Seirbhísí Leighis Éigeandála le hAerárthaí atá in ann Éirí de Thalamh agus Tuirlingt go hIngearach

THIS PAGE IS ALSO AVAILABLE IN:

I gcomhar le tiomáint leictreach nó cineálacha eile tiomána nuálaí, VTOL EMStá sé d’acmhainn ag aerárthaí atá in ann Éirí de Thalamh agus Tuirlingt go hIngearach (VTOL) lorg comhshaoil na heitlíochta a laghdú ó thaobh astaíochtaí agus torainn de. Tá siad á mholadh chun dul i ngleic le roinnt dúshlán atá roimh thimpeallachtaí uirbeacha, lena n-áirítear cúram a chur ar fáil do dhaoine atá breoite nó gortaithe. 

Go traidisiúnta, bhíothas ag brath ar Sheirbhísí Leighis Éigeandála le héileacaptair (HEMS) agus le heitleáin (AEMS) chun cóireáil leighis san aer a chur ar fáil. D’fhéadfaí é sin a fhorlíonadh go luath le haerárthaí VTOL – rud lena ndéantar eitiltí le haghaidh misin leighis i limistéir uirbeacha, dá ngairtear VEMS.

In 2019, chuir EASA sraith ceisteanna ar shaoránaigh chun a fháil amach conas a rangóidís seirbhísí leighis féideartha de réir a n-úsáideachta, agus fuarthas amach an méid seo a leanas:

Aerárthaí VTOL liachtaDaoine gortaithe a chur chuig an ospidéal
Is féidir le haeraistriú saoránach atá breoite nó gortaithe, in ionad iad a iompar de bhóthar in otharchairr, an t-am iompair a laghdú. Ar an gcaoi sin d’fhéadfaí go gceadófaí iompar nach bhfuil chomh guaiseach céanna agus go seachnófaí gortuithe breise chomh maith.

Drón ag iompar trealamh leighisSoláthairtí leighis a sheachadadh le hAerárthaí VTOL agus le Córais Aerárthaí Gan Foireann (UAS)
Nuair a bhíonn soláthairtí leighis ag teastáil, bíonn an t-am fíorthábhachtach. 
D’fhéadfaí trealamh leighis nó orgáin a iompar ag ráta atá thart ar 73 faoin gcéad ní ba thapúla le UAS ná le hotharcharr, bunaithe ar shampla de thuras i mBeirlín tráthnóna Déardaoin, le linn an bhuaicthrátha tráchta.

picteagraim ina léirítear pearsanra liachtaPearsanra liachta éigeandála a iompar
Trí dhochtúir, paraimhíochaineoir, nó altra speisialaithe a iompar san aer chuig an láthair thimpiste nó chuig duine atá an-bhreoite, is féidir garchabhair thapa a thabhairt agus leas iomlán á bhaint as acmhainní, fiú má iompraítear de bhóthar iad in otharcharr sa deireadh. 
 
Aerárthach VTOL i mbun duine a tharrtháilBainistiú tubaiste ag baint úsáid as aerárthaí VTOL agus UAS
I gcás tubaistí nádúrtha agus cineálacha eile ollteagmhas taismeach, d’fhéadfadh aerárthaí VTOL cabhrú le pearsanra agus le trealamh a thabhairt chuig an láthair, go háirithe mura mbíonn bóithre inrochtana. Is féidir leo ról tacaíochta a ghlacadh freisin, mar shampla i ngníomhaíochtaí Cuardaigh agus Tarrthála nó i suirbhé láithreach.

 

Cóireáil leighis ceart san aer nuair a bhíonn gá leis

Tugann tarrtháil aeir agus cóireáil leighis aeir le haerárthaí VTOL deis d’fhoirne leighis a gcuid misean a chur i gcrích i limistéir dhlúthdhaonra. Tá molta ag EASA dearadh ingearfoirt ina bhféadfadh aerárthaí den sórt sin tuirlingt. Tá sé níos fusa na hingearfoirt sin a chomhtháthú i láir cathrach, agus úsáid á baint as láithreacha ní hamháin ar bharr foirgnimh arda, ach freisin i limistéir ainmnithe eile ina bhféadfadh cúnamh a bheith ag teastáil.

  • Féach ár n-alt maidir le hingearfoirt chun a fháil amach cad iad na riachtanais is gá a chomhlíonadh agus cad iad na gnéithe oibríochtúla a bheadh le cur san áireamh.

 

Cén fáth aerárthach VTOL a úsáid le haghaidh seirbhísí leighis éigeandála (EMS)? 

 Tá cúig phríomhchúis ag gabháil le haerárthach VTOL a úsáid in EMS:

féachAm freagartha níos tapúla: D’fhéadfadh aerárthaí VTOL cabhrú leis an am freagartha a ghearradh siar (ón nóiméad a dhéantar glao ar chabhair go dtí an t-am a shroicheann pearsanra liachta an láthair) más féidir iad a sheoladh ó mhoil in aice láimhe.

torannTorann: Cuirtear i bhfios go láidir i staidéir go bhfuil sé d’acmhainn ag aerárthaí VTOL níos lú torainn a chruthú.

inbhuanaitheachtInbhuanaitheacht: D’fhéadfadh astaíochtaí ní b’ísle a bheith i gceist le haerárthach leictreach.

