Ag eitilt le leanaí

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Beirt daoine fásta agus beirt leanaí ag aerfortIs paisinéirí rialta iad leanaí, bíonn siad ag bordáil eitiltí gach lá. Idir roghanna suí agus sannadh suíochán agus an líon leanaí a cheadaítear ar bord, tá go leor gnéithe sábháilteachta le breithniú ag na haerlínte agus ag daoine fásta tionlacain. 

Mar riail ghinearálta, molaimid má tá tú ag eitilt le leanaí, gur cheart duit teagmháil a dhéanamh i gcónaí le d’aerlíne nó leis an Údarás Náisiúnta Eitlíochta chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas riachtanach ar fad agat, de bhrí go bhféadfadh sonraíochtaí éagsúla a bheith i bhfeidhm i dtíortha éagsúla agus ag aerlínte éagsúla. 

Tá roinnt leideanna le fáil san alt seo maidir leis na ceisteanna a d'fhéadfadh a bheith ag déanamh imní díot.

Roghanna suí

  • Is féidirle naíonáin suas go dtí 24 mhí d’aois taisteal in ucht duine fásta má tá “crios sábhála naíonáin” in úsáid nó i suíochán linbh, cosúil leis na suíocháin a úsáidtear i gcarranna (tuilleadh eolais thíos), atá daingnithe ar shuíochán an aerárthaigh.
  • Is féidirle leanaí atá idir 2 bhliain agus 12 bhliain d’aois suí ar ghnáthshuíochán an aerárthaigh nó is féidir iad a dhaingniú i suíochán linbh a bheidh fágtha ar shuíochán an aerárthaigh.

Suíocháin linbh: cad atá le seiceáil roimh eitilt?

Deilbhín de shuíochán linbh ón taobhMás mian leat suíochán linbh a úsáid ar aerárthach, seiceáil go bhfuil an suíochán formheasta le haghaidh “úsáid in aerárthach”. Ba cheart go mbeadh an t-eolas sin le feiceáil ar an lipéad ar an suíochán linbh. Ba cheart duit lámhleabhar an mhonaróra a léamh áit a bhfuil le treoracha le fáil maidir le conas an suíochán a dhaingniú ar shuíochán an aerárthaigh. Ní gá gurb ionann an “suiteáil” seo agus an modh suiteála a úsáidtear i do charr.

Tabhair cóip de na treoracha leat ionas gur féidir leis an bhfoireann cábáin a chinntiú go bhfuil an suíochán linbh suiteáilte i gceart. Ná déan dearmad leithead agus airde do shuíocháin linbh a sheiceáil chun a chinntiú go mbeidh sé oiriúnach do shuíochán an aerárthaigh.

Ní hionann an srian sábháilteachta in aerárthach agus i gcarr agus, dá bharr sin, ní féidir suíocháin chúisín suíocháin ardaithe linbh a úsáid in aerárthaí.

Ná déan dearmad gach rud a sheiceáil leis an aerlíne i gcónaí

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil sé de rogha ag an aerlíne suíochán linbh a úsáid, fiú má fhormheastar é le haghaidh úsáid aerárthaí, agus go mbraitheann sé ar bheartas na haerlíne. Labhair le foireann na haerlíne a mbeidh tú ag eitilt léi má theastaíonn tuilleadh eolais maidir le taisteal le leanaí uait. Ná déan dearmad, fiú má cheannaíonn tú do thicéad le haerlíne amháin, go bhféadfadh aerlíne eile a bheith freagrach as céim amháin nó níos mó de do thuras agus go bhféadfadh beartais dhifriúla a bheith ag gach aerlíne. Dá bhrí sin, ní mór duit na srianta féideartha go léir a sheiceáil ionas nach dtarlaíonn aon rud nach raibh súil agat leis.

Suíochán linbhD'fhéadfadh roinnt aerlínte suíocháin leanaí a chur ar fáil ar bord, agus b'fhéidir gur mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi seo. Tá suíochán naíonáin/linbh ar a dtugtar ‘Srian Sábháilteachta Linbh (CRS)’ atá oiriúnach do naíonáin agus do leanaí suas go dtí 18 kg meáchain, nó 100 cm ar airde, deimhnithe ag EASA. Is féidir é a shuiteáil i suíomhanna dírithe chun tosaigh agus ar chúl, agus ar fiar. 

Le linn na heitilte

Is é an suíomh is fearr do shuíochán linbh an suíochán fuinneoige. Baineann sé seo le nósanna imeachta aslonnaithe: níor cheart go mbeadh suíocháin linbh sa bhealach nuair a bhíonn daoine ag dul i dtreo an bhealaigh amach is gaire dóibh, dá réir sin, is é suíochán fuinneoige an rogha is fearr. Ar an gcúis chéanna, ní féidir é a shuiteáil in aon suíochán/ró ar an mbealach chuig bealach amach éigeandála nó sna rónna díreach ar aghaidh nó díreach taobh thiar de bhealach amach dá leithéid.

Eolas tábhachtach

D’fhéadfadh rialacha a bheith ag aerlínte maidir leis an líon uasta leanaí a bhíonn ag taisteal le duine fásta amháin. Bíonn sábháilteacht i gcónaí ag croílár na heitlíochta agus bíonn tionchar ag an líon leanaí ar bord ar rudaí amhail leithdháileadh suíochán, suaiteacht agus i gcás éigeandála. Is iad na haerlínte seachas EASA a shonraíonn an beartas maidir leis an uaslíon leanaí in aghaidh an duine fásta.

Tuilleadh eolais

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil, seiceáil na hacmhainní thíos (b'fhéidir nach mbeidh roinnt acmhainní ar fáil ach i mBéarla amháin): 

Bí ar an eolas i gcónaí

Cruthaigh cuntas agus lean sinn ar EASA Light ionas go mbeidh an t-eolas is déanaí maidir le gníomhaíochtaí EASA agat.