Earraí contúirteacha ar bord eitiltí

Cén fáth a bhféadfadh roinnt earraí a bheith contúirteach ar bord eitleáin

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Dhá phíosa bagáiste agus scútar leictreachIs féidir le gléasanna leictreonacha a úsáidimid inár saol laethúil a bheith ina riosca sábháilteachta nuair a iompraítear d’aer iad. Sin é an fáth go bhfuil earraí áirithe ann nach féidir a iompar ach amháin i do bhagáiste láimhe, nach féidir ach a úsáid ar bord aerárthaigh ach faoi choinníollacha áirithe, nó go fiú ar a bhfuil cosc iomlán ar iad a thabhairt ar bord leat in aon chor.

Cuimhnigh: is iarracht chomhchoiteann í an tsábháilteacht agus tá ról le himirt agatsa inti mar phaisinéir. Dá bhrí sin, tá sé an-tábhachtach go léann tú go cúramach an t‑eolas faoi earraí contúirteacha curtha ar fáil ag an aerlíne roimh d’eitilt. 

Mód eitleáin: casta air

I bhformhór na gcásanna, is féidir linn úsáid a bhaint sa lá atá inniu ann as ár ríomhairí glúine, ar bhfóin chliste, ár ríomhléitheoirí, ár dtáibléad, etc. le linn cuid mhór den eitilt (tá eisceachtaí i gceist leis sin, áfach, cuir i gcás le linn éirí de thalamh agus tuirlingthe). Mar sin féin, is fiú cuimhneamh go bhféadfadh gléasanna leictreonacha iniompartha cur isteach ar an trealamh eitleáin, agus bíonn sé sin difriúil ó chineál amháin d’aerárthach go ceann eile. Sin é an fáth go n‑éilíonn aerlínte ort “mód eitleáin” a chur ar siúl ar ghléasanna den sórt sin i gcónaí.

Ceallraí litiam

Bionn ceallraí litiam le fáil i gcuid mhaith de na gléasanna a úsáidimid ar bhonn laethúil. Is é a dhéanann in-athluchtaithe do ghuthán póca, do ríomhaire glúine, do tháibléad nó do cheamara fiú ná na ceallraí ian litiam atá iontu. Nuair a dhéantar damáiste, nó i gcás gearrchiorcaid nó róthéimh, is féidir leis na ceallraí sin dul trí thine. Sin an fáth ar chóir duit do ghléasanna leictreonacha iniompartha (PEDanna) amhail ceamaraí, ríomhairí glúine agus fóin a iompar i do bhagáiste láimhe (a bheireann tú ar bord leat), agus ní sa bhagáiste seiceáilte isteach. 

Ní mór ceallraí breise agus bainc chumhachta a iompar i gcónaí i do bhagáiste iompair agus gan iad a chur i do bhagáiste seiceáilte isteach riamh. Ní mór iad a chosaint ina n‑aonar chun gearrchiorcadadh a chosc, agus ní cheadaítear ach uasmhéad de dhá cheann acu san iomlán in aghaidh an duine a iompar. Níor cheart iad a athluchtú agus iad ar bord aerárthaigh. 

Cé nach bhfuil sé inmholta, más gá duit do ghléasanna leictreonacha a chur sa bhagáiste seiceáilte isteach, ní mór duit a chinntiú go ndéantar na gléasanna a mhúchadh go hiomlán agus a chosaint ó chur ar siúl de thaisme. Cuireann roinnt aerlínte cosc iomlán ar earraí den sórt sin a iompar sa bhagáiste seiceáilte isteach.
Cibé an gcuirtear sa bhagáiste láimhe nó sa bhagáiste seiceáilte isteach iad – níor cheart go mbeadh ní ba mhó ná vata áirithe in aghaidh na huaire (Wh) ag an gceallra agus ba chóir é a cheannach ó bhun-mhiondíoltóirí amháin agus gan iad a cheannach ó mhiondíoltóirí neamhiontaofa riamh. Cinntíonn sé sin go ndearnadh tástáil cheart ar an gceallra.

  • Bagáiste “cliste” a úsáid

Mar aon le go leor rudaí inár saol laethúil, idir fhóin agus tóstaeir, tá bagáiste tar éis éirí “cliste” le blianta beaga anuas. Bíonn bagáiste cliste feistithe le ceallra nó le ceallraí litiam cheana féin, de ghnáth. Dá bhrí sin, bíonn feidhm ag rialacha maidir leo siúd freisin. Níor cheart go rachadh an ceallra nó na ceallraí thar uasmhéid de 0.3 gram ná 2.7 Wh d’ábhar litiam. Má sháraíonn siad an teorainn sin, tá dhá rogha agat:  tabhair an mála leat sa chábán mar bhagáiste láimhe, nó, mura féidir leat déanamh amhlaidh, ní mór duit an ceallra nó na ceallraí a bhaint agus iad a thabhairt leat sa chábán faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le cadhnraí breise agus bainc chumhachta.

  • Bí ag faire amach le haghaidh comharthaí rabhaidh a chuireann in iúl go bhfuil ainghléas orthu 

Má tá ceallraí borrtha, ró-the nó fiú má tá deatach ag teacht amach uathu, is comharthaí soiléire iad sin go bhfuil rud éigin mícheart leo. Má thugann tú aon rud eile faoi deara le do cheallra le linn na heitilte nó san aerfort, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh láithreach le ball den fhoireann cábáin nó le ball d’fhoireann an aerfoirt. 

  • Ceallraí a ndearnadh damáiste dóibh, atá lochtach nó a aistarraingíodh

Is féidir le cealla agus ceallraí ian litiam ar shainaithin a monaróirí mar earraí lochtacha iad ar chúiseanna sábháilteachta, nó a ndearnadh damáiste dóibh, a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hardú teasa, le tine nó le gearrchiorcadadh (e.g. iad siúd a chuirtear ar ais chuig an monaróir ar chúiseanna sábháilteachta) a bheith an-chontúirteach agus níor cheart do phaisinéirí iad a iompar ar bord. 

Toitíní leictreonacha

Ní mór toitíní leictreonacha a choinneáil i do bhagáiste láimhe i gcónaí. Tá cosc freisin ar iad a athluchtú agus iad ar bord an aerárthaigh.

Gléasanna iompair fóillíochta

grianghraf gar-amhairc de dhá chos ar ghluaischothromáinGo ginearálta, ní cheadaítear gléasanna iompair fóillíochta faoi thiomáint ag cadhnraí litiam cosúil le gluaischothromáin, cláir scátála leictreonacha agus gléasanna féinchothromáin sa bhagáiste seiceáilte isteach nó sa chábán, mar go bhfuil rátáil de 100 Wh nó níos mó ag na ceallraí sin. Dá bhrí sin, tá sé níos sábháilte na nithe sin a fhágáil sa bhaile agus tú ag eitilt thar lear. 

Bí ar an eolas i gcónaí

Cruthaigh cuntas agus lean sinn ar EASA Light chun bheith ar an eolas maidir leis an nuacht is déanaí a bhaineann le sábháilteacht san eitlíocht agus a thuilleadh!