Drón mar bhronntanas Nollag?

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Drón mar bhronntanas Nollag?B'fhéidir go bhfuil tú ag smaoineamh ar dhrón a thabhairt mar bhronntanas Nollag? Tá EASA sásta go bhfuil líon méadaitheach chianphíolótaí freagracha drón ann. Mar sin, cheapamar go dtabharfaimis cúpla leid.  

Bíonn sé dúshlánach in amanna an drón ceart a roghnú don duine ceart. Tabharfar sa treoirleabhar seo roinnt leideanna agus tabharfar achoimre ann ar chuid de na rudaí nach mór duit a bheith ar an eolas fúthu agus a chur san áireamh.

Gnéithe le cur san áireamh agus drón á cheannach

Aois íosta do chianphíolóta/oibreoir dróin

Tríd is tríd, ní mór cianphíolótaí/oibreoirí drón sa chatagóir fóillíochta ‘oscailte’ a bheith 16 bliana d’aois nó níos sine. Mar sin féin, seiceáil le d’Údarás Eitlíochta Náisiúnta de thairbhe go bhfuil riachtanas aoise rud beag níos ísle de 14 bliana d’aois ag roinnt tíortha, mar shampla.

Meáchan an dróin

Maidir le dróin os cionn 250 gram (le ceamara nó braiteoirí ar bord nó gan iad, a chlúdaíonn formhór mór na ndrón) ní mór don chianphíolóta/oibreoir dróin:

  • Clárú ar líne lena nÚdarás Eitlíochta Náisiúnta (mar oibreoir, ní mar chianphíolóta).
  • Uimhir aitheantais chláraithe an oibreora a chur ar an drón nó ar na dróin má tá níos mó ná ceann amháin ag an úinéir (an uimhir chéanna dá gcuid drón go léir).

Ní mór don phíolóta an oiliúint ar líne a sholáthraíonn a nÚdarás Eitlíochta Náisiúnta a chríochnú freisin agus pas a fháil sa scrúdú.

Ceanglais maidir le dróin bhréige

Toy DronesClárú an oibreora dróin agus an scrúdú do chianphíolótaí

Aicmítear drón mar bhréagán má chomhlíonann sé rialacháin bhréagán an AE. Is féidir é seo a fháil ar an mbosca nó i dtreoirleabhar an dróin. Más bréagán é an drón, ní gá duit clárú mar oibreoir agus/nó pas a fháil sa scrúdú do chianphíolótaí, fiú má tá ceamara beag ar bord an dróin bhréige.

Mar sin féin, má tá an drón níos troime ná 250 gram, ní drón bréige é a thuilleadh. Ciallaíonn sé seo gur gá don oibreoir é féin a chlárú agus gur gá don chianphíolóta pas a fháil san oiliúint ar líne agus sa scrúdú ar líne.

Aois chianphíolóta an dróin bhréige

Más bréagán é an drón, níl aon aois íosta ann chun é a eitilt. Mar sin féin, tá cianphíolótaí óga drón go léir freagrach i gcónaí as a gcuid gníomhartha agus iad ag eitilt.

Moltar go n-eitlíonn mionaoisigh aon drón bréige faoi mhaoirseacht duine fásta, chun eolas a fháil ar lámhleabhar an dróin. Seiceáil an bhfuil cead agat eitilt sa cheantar inar mian leat an drón a eitilt.

  • Cliceáil ar an íomhá chun faisnéis ar dhróin bhréige a íoslódáil. Tá na póstaeir ar fáil ar EASA Pro.

Bunrialacha do shábháilteacht drón

Is iad na bunrialacha maidir le sábháilteacht drón ná na príomhghnéithe sábháilteachta nach mór d’oibreoirí drón agus do chianphíolótaí drón a chur san áireamh. 

SÁBHÁILTE, lean na rialacha agus lámhleabhar an dróinBe drone smart

COINNIGH, an t-achar ceart agus na hairdí cearta

DÉAN MEASÚNÚ, ar an dúiche mórthimpeall agus seiceáil an áit a bhfuil cead agat eitilt inti

FREAGRACH, as gach eitilt agus as príobháideachas daoine eile

FAIGH OILIÚINT, déan an oiliúint agus an scrúdú ar líne

  • Cliceáil ar an íomhá chun an PDF a oscailt agus a íoslódáil.

Cé atá in ann cén cineál dróin a eitilt?

Sa scéimreach thíos, tugtar forbhreathnú maith maidir le cé atá in ann cén cineál dróin a eitilt, agus maidir leis an bhfochatagóir agus na coinníollacha a bheadh i gceist. Léigh go cruinn é, mar cabhróidh sé leat le do chinneadh maidir le cén drón a cheannóidh tú.

  • Cliceáil ar an íomhá chun an PDF a oscailt agus a íoslódáil.

What type of drone can I fly?

Oibreoirí agus cianphíolótaí drón

Féach ar EASA Light i mí na Nollag le halt nua a léamh ina mbeidh tuilleadh sonraí d’oibreoirí agus do chianphíolótaí drón. Tabharfaidh EASA tuilleadh sonraí lena chinntiú go bhfuil oibreoirí nua drón ar an eolas faoina n-oibleagáidí go léir agus go mbeidh treoir ar fáil dóibh.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ag:

Roinn an t-alt seo leis an úinéir nua

Áirithigh go bhfuil an duine a fhaigheann do bhronntanais Nollag - an t-úinéir nua nó an cianphíolóta - ar an eolas faoi conas agus cén áit le faisnéis a fháil.

Tá an t-alt seo curtha le chéile ag EASA lena áirithiú go bhfuil gach duine ar an eolas faoin méid atá le déanamh acu, faoi na rialacha nach mór a leanúint agus faoi conas a bheith ina n-oibreoir maith dróin agus ina gcianphíolóta maith dróin.

Roinn an t-alt seo leo!