Deimhniúchán cineáil EASA d’aerárthach atá go hiomlán faoi thiomáint leictreach

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Ba chloch mhíle thábhachtach é an chéad deimhniúchán cineáil ar domhan de chuid EASA d’aerárthach atá go hiomlán faoi thiomáint leictreach i mí an Mheithimh 2020 i dtreo eitlíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Comhar idir an tionscal agus EASA

PipistrelBaineadh amach an deimhniúchán, a tugadh chun críche laistigh de thrí bliana, san achar ama sin mar gheall ar dhlúthchomhar idir monaróir an aerárthaigh (Pipistrel) agus EASA. 

An sprioc choiteann: a chinntiú gur chomhlíon an t-aerárthach an caighdeán ard sábháilteachta a bhí ag teastáil le haghaidh deimhniúcháin. 

Foghlaimíodh ceachtanna tábhachtacha a bhuí leis an tionscadal a thacóidh le deimhniúcháin a fháil d’inneall agus d’aerárthaí atá faoi thiomáint leictreach amach anseo. 

Cur chuige dhá shruth maidir le deimhniúchán

Forbraíodh an tionscadal deimhniúcháin in dhá shruth, i.e. na gníomhaíochtaí deimhniúcháin tipiciúla a bhaineann leis an aerárthach ar an gcéad dul síos agus san am céanna clár comhordaithe tástála eitilte ina n-úsáidtear cabhlach Alfa-Electro (nach bhfuil deimhniúchán faighte ina leith go fóill) faoi cheadúnas eitilte ó EASA. 

Ós rud é go rabhthas in ann aerárthach comhchosúil a oibriú, bhí rochtain ag foireann EASA ar na sonraí oibríochtúla ba ghá le haghaidh gníomhaíocht deimhniúcháin, agus béim á leagan acu san am céanna ar na riachtanais oibríochtúla chun eitlíocht faoi thiomáint leictreach a chumasú. 

Taithí phearsanta ar eitilt faoi thiomáint leictreach 

Le linn na dtionscadal sin, fuair foireann EASA taithí phearsanta ar eitilt faoi thiomáint leictreach leis an aidhm tuilleadh a fhoghlaim faoi cheallraí, faoina gcórais bhainistíochta agus faoi aonaid chumhachta innill leictrigh chomh maith. 

Forbairtí agus tionscadail deimhniúcháin bhreise

Céim aistir atá sa chéad deimhniúchán aerárthaigh atá go hiomlán faoi thiomáint leictreachVirus Pipistrel lena gcuirtear ar fáil an fhéidearthacht cumraíochtaí nua inill aerárthaí ar nós meascán hibrideach de loine agus d’aonaid cumhachta leictrí. Cuireann inill hibrideacha aerárthaí buntáistí ar fáil amhail tuilleadh seasmhachta a bheith ann agus an t-aistriú cumhachta éifeachtach a bhaineann le mótair leictreacha á choinneáil ar bun san am céanna.  
 

Tabhair cuairt ar Chomhphobal Eitlíochta Ginearálta EASA agus bí páirteach ann

Más díograiseoir i réimse na hEitlíochta Ginearálta thú, is é Comhphobal Eitlíochta Ginearálta EASA an áit ar féidir leat bualadh le daoine eile ar spéis leo í agus do phaisean a roinnt leo.