Sábháilteacht agus Folláine Aerphaisinéirí

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

AHSPChun cabhrú leat le d’aerthaisteal, tá EASA agus an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) tar éis Prótacal Sábháilteachta Sláinte Eitlíochta COVID-19 a nuashonrú le sonraí faoi conas sábháilteacht sláinte na n-aerthaistealaithe agus an phearsanra eitlíochta a chinntiú le linn a gcuid turas.

Is féidir teacht ar an bpreaseisiúint agus ar an bprótacal nuashonraithe ar EASA Pro, ár suíomh gréasáin d’údaráis eitlíochta, don tionscal agus do ghairmithe.

 

Suíomhanna Gréasáin, Aipeanna & Faisnéis AE

Tá a sheacht ndícheall á dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach chun deis a thabhairt do dhaoine bualadh lena gcairde agus lena dteaghlaigh agus saorghluaiseacht saoránach, earraí agus seirbhísí a chinntiú – agus bearta sláinte agus sábháilteachta á n-urramú go hiomlán san am céanna.

Sheol an Coimisiún roinnt tionscnamh chun cabhrú le saoránaigh a bheith in ann taisteal go sábháilte ar fud na hEorpa. Tabhair cuairt ar a suíomhanna gréasáin agus íoslódáil a n-aipeanna chun an fhaisnéis ábhartha go léir a fháil:

 

Ceisteanna Coitianta agus Póstaeir le haghaidh Sábháilteacht Sláinte agus Folláine Paisinéirí – COVID-19

Passenger FAQs COVID-19Rinne EASA catalóg na gCeisteanna Coitianta a nuashonrú chun cabhrú le paisinéirí aerthaistil i ndáil le COVID-19.  
Féach ar na Ceisteanna Coitianta maidir le conas ullmhú le haghaidh turais agus conas a choinneáil sláintiúil agus tú ag taisteal.

 

Tá achoimre déanta ag EASA agus ag ECDC ar na gnéithe is tábhachtaí den chomhairle sin don phaisinéir i bhfoirm phóstaeir: 

  • Pleanáil do thuras Poster EASA - ECDC
  • Ag dul chuig an aerfort
  • An t-aerfort imeachta
  • Ar an eitleán
  • An t-aerfort isteach

Tá an póstaer ar fáil freisin i bhformáidí éagsúla leagain amach agus i dteangacha éagsúla ar EASA Pro.