 

feidhmíocht

Uathoibriú: D’fhéadfadh an t-uathoibriú é a dhéanamh i bhfad níos fusa aerárthach VTOL a chur ag eitilt. Níl sé beartaithe iad a fheidhmiú mar aerárthaí uathrialaitheacha ar dtús; ina ionad sin beidh píolótaí i gceannas iontu agus ardchórais rialaithe eitilte i bhfeidhm iontu freisin.

inacmhainneacht

Inacmhainneacht: Cé gur aerárthaí sofaisticiúla agus sábháilte iad aerárthaí VTOL, táthar ag súil nach mbeidh sé chomh casta céanna ón taobh meicniúil de ná aerárthaí a úsáidtear go traidisiúnta le haghaidh EMS a chur ar fáil. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh ceannach aerárthaí den sórt sin agus an chothabháil lena n-áirithítear a bhfeidhmiú sábháilte leanúnach a bheith níos inacmhainne.

 

Dúshláin amach romhainn le haghaidh seirbhísí leighis éigeandála a chur ar fáil le haerárthaí VTOL

Ní hionann aerárthaí VTOL a úsáid mar thacsaithe aeir agus iad a úsáid le haghaidh seirbhísí leighis éigeandála – rud a chiallaíonn go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar roinnt saincheisteanna breise chun é sin a dhéanamh indéanta. Seo a leanas roinnt de na dúshláin:

aerárthaí ar a mbíonn criú ar bordCriú nó ‘Pálasta’
Murab ionann agus tacsaí aeir a bheidh á fheidhmiú ag píolóta amháin, bíonn gá le ball foirne breise ar bord le haghaidh oibríocht EMS. Ní mór a bheith mar bhaill den chriú:

  • Píolóta, ag a bhfuil roinnt eolais leighis freisin
  • Dochtúir, paraimhíochaineoir, nó altra speisialaithe a d’fhéadfadh a bheith ina mball foirne teicniúil san am céanna, más gá

Is ionann sin agus go bhféadfaí go mbeadh ar aerárthach VTOL tuilleadh meáchain a iompar agus a bheith níos mó, i gcomparáid le tacsaithe aeir aonphaisinéara, chun an trealamh leighis a iompar freisin. 

feidhmíochtFeidhmíocht
Imeoidh aerárthach VTOL ó bhonn oibriúcháin VEMS agus ní mór raon leordhóthanach a bheith aige chun a gcuid misean a chur i gcrích.  Moltar 150 km i staidéar i gcomhthéacs chóras EMS na Gearmáine (REF) mar raon íosta úsáideach.
Thairis sin, beidh gá le dóthain breosla a bheith ar bord aerárthach VTOL le haghaidh roinnt éirí de thalamh agus roinnt tuirlingtí, arb iad na céimeanna is déine den eitilt ó thaobh cumhachta de, de ghnáth. 
 
Infhaighteacht 24/7Infhaighteacht aerárthaí
Chun úsáideacht an aerárthaigh a uasmhéadú, ba cheart go mbeadh sé in ann eitilt:

  • 24/7, de lá agus d’oíche, agus ní mór trealamh frithdhallta leordhóthanach a bheith acu. I ngach cineál aimsire, mar shampla báisteach, sneachta, séideáin, etc.
  • Tuirlingt agus éirí de thalamh ó láithreáin anaithnide/neamhthuartha, lena n-áirítear limistéir theoranta, agus feidhmíocht, méid, tír-raon agus bacainní an aerárthaigh á gcur san áireamh. 

 

EASA agus an Coimisiún Eorpach ar thús cadhnaíochta

Tá an Eoraip ar thús cadhnaíochta i gcomhthéacs domhanda maidir le creat rialála a chruthú lena chinntiú gur féidir leis an aerárthach VTOL na misin atá beartaithe aige a chur i gcrích go sábháilte. Bhí EASA agus an Coimisiún Eorpach ar na chéad údaráis a thug isteachCeanncheathrú EASA ar thaobh na láimhe clé agus an Coimisiún Eorpach ar thaobh na láimhe deise ceanglais theicniúla agus rialacha oibríochtúla do mhonaróirí, d’oibreoirí, do phíolótaí agus do dhearthóirí bonneagair chun an fhís sin a chumasú.

Trí rialacha a leagan síos, cuirfear ar chumas na monaróirí agus an tionscail infheistíocht a dhéanamh sa teicneolaíocht nua seo a rachaidh chun tairbhe saoránach agus othar.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin méid atá déanta go dtí seo, féach ar EASA Pro – áit ar chumhdaíodh é sin i bpreasráiteas (i mBéarla amháin).

Bí ar an eolas agus fan cothrom le dáta – lean EASA Light

Roinnfidh EASA an t-eolas is déanaí maidir le haerárthaí VTOL, ingearfoirt agus forbairtí atá ábhartha do shaoránaigh agus do phaisinéirí araon. Féach ár n-ailt maidir le haerárthaí VTOL agus dróin i measc an-chuid eile ar EASA Light.

Cruthaigh cuntas agus lean sinn ar EASA Light chun fanacht cothrom le dáta!