Conas a eitlíonn eitleáin?

An eolaíocht a chuireann ar ár gcumas dúinn éirí in airde sa spéir

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

Ar bhreathnaigh tú in airde riamh agus eitleán a fheiceáil ag gluaiseacht leis go réidh sa spéir, os cionn na scamall? Ar fhiafraigh tú díot féin conas is féidir leis an meaisín ollmhór sin fanacht in airde?

Cheapfá go mbeadh sé beagnach dodhéanta go bhféadfadh rud miotail, ina n-iompraítear na céadta paisinéirí agus a mbagáiste, a bhealach a dhéanamh go stáidiúil, maorga os cionn an domhain. Is iad an fhisic agus an dearadh, agus an chothromaíocht fhíorshuimiúil eatarthu, is bonn leis an gcumas eitilte.

Na ceithre phríomhfhórsa

Ceithre phríomhfhórsa is cúis leis an gcumas eitilte: ardú, meáchan, sá agus cúltarraingt. Go bunúsach, feidhmíonn siadsan mar a bheadh foireann dhofheicthe ann a chuireann ar ár gcumas dúinn gach aistear a dhéanamh. Tarraingíonn an t-ardú an t-eitleán aníos, tarraingíonn an meáchan anuas é, spreagann an sá chun cinn é, agus cuireann an chúltarraingt bac air agus é ag gluaiseacht. Ionas gur féidir le rud eitilt, ní mór an chothromaíocht cheart a choinneáil idir na ceithre fhórsa sin… más mó an sá ná an chúltarraingt, géarófar ar luas an eitleáin, agus má iompaítear soc an aerárthaigh in airde leis an rialtán airde, tosóidh sé ag dreapadh.

Is iad na sciatháin an chuid den eitleán is mó is cúis leis an ardú. Tá fíor na sciathán (nó na haereiteoga) déanta sa chaoi go bhfuil cuar réidh ar a mbarr agus dromchla níos cothroime fúthu. De réir mar a ghluaiseann an t-aerárthach chun cinn, géaraítear ar luas an aeir agus é ag gluaiseacht thar an dromchla uachtair cuartha agus moillítear é faoina bhun. Fágann an difríocht sin i luas an aeir go mbíonn ísliú brú os cionn an sciatháin agus ardú brú faoina bhun, rud a chruthaíonn fórsa aníos atá láidir go leor chun cur i gcoinne na domhantarraingthe. Dá thapa a ghluaiseann an t-aer thar na sciatháin, is ea is mó an t-ardú, agus nuair a fhaigheann an t-ardú an ceann is fearr ar an meáchan, tugann an t-eitleán faoi spéir!

Is éard atá i gceist le meáchan, ar an lámh eile, ná éifeacht na domhantarraingthe. Is é an meáchan a choinníonn ar chlár talún muid agus bíonn sé seasta ag iarraidh an t-aerárthach a tharraingt anuas. Ionas gur féidir leis an eitleán éirí ón talamh, ní mór don ardú an ceann is fearr a fháil ar an bhfórsa sin. Nuair a bhíonn an dá fhórsa cothrom le chéile, bíonn an t-eitleán in ann fanacht ar a chonair féin sa spéir.

eitleán

Ansin tagann an sá, fórsa arb iad na hinnill is cúis leis. Cibé acu an scairdinneall callánach nó lián roithleánach atá i gceist, brúnn an sá an t-aerárthach chun tosaigh tríd an aer. Murach luas a bheith faoi eitleán ní fhéadfadh na sciatháin é a ardú.

Go bunúsach, is ionann an fórsa deiridh, an chúltarraingt, agus friotaíocht aeir. Sin í an fhrithchuimilt nádúrtha a dhéanann iarracht an t-eitleán a mhoilliú. Caitheann innealtóirí blianta ag dearadh cruthanna sleamhna agus dromchlaí míne chun an t-ardú is mó is féidir a bhaint amach agus chun an chúltarraingt a laghdú a oiread is féidir, ionas gur féidir le haerárthaí gluaiseacht go héifeachtúil agus breosla a chaomhnú – agus tá EASA anseo i gcomhair an phróisis deimhniúcháin ar fad.

An chaoi a dtagann sé go léir le chéile

Tá a chuspóir féin ag gach páirt d’aerárthach. Bíonn na hailearáin gar do ghoba na sciathán agus cabhraíonn siad leis an eitleán casadh ar chlé nó ar dheis. Úsáidtear an rialtán airde ar cúl an eitleáin chun an soc a chlaonadh i dtreo an spéir nó na talún, ionas gur féidir dreapadh agus ísliú an aerárthaigh a rialú. Úsáidtear an stiúir, atá ceangailte leis an eite ingearach, chun an t-eitleán a chasadh ó thaobh go taobh. Agus iad ag obair le chéile, cuireann siadsan ar chumas an phíolóta a bhealach a dhéanamh go sábháilte tríd an spéir agus cloí go beacht lena chonair eitilte.

Bíonn aerárthaí nua-aimseartha ag brath ar theicneolaíocht úrscothach freisin ionas go n-oibreoidh na gnéithe sin go léir le chéile mar is cóir. Déanann ríomhairí monatóireacht leanúnach ar dhálaí eitilte agus déanann siad micreachoigeartú níos tapa ná mar a d’fhéadfadh aon duine a dhéanamh. Déantar na sciatháin a dhearadh sa chaoi agus gur féidir leo lúbadh in aer suaite, ionas go ndéanann siad cuid den fhuinneamh ón sreabhadh suaite aeir a ionsú. Leis sin, coinnítear an t-aistear chomh socair agus is féidir.

Ar ais chuig na bunghnéithe

In ainneoin na teicneolaíochta go léir, níor tháinig aon athrú ar fhisic na heitilte ón uair a thug na deartháireacha Wright faoin spéir den chéad uair in 1903. Is cuma cé acu atá faoileoir ar shíob mhall os cionn cnoic nó aerárthach tráchtála ag trasnú tíre, is ar na prionsabail chéanna a bhíonn siad ag brath. Ní mór don ardú agus an meáchan a bheith i gcothromaíocht agus ní mór don sá an chúltarraingt a shárú. 

eitleán

Is é an rud iontach faoin eitilt ná go mbíonn an chuma uirthi nach bhfuil stró ar bith i gceist léi. Agus tú ag breathnú ar eitleán ón talamh, cheapfá gur ar foluain atá sé, ach má dhéanann tú scrúdú air is sárléiriú ar phrionsabail na fisice é.

Mar sin, an chéad uair eile a bheidh tú ar eitleán, ag breathnú amach an fhuinneog agus an domhan ag éalú uait, smaoinigh ar feadh seal ar an méid atá ag tarlú i ndáiríre. Gach soicind, tá fórsaí na fisice i gcothromaíocht bheacht thart timpeall ort. Tá na sciatháin ag gearradh tríd an aer, tá na hinnill do do bhrú chun cinn, agus tá na píolótaí agus an fhoireann cábáin do do choinneáil slán sábháilte.

Nuashonraithe is déanaí:
25 Mar 2026