Réidh le hEitilt

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

De réir mar a chuireann muintir na hEorpa tús lena laethanta saoire samhraidh, agus de réir mar a chuirtear tús le haerthaisteal tar éis thús na paindéime COVID-19, ní raibh gach turas chomh réidh agus a bhí beartaithe.

Is tasc casta é filleadh ar mhéideanna aerthaistil a bhí ann sula raibh COVID-19 ann agus tá EASA ag obair le haerlínte, le haerfoirt agus leis an tionscal chun a áirithiú go mbíonn eitiltí sábháilte i gcónaí in ainneoin na ndúshlán sin.

Tá Feachtas “Réidh le hEitilt” seolta ag EASA mar chomhiarracht a bhfuil eagraíochtaí an tionscail eitlíochta páirteach ann chun cabhrú le do thuras a éascú. Tá roinnt leideanna curtha le chéile againn le haghaidh céimeanna do thurais. Is í an phríomhriail le cuimhneamh uirthi, áfach:

Bí cineálta le gach ball foirne agus le comhphaisinéirí

Réidh le heitilt

Cé gur laghdaíodh srianta COVID-19 i mórán cásanna, is é an bealach is fearr fós tú féin agus daoine eile a chosaint ó COVID-19 a tholgadh ná masc leighis a chaitheamh, agus éilíonn roinnt tíortha agus aerlínte go gcaitheann tú masc ar an eitleán agus ar chineálacha iompair eile. Seiceáil na rialacha atá i bhfeidhm ag gach céim de do thuras le do thoil chun a áirithiú go bhfuil tú ullmhaithe.

Seiceáil, Bí ar an eolas, Smaoinigh, Téigh – leideanna chun taisteal sábháilte a áirithiú

Tá roinnt leideanna curtha le chéile ag EASA chun cabhrú le paisinéirí turas sábháilte agus réidh a bheith acu. Breathnaigh ar na leideanna chun ullmhú don taisteal:

  • Réidh le himeacht - Lean na leideanna uainn chun turas réidh a áirithiú
  • Ar an mbealach - Seiceáil an fhaisnéis is déanaí agus cabhraigh le cur isteach a íoslaghdú
  • Ag an aerfort - Bí ullmhaithe maidir le gach céim den turas tríd an aerfort
  • Ar an eitleán - Is gairmithe dea-oilte iad na foirne atá ann ar mhaithe le do shábháilteacht. Lean na treoracha uathu le do thoil
Réidh le himeacht

 

Réidh le himeacht
  • SEICEÁIL Re-open EU le fáil amach cad iad na riachtanais taistil atá i bhfeidhm sa tír a bhfuil sé ar intinn agat cuairt a thabhairt uirthi (tá na riachtanais ag athrú go leanúnach, mar sin pleanáil roimh ré agus seiceáil arís ina dhiaidh sin).
     
  • BÍ AR AN EOLAS maidir leis an méid is gá duit a ullmhú agus a thabhairt leat sula n-imíonn tú chuig an aerfort (pasanna, ticéid, doiciméid COVID) agus ansin an méid a bheidh romhat ag an aerfort (b’fhéidir go mbeadh níos lú foirne ann, mar sin bíodh níos mó ama agat le gach rud a dhéanamh).
     
  • SMAOINIGH maidir le conas a rachaidh tú chuig an aerfort (iompar poiblí, páirceáil), cén críochfort óna n-imeoidh tú agus na rudaí éagsúla nach mór duit a dhéanamh nuair a shroichfidh tú an t-aerfort.
     
  • TÉIGH ar aghaidh agus ullmhaigh.
Ar an mbealach

 

Ar an mbealach
  • SEICEÁIL isteach sula sroicheann tú an t-aerfort, más féidir, fiú má tá málaí fós le fágáil agat, agus priontáil amach do phasanna bordála nó bíodh siad ar fáil agat go digiteach nó mar sheatanna scáileáin.
     
  • BÍ AR AN EOLAS maidir le cén t-am an t-aerfort a bhaint amach - glactar leis faoi láthair gur am cuí é idir dhá agus trí huaire an chloig roimh an imeacht, ach má tá amhras ort seiceáil le d’aerlíne. Má thagann tú go leor uaireanta roimh an imeacht, d’fhéadfaí scuainí agus amanna feithimh iomlána a mhéadú.
     
  • SMAOINIGH agus iarr cúnamh aerfoirt má tá fíor-mhíchumas nó fadhb shoghluaisteachta agat. Tá feidhm fós ag rialacha maidir le leachtanna agus earraí contúirteacha a iompar, mar sin pleanáil ina leith sin.
     
  • TÉIGH ar aghaidh agus cuir tús le do thuras.

 

 

Ag an aerfort

 

Ag an aerfort
  • SEICEÁIL an t-aerfort imeachta: cá bhfuil na deasca seiceáil isteach, an tslándáil agus do gheata imeachta. Is é an rud is tábhachtaí ná seiceáil a dhéanamh ar do bhagáiste agus bíodh doiciméid thábhachtacha leat i gcónaí.
     
  • BÍ AR AN EOLAS maidir le tréimhse bhordála d’éitilte agus bíodh go leor ama agat chun dul tríd an tslándáil agus chun dul chuig an ngeata.
     
  • SMAOINIGH ar conas a rachaidh do chuid gníomhartha i bhfeidhm ar dhaoine eile: ní rud maith é barraíocht alcóil a ól.
     
  • TÉIGH ar aghaidh agus bíodh tréimhse shábháilte agat ag an aerfort.
Ar an eitleán

 

Ar an eitleán
  • SEICEÁIL uimhir do shuíocháin agus an tslí amach is cóngaraí duit nuair a bhaineann tú do shuíochán amach. 
     
  • BÍ AR AN EOLAS go bhfuil treoracha ón bhfoireann ann ar mhaithe le do leas agus le do shábháilteacht. Lean na treoracha sin.
     
  • SMAOINIGH agus éist leis an treorú sábháilteachta. D'fhéadfadh do bheatha a bheith ag brath ar an bhfaisnéis sin.
     
  • TÉIGH ar aghaidh agus bain sult as an eitilt.