Sunny Swift – Flight Instructor

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Sunny Swift – Flight InstructorTá sé tábhachtach an meán ceart a roghnú le haghaidh teachtaireachta. Is eolaíocht asat féin í iarracht a dhéanamh coincheapa casta agus faisnéis chasta a mhíniú. Tá fíordhúshlán romhat má chuireann tú an dá rud le chéile.

In 2018, bhí sé mar aidhm ag EASA é sin a dhéanamh.

Bhí Dominique Roland, a bhí i gCeannas ar an Eitlíocht Ghinearálta (ar eitlíocht le haghaidh iompar príobháideach í, lena n-áirítear spóirt) an tráth sin, agus é féin ina phíolóta cleaseitilte, spreagtha maidir leis an gcaoi chun faisnéis a roinnt le páirtithe leasmhara ar bhealach físiúil a bhí éasca le tuiscint. Chuir sé foireann le chéile chun coincheap cartúin a fhorbairt.

Le linn thaispeántas AERO in 2018, thug EASA isteach an cartún dar teideal ‘Sunny Swift – Flight Instructor’.

Cé hí Sunny Swift?

Is píolótach éirimiúil 32 bliain d'aois í Sunny Swift, a raibh roinnt cásanna deacra eitilte aici cheana féin. Tá an ghairm bheatha aici múineadh mar theagascóir.

Tá sí an-dáiríre faoin tsábháilteacht, agus spreagann sí mic léinn chun stopadh tamaillín, machnamh a dhéanamh agus foghlaim faoi cheisteanna tábhachtacha sábháilteachta.

Tá Sunny an-eolach, ach fiú déanann sí féin botúin ó am go chéile agus is é an príomhchuspóir atá aici príomhghnéithe saincheiste a chur i láthair agus plé a spreagadh i measc píolótaí, idir phíolótaí céad bliana agus phíolótaí a bhfuil taithí acu.

Foilsíodh breis agus 30 eagrán go dtí seo

Ó seoladh é, tá breis agus 30 eagrán den chartún foilsithe agus aistrithe go teangacha AE.

Déantar an obair ar fad ag EASA, agus úsáideann beirt chomhghleacaithe a gcuid scileanna ealaíne chun na pictiúir chartúin a tharraingt. Déantar aistriúcháin go suas le 24 teanga AE go hinmheánach freisin in EASA, le cabhair ón bhfoireann a thugann faoin tasc seo go deonach, in éineacht leis an obair eile atá acu.

Breathnaigh ar na heagráin a d'fhoilsíomar go dtí seo in 2021 (cliceáil ar gach íomhá chun an t-eagrán a fháil):

Eanáir 2021

Sunny Swift - Eanáir 2021

 

Márta 2021

Sunny Swift - Márta 2021

 

Bealtaine 2021

Sunny Swift - Bealtaine 2021

Meitheamh 2021

Sunny Swift - Meitheamh 2021

 

Iúil 2021

Sunny Swift - Iúil 2021

 

Deireadh Fómhair 2021

Sunny Swift - Deireadh Fómhair 2021

Cad iad na hábhair a chumhdaítear?

Éisteann EASA go cúramach le riachtanais an phobail Eitlíochta Ginearálta agus freagraíonn sé do thimpistí agus do theagmhais athfhillteacha chomh maith le moltaí a fhaightear maidir le hábhair nua a bhféadfadh Sunny Swift aghaidh a thabhairt orthu.

Chomh maith le moltaí a thagann ón bpobal, breathnaíonn foireann EASA ar an bPlean Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta (EPAS) le haghaidh leideanna chun a shuíomh cén áit ar cheart mínithe breise nó treoir atá éasca le tuiscint a thabhairt.

I bhformáid chartúin, ní mór na scéalta a bheith gonta, ach ag deireadh gach caibidle tá rannán “Ábhar Gaolmhar” ann, mar a bhfuil naisc chuig tuilleadh eolais agus chuig tagairtí, dóibh siúd ar mian leo dul níos doimhne agus níos mó a fhoghlaim.

Má tá suim agat san Eitlíocht Ghinearálta, agus más mian leat faisnéis phraiticiúil a mhalartú le píolótaí eile agus le EASA, féach ar ár suíomh Pobal Eitlíochta Ginearálta agus féach go pearsanta ar a bhfuil á phlé san fhóram ar líne.