‑ardteicneolaíochtaí stórála fuinnimh, gan ach cuid acu lua, rud a d’fhéadfadh an t‑aeraspás agus an nuálaíocht thionsclaíoch níos leithne a neartú.
An comhshaol
Mar a luadh thuas, úsáideann roinnt de na haerárthaí ar féidir leo an t‑aerspás níos airde a bhaint amach teicneolaíochtaí níos glaise amhail grianchumhacht agus hidrigin. Dá bhféadfaí aerárthaí mar sin a chur in ionad satailítí – a dteastaíonn tiomáint roicéad uathu, i.e. tuilleadh breosla iontaise agus níos lú acmhainní glasa – bheadh dul chun cinn ó thaobh an chomhshaoil de ann. Ina theannta sin, is fusa córais ardáin agus balúin ard-airde a fháil ar ais, rud a fhágann gur lú ‘smionagar spáis’ a bhíonn ann. Is féidir le córais mar sin rannchuidiú freisin le taighde ar an aeráid agus ar an atmaisféar, agus tacú le tuiscint níos fearr a fháil ar dhúshláin ó thaobh an chomhshaoil de, agus iad a mhaolú trí fhaireachán leanúnach ardtaifigh a dhéanamh ar dhromchla agus ar atmaisféar an Domhain.
Luas
Leis an aerspás níos airde tugtar an deis taisteal níos tapúla, rud atá úsáideach, mar shampla, i gcás éigeandálaí. Dá bharr, is féidir imscaradh tapa bonneagair chriticiúil a chumasú nó soláthairtí práinneacha leighis nó daonnúla a sheachadadh chuig limistéir iargúlta nó scoite amach.
Nascacht
Is féidir le hardáin atá ag feidhmiú san aerspás níos airde cumarsáid dhomhanda a fheabhsú trí nascacht leathanbhanda a sholáthar do réigiúin nach bhfuil seirbhís leordhóthanach ar fál iontu, rud a chuideoidh leis an deighilt dhigiteach a dhúnadh. Is féidir leo a bheith ina gcomhlánú do shatailítí freisin, athléimneacht a fheabhsú agus aga folaigh a laghdú i líonraí domhanda.
Breathnóireacht agus slándáil
Le hoibríochtaí aerspáis níos airde cuirtear ar fáil cumais fheabhsaithe maidir le faire na cruinne, faireachán comhshaoil agus faireachas teorann nó muirí. Is féidir sonraí luachmhara a sholáthar freisin don talmhaíocht agus do bhainistiú tubaistí dá mbarr freisin.
Fás eacnamaíoch agus comhar
Is féidir le gníomhaíochtaí in aerspás níos airde margaí nua a spreagadh, fostaíocht a chruthú, agus comhoibriú idirnáisiúnta a spreagadh maidir le rialáil agus dea-chleachtais. Ach creataí rialachais a fhorbairt don réimse seo, cothaítear trédhearcacht, sábháilteacht agus úsáid inbhuanaithe an chianspáis, agus an comhar idir earnáil na heitlíochta agus earnáil an spáis á threisiú ag an am céanna.
Mar is léir, fiú sula ndéantar oibríochtaí mórscála san aerspás níos airde, is féidir linn tairbhe a bhaint cheana féin as an obair ata á déanamh chun a leithéid d’oibríochtaí a chumasú. Tá EASA ag glacadh páirt freisin i dtaighde atá á dhéanamh ar fhorbairtí tionscail agus tá sé ag cur leo go gníomhach d’fhonn tacú leis an nuálaíocht agus d’fhonn a áirithiú go leanfaidh an eitlíocht de bheith sábháilte agus go mbeidh tionchar níos lú aici ar an gcomhshaol amach anseo. Lean na forbairtí uile ar EASA Pro (ar fáil i mBéarla amháin).