An bhfuair tú drón le haghaidh na Nollag – cad a dhéanfaidh tú anois leis?

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Comhghairdeas as drón nua a fháil le haghaidh na Nollag! Cé gur dócha go bhfuil tú ag tnúth lena thógáil as an mbosca agus triail a bhaint as a luaithe is féidir, tá sé tábhachtach cúpla nóiméad a thógáil chun a chinntiú go bhfuil a fhios agat conas a oibríonn do dhrón agus cad iad na rialacha is gá duit a leanúint chun do shábháilteacht féin agus sábháilteacht daoine eile a chinntiú. Mar chianphíolóta dróin, is ball de thionscal spreagúil atá i mbun forbartha anois thú. Cá bhfios cad í an chéad chéim eile duit.

Ar an dea-uair, níl ach roinnt céimeanna simplí le leanúint sula mbeidh tú in ann taitneamh a bhaint as do dhrón nua agus píosa spraoi a bheith agat a bhuí leis an ngléas teicneolaíochta iontach seo. Mínítear iad san fhíseán seo agus tá mionchur síos le fáil orthu sa téacs thíos:

  1. Cláraigh ar líne mar chianphíolóta dróin ar shuíomh gréasáin d’Údaráis Náisiúnta Eitlíochta.
    Caithfidh tú clárú ar líne mar chianphíolóta dróin, mar atá sé don chuid is mó de na cineálacha dróin atá ann. Tá sé simplí go leor, déanta na fírinne. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Údarás Náisiúnta Eitlíochta na tíre ina bhfuil cónaí ort nó ina bhfuil do phríomháit ghnó agus lean na céimeanna is gá chun uimhir chlárúcháin oibreora córais aerárthaí gan foireann a fháil.
     
  2. Ceangail d’uimhir chlárúcháin le do dhrón.
    Nuair a bheidh d’uimhir chlárúcháin agat, ceangail le do dhrón í.  Tar éis duit an próiseas clárúcháin a thabhairt chun críche agus do dheimhniúchán cianphíolóta dróin a fháil i dtír EASA amháin, ní gá duit an próiseas a dhéanamh arís i dtír EASA eile. Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann leis na rialacháin nua Eorpacha maidir le dróin is ea go bhfuil an teastas bailí ar fud an Aontais (agus san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis).  
     
  3. Seiceáil na Geoilimistéir Dhróin le fáil amach cá hait is féidir leat do dhrón a chur ag eitilt.  
    Ní féidir drón a chur ag eitilt áit ar bith is mian leat. Tá roinnt srianta ann chun sábháilteacht agus chun príobháideachas gach duine a chinntiú. Ní mór duit seiceáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis Náisiúnta Eitlíochta maidir le haon srianta sonracha ar an áit ar féidir leat drón a chur ag eitilt inti. Tá gach tír freagrach as an gcaoi a riarann sí a críoch agus a bhfoilsíonn sí a léarscáileanna geografacha dróin féin (ar a dtugtar geoilimistéir). Taispeántar thíos na limistéir nach gceadaítear dróin iontu, cuir i gcás áiteanna cosúil le haerfoirt, láir cathrach, suiteálacha míleata agus mar sin de.  Foghlaim tuilleadh faoi Gheoilimistéir inár bhfíseán sonrach maidir leo:
    Geoilimistéir – bíodh a fhios agat cá háit ar féidir leat do dhrón a chur ag eitilt 
     
  4. Bí ag eitilt go freagrach – Is tusa an cianphíolóta anois.
    Is tusa an cianphíolóta anois, tá tú freagrach as an méid a tharlaíonn nuair a chuireann tú drón ag eitilt. Bíonn dróin á n-úsáid ar na saolta seo chun rudaí iontacha a dhéanamh. Anois agus páirt á glacadh agatsa ann freisin, tá tábhacht ar leith le bheith ag eitilt go freagrach. Léigh na treoracha ó mhonaróir do dhróin chun a chinntiú go bhfuil a fhios agat conas a oibríonn sé. Tuilleadh spraoi agus tú ag cur drón ag eitilt a bheidh mar thoradh air sin.

An bhfuil suim agat tuilleadh a fhoghlaim? Féach na naisc seo chuig Acmhainní maidir le Sábháilteacht Dróin.