Treoir oibreora do chianphíolótaí dróin

físeáin, do chuid ceisteanna agus freagraí EASA, grafaicí faisnéise agus mórán eile...

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Lean thart ar 2 000 rannpháirtí imeachtaí beosruthaithe dróin EASA i mí na Nollag 2020 inar ardaigh lucht oibrithe drón fóillíochta agus oibreoirí a chuireann dróin ag eitilt chun críocha gnó go leor ceisteanna agus chuir EASA a chuid freagraí ar fáil ina leith.

Físeáin imeachtaí beoshruthaithe ar chainéal YouTube EASA Imeachtaí a bhaineann le dróin, Nollaig 2020

Féach ar na físeáin de gach ceann de na seisiúin agus caith súil ar an tsraith ceisteanna agus freagraí a bhí mar thoradh ar gach ceann de na himeachtaí.

 

Drón a oibriú le haghaidh píosa spraoi – roinnt céimeanna simplí sula gcuirfidh tú ag eitilt é Drón a oibriú le haghaidh píosa spraoi – roinnt céimeanna simplí sula gcuirfidh tú ag eitilt é

Cláraigh ar líne leis an Údarás Náisiúnta Eitlíochta sa tír ina bhfuil cónaí ort, faigh oiliúint le haghaidh scrúdú ar líne agus faigh pas ann, faigh teastas cianphíolóta ar líne agus réitigh gach rud roimh gach eitilt. 

 

Cé atá in ann eitilt agus cén cineál dróin atá i gceist?What kind of drone can I fly?

Tugann an scéimléaráid léargas maith duit faoi cé atá in ann an drón a chur ag eitilt, faoin bhfochatagóir ina gceadaítear sin agus faoi na coinníollacha faoinar féidir é a chur ag eitilt. Léigh go cúramach é agus cabhróidh sé leat le do chinneadh maidir le cén drón é an ceann is fearr duitse. 

  • Cliceáil ar an íomhá chun an PDF a oscailt agus a íoslódáil.

Grafaicí faisnéise – íoslódáil iad agus roinn le cianphíolótaí dróin eile

Agus ní hin é a dheireadh! Grafaicí faisnéise maidir le dróin Tá na grafaicí faisnéise ar fáil lena n-íoslódáil agus lena roinnt ar fud phobal na gcianphíolótaí dróin. Clúdaítear gach gné de iontu.

  • Na príomhghnéithe a bhaineann le do dhrón a chur ag eitilt go sábháilte
  • Lean na rialacha agus na treoracha atá le fáil sa lámhleabhar maidir le do dhrón
  • Cláraigh mar chianphíolóta dróin.
  • An oiliúint agus na tástálacha ar líne a chur i gcrích

    ...agus mórán eile de, féach na ‘Grafaicí Faisnéise maidir le Dróin’ de chuid EASA Pro.
     

Fógra Eolais maidir le Dróin

FoilsíodhCatagóirí nua dróinbileoga eolais do gach rang dróin (rang 0-6) i dteangacha uile AE – rud a fhágann go mbíonn sé níos éasca do chách na riachtanais a thuiscint agus eolas a chur orthu. 

Leagtar béim sna bileoga eolais ar na nithe ar cheart a dhéanamh agus orthu siúd nár cheart d’oibreoirí ná do chianphíolótaí dróin a dhéanamh. Beidh teacht agat orthu mar chuid den bpáipéarachas a bhfaighidh tú drón ar bith a cheannóidh tú – nó is féidir leat iad a íoslódáil ón suíomh gréasáin seo.

Cónaitheoirí neamh-AE ar cuairt san Eoraip agus a ndróin leoDrones - non-eu residents

An bhfuil sé i gceist agat do dhrón a thabhairt leat chun na hEorpa? 

Féach ár bpóstaer chun a fháil amach cad is gá duit a dhéanamh.

EASA Pro – tuilleadh eolais faoi dhróin shibhialta (aerárthaí gan foireann)

Tá i bhfad níos mó eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin EASA Pro, mar sin má tá tuilleadh eolais á lorg agat, féach: