Níl gach aerárthach ceaptha chun paisinéirí agus cásanna a iompar. Tógtar cuid acu chun satailítí, héileacaptair, nó codanna eitleáin amhail sciatháin nó cabhlacha a iompar. Is iad seo na fathaigh shéimhe san eitlíocht. D’fhéadfadh cuma neamhghnách a bheith orthu ón taobh amuigh, ach cuireann siad oibríochtaí agus misin thar a bheith deacair go meicniúil i gcrích. Cé gur féidir le cuma eitleáin mhóir aird a tharraingt, taobh thiar den chruth neamhchoitianta tá na blianta d’obair dheimhniúcháin agus seicliosta fada de riachtanais sábháilteachta.
Carachtair Fothaigh Shéimhe
Tá roinnt aerárthach chomh mór sin i ndearadh go bhfuil stádas íocónach bainte amach acu laistigh den eitlíocht. Mar shampla, tá cabhail ‘aoibhiúil’ ar leith ag Beluga, tá sé deartha chun páirteanna aerárthaí a iompar atá rómhór d’eitleáin chaighdeánacha lasta. Is éard atá i gceist leis an gcuid is mó dá chuid oibre sciatháin, cabhlacha agus comhpháirteanna eile a iompar idir monarchana Airbus. Cé go bhfuil an chuma air ón taobh amuigh go bhfuil sé spraíúil, is córas an-speisialaithe é go deimhin. Is próiseas cóiréagrafaithe go cúramach é Beluga a lódáil agus bíonn trealamh saincheaptha ag teastáil, agus teastaíonn faomhadh EASA ó gach céim.
Is fathach eile é an Airbus A380, ach de chinéal an-difriúil ar fad. Mar an t-aerárthach paisinéirí tráchtála ba mhó a dheimhnigh EASA riamh, ba chloch mhíle san innealtóireacht eitlíochta é. Mar gheall ar an
dá dheic iomlána, na ceithre inneall, agus an toilleadh do níos mó ná 500 paisinéir, bhí sé ceannródaíoch i ndáiríre. Cé go raibh scála A380 ina éacht innealtóireachta, is léir nach raibh sé chomh inmharthana céanna mar shamhail ghnó. Dearadh an A380 le haghaidh samhail ‘hub-and-spoke’, seachas le haghaidh córas taistil ó phointe go pointe. I samhail ghnó go leor aerlínte sa lá atá inniu ann, go háirithe na hiompróirí ísealchostais, tá gá le scairdeitleáin dhé-inneallacha níos lú agus níos éifeachtúla ó thaobh breosla de ar féidir leo eitilt go díreach idir cathracha.
Áirítear leis na haerárthaigh lastais cháiliúla eile an Boeing 747 Dreamlifter, ar 747 modhnaithe go mór é a tógadh chun comhpháirteanna ollmhóra aerárthaí a iompar. Ina theannta sin, is fathaigh iad Antonov An-124 agus An-225 Mriya a bhfuil cáil orthu as lasta mórthomhais a iompar, amhail gineadóirí, agus fiú aerárthaí iomlána eile. Tá an An-225, a scriosadh san Úcráin in 2022 ar an drochuair, fós ar an aerárthach is troime a tógadh riamh agus is meabhrúchán é ar cé chomh fada agus is féidir dearadh lasta a bhrú.
Dúshláin mhéide
I gcás aerárthaí den mhéid seo, is dúshlán é iad a thógáil, ach is dúshlán níos mó fós é a chruthú do rialtóirí gur féidir leo eitilt go sábháilte. Is é sin an áit a nglacann EASA páirt ann – chun meastóireacht a dhéanamh ar an aerárthach agus chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais sábháilteachta uile agus chun maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas deimhniúcháin chun aeracmhainneacht a ráthú. Sular féidir le haon aerárthach mórmhéide lasta a iompar, ní mór gach gné struchtúrach, gach córas cosanta dóiteáin agus gach brathadóir deataigh a dheimhniú chun caighdeáin sábháilteachta a chomhlíonadh.
Mar shampla, ní dhéantar ualaí lasta a phacáistiú go néata i gcónaí. Is féidir le satailít, héileacaptar, nó inneall brú ollmhór a chur ar achar beag amháin den urlár. Is é ról EASA a áirithiú gur féidir leis an struchtúr an t-ualach comhchruinnithe sin a iompar agus nach gcuirtear as riocht é le linn eitilte. Ina theannta sin, ní mór don aerárthach a bheith in ann eitilt mar a bhfuiltear ag súil leis, fiú nuair a bhíonn sé pacáilte le cruthanna agus le meáchain neamhghnácha.
Cothromú Ualaigh
Is castacht eile í an chothromaíocht. Déantar meastóireacht sa deimhniú ar chothromaíocht an aerárthaigh agus ar an gcaoi a bhféadfadh tionchar a bheith ag lódail réada an-trom san áit mhícheart ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an t-aerárthach san aer.
Ar eitilt paisinéirí, déantar meáchan a dháileadh go cothrom: daoine, bagáiste, lónadóireacht, agus breosla. Ar aerárthach lastais, áfach, is minic a bhíonn cruthanna corra agus ábhair dhlútha i gceist. Fiú má tá an meáchan foriomlán inghlactha, is féidir leis an mbealach ina bhfuil sé tiubhaithe cur isteach ar cháilíochtaí láimhseála an aerárthaigh. Sin an fáth a n-úsáideann oibreoirí Lámhleabhair Meáchain agus Cothromaíochta go beacht, agus an fáth nach mór anailís a dhéanamh ar gach cás lódála agus iad a fhormheas sula ndéantar iad a dheimhniú. Is éard atá sna lámhleabhair seo, go bunúsach, an leabhar rialacha lena sainítear conas gach ualach a chur isteach agus a dhaingniú.
Ar an iomlán, ní bhaineann sé le ce chomh trom is atá an lastas, ach cá bhfuil sé suite san aerárthach. Is féidir le hualach a chuirtear san áit mhícheart an meáchanlár a athrú agus barraíocht brú a chur ar na bíomaí urláir. Sin an fáth a ndéanann EASA athbhreithniú ní hamháin ar struchtúr na n-aerárthaí, ach freisin ar Meáchain agus Cothromaíochta na n-oibreoirí.
Rólanna Sibhialta, Míleata agus Daonnúla
Tá feithiclí míleata lasta móra ar nós an Airbus A400M nó an A330 MRTT (Iompar Tancaeir Ilróil) deimhnithe i gcomhar le húdaráis mhíleata. Ní mór do na heitleáin sin déileáil le roinnt cuspóirí, lena n-áirítear breosla a chur in eitleáin troda agus iad fós san aer, aslonnuithe leighis a dhéanamh do shibhialtaigh, agus cuidiú le seachadadh bia daonnúil. Cé go bhfuil a gcaighdeáin féin ag gníomhaireachtaí míleata, bíonn siad ag brath ar dheimhniú EASA maidir le croíshábháilteacht agus dearadh

Is minic a fhreastalaíonn na fathaigh lastais seo ar mhisin a d’fhéadfadh a bheith deacair a dhéanam, ach cinntíonn deimhniú EASA gur féidir leo na cásanna éilitheacha seo a láimhseáil go sábháilte.
Ag Breathnú Chun Tosaigh
Cibé acu an Beluga aisteach atá i gceist, nó an A380 a bhíodh maorga tráth, meabhraíonn aerárthaí mórmhéide dúinn go mbaineann an eitlíocht chomh mór le fadhbanna a réiteach agus a bhaineann sí leis an eitilt féin. Chun na fathaigh sin a dheimhniú ní mór d’innealtóirí, do rialtóirí agus d’oibreoirí oibriú as láimh a chéile — agus sábháilteacht, fisic agus praiticiúlacht á gcothromú.
B’fhéidir nach mbeadh an chéad ghlúin eile d’iompróirí lasta níos mó i gcónaí; mar sin féin, beidh orthu a bheith níos cliste, níos éifeachtaí, níos solúbtha, agus a bheith in ann róil a ghlacadh nach féidir linn ach a shamhlú sa lá inniu.